Seolann an tAire McConalogue an Clár Deontais um Leas Ainmhithe do Charthanas Cláraithe Ainmnithe don bhliain 2022
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu gur seoladh an Clár Deontais um Leas Ainmhithe do Charthanas Cláraithe Ainmnithe don bhliain 2022, a thugann cuireadh d’iarratais ó charthanas cláraithe ainmhithe a chuireann seirbhísí leasa ainmhithe ar fáil in Éirinn ar mian leo go gcuirtear san áireamh iad do chistiú in 2022.
Dúirt an tAire an méid seo a leanas agus an próiseas iarratais á sheoladh aige:
“Tugaimse agus an Rialtas seo tús áite do leas ainmhithe, agus tá gliondar croí orm a fhógairt gur osclaíodh an próiseas iarratais do charthanas leasa ainmhithe chun deontais a fháil ó mo Roinn chun tacú lena n-obair fhiúntach. Tá earnáil dheonach láidir ghníomhach in Éirinn atá tiomnaithe do leas ainmhithe, agus is mian liom a n-iarrachtaí a aithint.
“Oibríonn oifigigh ó mo Roinn go dlúth le go leor díobh gach lá agus tuigtear dóibh a ndúthracht agus a dtiomantas do chosc a chur ar shaincheisteanna leasa ainmhithe a chosc agus ainmhithe a tugadh suas, a tréigeadh agus atá i mbaol a chosaint agus aire a thabhairt dóibh.
“Tá gealltanas i gClár an Rialtais chun cistiú breise a sholáthar chun tacú le leas ainmhithe arís i mbliana agus táim go hiomlán tiomanta dó seo. Bhronn mé an leibhéal ba mhó riamh de chúnamh beagnach €3.8 milliún ar 98 eagraíocht leasa ainmhithe i mí na Nollag an bhliain seo caite a thit amach ar chéad Lá Feasachta ar Leas Ainmhithe na hÉireann.
“Léirigh an cistiú seo d’eagraíochtaí leasa ainmhithe mo thiomantas leanúnach féin agus tiomantas leanúnach an Rialtais do leas ainmhithe agus d’aithin sé an ról tábhachtach a ghlacann eagraíochtaí leasa ainmhithe. Glacann na heagraíochtaí seo le ról thar a bheith ríthábhachtach i dtaobh a chinntiú go dtugtar aire dár n-ainmhithe agus go gcosnaítear iad. Obair thúslíne é seo ar féidir linn go léir a bheith bródúil as.”
Tá sonraí breise, Foirm Iarratais san áireamh, ar fáil ag: Funding to Animal Welfare Organisations
Tá foirmeacha iarratais ar fáil chomh maith ar ríomhphost ó: welfaregrants@agriculture.gov.ie
caithfidh na hiarratasóirí go léir a bheith cláraithe leis an Rialálaí Carthanas.
Tugtar cuireadh d’iarratasóirí iarratais a sheoladh chuig: welfaregrants@agriculture.gov.ie
Is é an dáta deiridh chun foirmeacha iarratais líonta a fháil an 01 Iúil 2022.