Seolann an tAire McConalogue Scéim Tacaíochta Farae ar fiú €56 mhilliún í
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag leanúint ón bpacáiste beart a fógraíodh le míonna beaga anuas chun tacaíocht a chur ar fáil d'fheirmeoirí na hÉireann, sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., Scéim Tacaíochta Farae ar fiú €56 milliún í inniu.
Agus an beart á sheoladh aige, dúirt an tAire McConalogue,
“Is príomhthosaíocht domsa agus don Rialtas freisin é an t-ualach ar ár dteaghlaigh feirme mar thoradh ar an suaitheadh atá déanta ag an gcogadh san Úcráin a mhaolú. Mar fhreagra ar an méadú ar chostais ionchuir talmhaíochta, go háirithe do leasachán ceimiceach agus an tionchar a bheidh aige ar an méid farae a tháirgtear agus a chaomhnófar don gheimhreadh atá le teacht, tá áthas orm an Scéim Tacaíochta Farae a sheoladh inniu. Is scéim ríthábhachtach í seo a chabhróidh le stoic farae a fhás sa tír lena chinntiú go mbeidh stoic dhóthanacha againn don gheimhreadh amach romhainn”.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí stoic thirim, chun níos mó farae (sadhlas agus/nó féar) a fhás don gheimhreadh amach romhainn lena chinntiú nach mbeidh aon fhadhb ag Éirinn maidir le leas ainmhithe sa gheimhreadh agus san earrach amach romhainn. Taispeánann torthaí suirbhé a rinne Teagasc le déanaí nach bhfuil aon leasachán ceimiceach Nítrigine scaipthe ar chor ar bith ag leath d'fheirmeoirí stoic thirim ar a dtalamh sadhlais.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Is é €56 milliún an buiséad don Scéim Tacaíochta Farae le ráta íocaíochta suas le €100 in aghaidh an heicteáir. Cuirfear an scéim i bhfeidhm mar ábhar práinne agus tá súil agam go nglacfaidh feirmeoirí go láidir léi”.
Is é seo an beart tacaíochta is déanaí atá curtha i bhfeidhm ag an Aire d'fheirmeoirí chun dul i ngleic le tionchar an chogaidh san Úcráin ar phraghsanna ionchuir. I mí an Mhárta, seoladh Scéim Dreasachta Curaíochta €12m chun fás barra curaíochta chomh maith le Seamair Dhearg agus Báinseach Ilspeicis a spreagadh. Tá dhá phacáiste tacaíochta ar leith ar fiú €20m iad curtha ar fáil d'earnáil na muc agus tá pacáiste spriocdhírithe ar fiú beagnach €3m é curtha i bhfeidhm don earnáil gairneoireachta agus glasraí.
Cuirfear sonraí na scéime in iúl don Choimisiún Eorpach i gcomhréir leis an gCreat Géarchéime Sealadach (TCF) agus beidh faomhadh na n-iarratas faoin mbeart faoi réir chinneadh an Choimisiúin maidir leis an scéim.
Beidh an córas iarratais don scéim “beo” sna laethanta amach romhainn agus is féidir le feirmeoirí ar mian leo iarratas a dhéanamh é sin a dhéanamh iad féin nó trína gcomhairleoir suas go dtí an 2 Lúnasa 2022.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue
“Molaim d'fheirmeoirí incháilithe iarratas a dhéanamh in am agus a chinntiú go léann siad Téarmaí agus Coinníollacha na scéime go háirithe go gcaithfear na limistéir arna n-iontráil sa scéim a ghearradh agus a chaomhnú faoin 5 Meán Fómhair 2022”.
Tá sé mar aidhm ag an Scéim spreagadh a thabhairt d'fheirmeoirí, go háirithe feirmeoirí stoic thirim, chun níos mó farae (sadhlas agus/nó féar) a fhás don gheimhreadh amach romhainn lena chinntiú nach mbeidh aon fhadhb againn maidir le leas ainmhithe sa gheimhreadh agus san earrach amach romhainn.
Ní bheidh ach feirmeoirí a bhfuil féarthailte acu incháilithe chun iarratas a dhéanamh agus ní chuirfear aon tacaíocht ar fáil do Sholáthraithe Bainne. Ní bheidh talamh curaíochta ná tailte atá aicmithe mar thalamh de Chatagóir 1 faoin scéim um Limistéir Sriantachta Nádúrtha (ANC) incháilithe le haghaidh tacaíochta.
10 heicteár an t-uaslimistéar incháilithe le haghaidh íocaíochta faoin scéim agus tá uasíocaíocht fhéideartha €1,000 i gceist.
Sa chás go bhfuil ró-éileamh ar an scéim, beidh an ráta íocaíochta in aghaidh an heicteáir níos lú ná €100 in aghaidh an heicteáir. Sa chás seo, laghdóidh an Roinn an ráta íocaíochta do gach heicteár nó coinneoidh sí an ráta €100 in aghaidh an heicteáir ar an gcéad chúpla heicteár agus laghdóidh sí é ar an dara heicteár.
Cuirfear tús leis na híocaíochtaí go déanach i mí na Samhna 2022 nuair a bheidh na cigireachtaí riaracháin, comhlíontachta agus ar an láthair go léir déanta agus déanfar na híocaíochtaí go léir roimh dheireadh 2022.
Tá na bearta cabhrach a fhorbraítear faoi TCF faoi réir na hOibleagáide Neamhghníomhaíochta i gcomhlíonadh Airteagal 108(3) TFEU. Ciallaíonn sé sin nach féidir aon chabhair a dheonú ná a íoc amach roimh fhógra a thabhairt don Choimisiún agus roimh fhormheas an Choimisiúin. I gcomhréir le ceanglais an Chreata, ní rachaidh cabhair fhoriomlán tráth ar bith thar €35,000 in aghaidh an ghnóthais.