Seolann an tAire Hackett sraith Ráitis COFORD maidir le Foraois agus a ról chun athrú aeráide a mhaolú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
-Cuirtear eolas ar fáil sna ráitis ar ról foraoise chun carbón a bhaint ón atmaisféar
-Béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé go gcinntítear go mbíonn foraois athléimneach in aeráid atá ag athrú
-Mar fhreagairt, leagann an tAire béim ar ról adhmaid sa tógáil mar stóras carbóin
-Iarrtar ar ailtirí agus ar an tionscal tógála ‘Smaoinigh faoi Adhmad’
Sheol an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, le freagracht as foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett, sraith Ráitis COFORD inniu a chuireann fíricí agus eolaíocht ar fáil ar ról tábhachtach foraoise agus táirgí adhmaid chun athrú aeráide a mhaolú.
Agus fáilte á cur aici roimh an bhfoilseachán, a d’ullmhaigh baill de Ghrúpa Oibre um Athrú Aeráide agus Foraois Chomhairle COFORD, dúirt an tAire:
"Cuirtear na Ráitis COFORD seo ar fhoraois in iúl go maith, agus anuas ar bheith tráthúil, agus mar gheall gur foilsíodh iad i gcomhthráth le foilsiú an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 agus leis an bplé leanúnach ag an gComhdháil Aeráide i nGlaschú, áit a bhfuilim le cúpla lá anuas. Tá orainn baint dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar a mhéadú go suntasach agus neodracht aeráide a bhaint amach faoin mbliain 2050. Tá ról mór le glacadh ag foraois agus coillearnach anseo. Cuirtear tús leis seo trí níos mó crann a chur sa talamh agus táim ag oibriú le gach páirtí leasmhar lena chinntiú gur féidir linn ár rátaí foraoisithe a mhéadú agus a chinntiú gur féidir an gníomhú seo ar son na haeráide atá bunaithe ar an dúlra ina ndéantar crainn a chur, a bhaint amach"
"Tá comh-shaineolas réimse fairsing eagraíochtaí a oibríonn ar roinnt Grúpaí Oibre Chomhairle Comhairle cuimsithe sa tsraith ráiteas. Cuimsítear trí limistéar fhairsinge sna ráitis seo, lena mbaineann foraois agus aeráid, na tionchair ar fhoraois agus ról tábhachtach táirgí adhmaid. Tugtar san eolas mionsonraithe réimse fíricí fianaisebhunaithe a chuireann eolas ar fáil do dhíospóireacht phoiblí ar fhoraois agus ar adhmad sna blianta amach romhainn. Cé go dtuigeann go leor daoine ról foraoise chun carbón a bhaint den atmaisféar, is tráthúil go bhfuil feasacht á múscailt ar an tábhacht a bhaineann le hadhmad a úsáid. Tugtar cuntas sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2021 a foilsíodh le déanaí ar thábhacht na timpeallachta tógtha agus le hábhair in-athnuaite a úsáid i bhfoirgnimh na todhchaí. Is féidir le hadhmad an uaillmhian seo a bhaint amach gan stró".
Ag trácht di ar thábhacht an adhmaid, dúirt an tAire freisin:
"Cuireann an tsraith moltaí a dtugtar cuntas orthu sna ráitis seo dúshlán romhainn go léir - idir an tionscal agus an lucht déanta - a bheith uaillmhianach agus an deis le haghaidh athrú a thapú. Tá uaim go dtugaimid aghaidh ar an dúshlán sin. Is soiléir go bhfuil deiseanna ollmhóra ann leis an méid adhmaid a úsáidtear i dtithe a mhéadú go suntasach agus le machnamh a dhéanamh ar fhoirgnimh níos airde a thógáil a úsáideann táirgí adhmaid a ndearnadh innealtóireacht orthu, cosúil le adhmad traslannaithe. Mar sin, táim ag iarraidh ar ár n-ailtirí agus á dtógálaithe ‘bí ag smaoineamh ar adhmad’. Tá méaduithe móra ar thógáil tithe á bpleanáil againn. Creidim gur gá dúinn a chinntiú go nglacann ár dtionscal adhmaid páirt mhór ann. Leagtar amach in “Tithíocht do Chách: Plean Tithíochta nua d’Éirinn”, a foilsíodh le déanaí, an méid tithe is gá a thógáil a fhaide le 2030. Chun an méadú seo ar thithe a thógáil a bhaint amach, is gá dhá oiread an adhmaid a shaothrú ónár bhforaois náisiúnta i rith na tréimhse céanna ama. Deiseanna iad seo is gá dúinn a thapú agus a fhiosrú níos mó, agus táim ag tnúth le labhairt le mo chomhghleacaí comh-aireachta, an tAire Darragh O’Brien ag an Roinn Tithíochta agus Rialtas Áitiúil faoin eolas go léir atá i Ráitis COFORD, mar gheall go gcuirtear ar fáil iontu bonn le haghaidh plé agus go gcuireann siad le bearta a dtugtar cuntas orthu i gComhaontú Glas an AE agus i Straitéis Foraoise nua an AE.”
Chuir an Dr Eugene fáilte roimh an tsraith Ráiteas thar ceann Chomhairle COFORD, ar tionscnamh nua na Comhairle é agus a bhfuil mar chuspóir aige ceangal a dhéanamh idir an eolaíocht agus beartas. D’aithin sé obair dhian Ghrúpa Oibre Foraoise agus Aeráide COFORD, a d’oibrigh as lámh a chéile leis na ráitis seo a chur faoi bhráid an Aire agus moltaí a dhéanamh ar bheartas. Is é ról Chomhairle COFORD comhairle a chur ar an Aire ar phríomhlimistéir bheartais agus tugtar aghaidh sna ráitis seo ar an sainordú sin a bhaint amach.
Dúirt sé,
“Tugtar cuntas soiléir i Ráitis COFORD ar an tábhacht a bhaineann le foraoisiú a mhéadú go mór os cionn na leibhéal reatha agus ar an tábhacht a bhaineann le táirgí adhmaid chun dícharbónú ár ngeilleagair a bhaint amach. Tá an Chomhairle ag tnúth le hoibriú leis an Roinn agus an earnáil foraoise maidir leis na moltaí a dtugtar cuntas orthu sna ráitis seo, a imreoidh tionchar suntasach, má chuirtear i bhfeidhm iad, ar Éirinn i dtaobh a gealltanais maidir le hathrú aeráide a shásamh.”
Nótaí don eagarthóir:
• Comhlacht é Comhairle COFORD a cheap an tAire Stáit Talmhaíochta, Bia agus Mara chun comhairle a chur ar an Aire agus an Roinn maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an earnáil foraoise in Éirinn a fhorbairt. Ceapann an tAire Stáit an bhallraíocht agus tá páirtithe leasmhara ann ó áiteanna ar fud na hearnála foraoise agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ann.
• Is féidir Sraith Ráitis COFORD maidir le Foraois agus táirgí adhmaid, agus a dtábhacht i dtaobh mhaolú an athraithe aeráide a íoslódáil ó láithreán gréasáin COFORD www.coford.ie