Seolann an tAire McConalogue an BEEP-S nua ar fiú €40 milliún é
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD, in iúl d’fheirmeoirí agus do chomhairleoirí inniu gur osclaíodh an Clár Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola - Ba Diúil (BEEP-S) faoin gClár Píolótach Éifeachtúlachta na hEarnála Mairteola inniu an 16 Márta 2021. Is féidir iarratais ar an scéim a thaisceadh trí agfood.ie agus is é Dé Luain an 26 Aibreán an dáta deiridh.
BEEP-S
Tá soláthar maoinithe €40 milliún ag BEEP (S) in 2021 agus díríonn sé ar éifeachtúlacht scoitheadh na mbó diúil agus na laonna trí bheomheáchan an lao tráth an scoite a thomhas mar chéatadán de bheomheachán na bó. Mar aitheantas ar an ról ríthábhachtach atá ag sláinte agus leas ainmhithe in éifeachtúlacht eacnamaíoch agus chomhshaoil, is féidir le hiarratasóirí ar an scéim roghnú as roinnt beart roghnach sláinte agus leasa lena n-áirítear beathú mine nó vacsaíniú laonna scoite agus/nó tástáil uibhe faecach na mbó diúil.
Dúirt an tAire McConalogue,
“tógann scéim 2021 BEEP-S ar rath na scéime in 2020 inar íocadh €40.46 milliún go dtí seo le 24,430 rannpháirtí."
Thug sé le fios go bhféadfadh rannpháirtithe a bheith incháilithe le haghaidh suas le €90 don chéad 10 bpéire bó/lao diúil in aghaidh an tréada agus suas le €80 an péire ina dhiaidh sin faoi réir uasmhéid foriomlán 100 péire in aghaidh an tréada, má dhéantar iarratas ar gach gníomh faoin scéim agus má chuirtear i gcrích ina n-iomláine iad de réir théarmaí agus choinníollacha na scéime.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is é BEEP-S an tacaíocht is déanaí i líne tacaíochtaí atá curtha i bhfeidhm agam dár bhfeirmeoirí bó diúil agus mairteola.
“Fuair mé €85 milliún i mBuiséad 2021 le haghaidh raon beart chun tacú le feirmeoireacht bó diúil agus mairteola inbhuanaithe. Fuair mé €6 milliún freisin chun ár mairteoil bó diúil a chur chun cinn thar lear agus táimid ag obair ar stádas PGI a fhorbairt do mhairteoil féar-chothaithe na hÉireann. Táim tiomanta do thacaíocht leanúnach ár n-earnálacha bó diúil agus mairteola. Leanann ár bhfeirmeoirí ag táirgeadh táirge den scoth agus cuidíonn an bhó diúil le forbairt eacnamaíoch réigiúnach chothrom a ghiniúint."
Osclaíodh an próiseas iarratais don scéim inniu an 16 Márta 2021 agus fanfaidh sé ar oscailt go dtí Dé Luain an 26 Aibreán 2021. Thug an tAire McConalogue ar aird, cé go maoineoidh státchiste na hÉireann an scéim, go bhfuil mionsonraí na scéime curtha in iúl don Choimisiún Eorpach de réir Chreat Státchabhrach Sealadach COVID-19.
Mheabhraigh an tAire d'fheirmeoirí agus do chomhairleoirí
“go gcaithfear iarratais a dhéanamh ar líne ag agfood.ie agus a chinntiú go bhfuil a n-iarratas curtha isteach i ndáiríre, agus nach stádas “dréacht-iarratas” ar agfood.ie atá acu”.
Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána don scéim seo atá maoinithe ag an Státchiste ar fáil ag www.gov.ie/en/service/a52418-beef-environmental-efficiency-pilot-beep/
Nótaí don Eagarthóir:
Is é cuspóir an Chláir Éifeachtúlachta Comhshaoil Mairteola - Ba Diúil (BEEP-S) éifeachtúlacht eacnamaíoch agus chomhshaoil sa tréad diúil a mhéadú tuilleadh trí fheabhas a chur ar chainníocht agus ar cháilíocht na sonraí feidhmíochta a bhailítear. Déanfar é seo tríd an tacar sonraí tréada náisiúnta le haghaidh meastóireachtaí géiniteacha a fheabhsú, d’fhonn tacú le glacadh an chleachtais is fearr agus cinnteoireacht níos eolasaí ar leibhéal na feirme. Díreoidh an Clár ar éifeachtúlacht scoitheadh bó agus laonna diúil trí bheomheáchain na bó agus sleachta a bhailiú i dtréad gach rannpháirtí; feabhas a chur ar leas laonna diúil ag am scoite; agus leith uisce a rialú i mba diúil fásta.
CRÍOCH