Seolann an tAire Hackett sraith nua Siúlóidí Feirme Taispeána Orgánaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an Seanadóir Pippa Hackett, an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an chéad cheann de shraith siúlóidí feirme taispeána orgánaí d’fheirmeoirí ar fud na tíre. Maoinithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus eagraithe ag Teagasc, taispeánfaidh na siúlóidí seo oibreoirí orgánacha a bhfuil ag éirí leo i raon leathan fiontar orgánach. Clúdaíonn na feirmeacha atá ag óstáil na siúlóidí na hearnálacha mairteola, gránaigh, gairneoireachta, déiríochta, caorach agus éanlaithe agus leagfaidh siad béim freisin ar dheiseanna díola díreacha.
Ag labhairt dó ar fheirm orgánach Theaghlach Whitty, Bhaile Uí Dhonnagáin, Ros Mhic Thriúin, Co Loch Garman, dúirt an tAire Hackett,
“Tá ríméad orm a bheith anseo ar fheirm orgánach an Teaghlaigh Whitty, chun clár nua Siúlóidí Feirme Taispeána Orgánaí a sheoladh. Is mór an tairbhe iad seo chun cabhrú le feirmeoirí eile foghlaim óna gcomhghleacaithe agus mholfainn do gach feirmeoir, bíodh sé orgánach cheana féin nó díreach ag smaoineamh air cuairt a thabhairt ar cheann acu seo sna míonna amach romhainn.
Thug an tAire breac-chuntas ar an tiomantas sa Chlár Rialtais reatha chun achar talún orgánach na hÉireann a chur ar chomhréim le meán reatha an AE sin thart ar 7.5% thar shaolré an Rialtais seo agus dúirt sí
“Táim an-sásta go bhfuil méadú suntasach €5 milliún faighte agam sa bhuiséad le haghaidh feirmeoireachta orgánaí do 2022. Ciallaíonn an méadú seo gur féidir liom a dhearbhú go n-athosclófar an Scéim Feirmeoireachta Orgánach d’iarratasóirí nua i mí Eanáir seo chugainn. Idir seo agus ansin beidh mé ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir chun a chinntiú go mbeidh an fhaisnéis uile atá ar fáil ag feirmeoir ar bith atá ag smaoineamh ar bheith páirteach sa scéim chun ligean dó rogha eolasach a dhéanamh."
Dúirt an tAire leis go bhfuil scéimeanna le haghaidh tacaíochtaí orgánacha eile oscailte faoi láthair - tá Sciar nua chun iarratais a fháil faoin Scéim Deontais Infheistíochta um Phróiseáil Orgánach oscailte anois agus dúnfaidh sí an 31 Eanáir 2022. Tugadh breac-chuntas freisin go bhfuil an Sciar reatha faoin Infheistíocht Chaipitil Orgánach oscailte agus is é an dáta deiridh ná an 14 Eanáir 2022.
Thug an tAire Hackett aitheantas don obair atá déanta ag Teagasc agus thug sí an chreidiúint maidir leis an gcláir feirme taispeána orgánaí, “don eolas agus an saineolas a sholáthraíonn siad leis na siúlóidí seo." Ghabh an tAire buíochas le Joe agus Alicia Whitty as a bhfáilte agus a dtoilteanas a gcuid saineolais agus eolais a roinnt le feirmeoirí eile.
CRÍOCH