Seolann an tAire McConalogue an Scéim Dreasachta Curaíochta mar chuid de phacáiste tacaíochta na Roinne ar fiú €12 mhilliún é
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag leanúint ón bpacáiste beart a fógraíodh an tseachtain seo caite chun tacaíocht a chur ar fáil d'fheirmeoirí na hÉireann, sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., an Scéim Dreasachta Curaíochta.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Mar chuid dár bhfreagairt ar na méaduithe costais atá roimh fheirmeoirí na hÉireann faoi láthair, tá áthas orm an Scéim Dreasachta Curaíochta a sheoladh. Tá sé mar aidhm ag an Scéim Dreasachta Curaíochta tacú le feirmeoirí níos mó barr curaíochta a fhás in 2022, chun spleáchas na hÉireann ar ábhar beatha allmhairithe a laghdú. Táimid tar éis gníomhú go tapa chun an pacáiste seo a chur i bhfeidhm agus táim buíoch de mo Roinn agus de gach duine san earnáil as a bheith ag obair go crua chun é a sheachadadh."
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is ionann buiséad na Scéime Dreasachta Curaíochta agus €10 milliún agus tá ráta íocaíochta beartaithe de €400 in aghaidh an heicteáir. Léiríonn an íocaíocht seo ranníocaíocht i leith an mhéadaithe ar an gcostas a bhaineann le barra a fhás in 2022."
Ba cheart d’fheirmeoirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an Scéim Dreasachta Curaíochta na barraí incháilithe a dhearbhú ar a n-iarratas ar www.agfood.ie faoin dáta deiridh, an 16Bealtaine 2022.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Molaim d'fheirmeoirí an Scéim Dreasachta Curaíochta a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh acu faoi bharra atá le cur sna laethanta agus seachtainí amach romhainn. Meabhraím d'fheirmeoirí freisin gurb iad na barra a dhearbhaítear ar a n-iarratas ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2022 a bheidh mar bhonn le dul isteach sa scéim agus le haon íocaíochtaí amach anseo faoin scéim”.
Dheimhnigh an Roinn go bhfuil bailchríoch á cur aici ar an mBeart Sadhlais Seamair Dheirg a fógraíodh mar chuid de phacáiste na seachtaine seo caite freisin. Leanfaidh tuilleadh sonraí faoin mbeart sin go luath.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue,
“Tá áthas orm freisin maolú a fhógairt d'fheirmeoirí maidir leis an riail um éagsúlú barr faoin Scéim Glasaithe do 2022. Cuirfidh an t-athrú seo an tsolúbthacht is mó ar fáil d'fheirmeoirí maidir lena gcinntí plandála."
Tá tuilleadh faisnéise lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha agus Ceisteanna Coitianta ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Tillage Incentive Scheme
Nótaí don Eagarthóir:
• Scéim Dreasachta Curaíochta chun feirmeoirí a dhreasú chun barra curaíochta breise a fhás. Is foinsí suntasacha d'onnmhairí arbhair ar fud an domhain iad an Rúis agus an Úcráin, mar sin tá tionchar ag an staid san Úcráin agus ag na smachtbhannaí ar an Rúis ar phraghas agus ar infhaighteacht na ngránach ar fud an domhain.
• Tá sé beartaithe spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí níos mó barr curaíochta a fhás (m.sh. eorna, coirce, cruithneacht) in 2022 i gcomparáid le 2021.
• Ionas go mbeidh limistéar na mbarr incháilithe, ní mór go raibh an talamh faoi fhéarach in 2021.
• Ba cheart d'fheirmeoirí na barra ábhartha a dhearbhú ar a n-iarratas BPS 2022 mar aon lena dtalamh eile go léir do 2022 ar an ngnáthbhealach.
• Bunaithe ar na barra a dearbhaíodh ar iarratas BPS 2022, scríobhfaidh an Roinn chuig feirmeoirí incháilithe i mí an Mheithimh 2022.