Seolann an tAire McConalogue Straitéis Srianta Seadán d’Fheirmeoirí Eallaigh agus Caorach
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., Straitéis Srianta Seadán d’Fheirmeoirí Ba agus Caorach inniu laistigh den tSeirbhís Spriocdhírithe Chomhairleach um Shláinte Ainmhithe (TASAH) faoin PFT 2014-2022 chun tacú le feirmeoirí ina bhfreagairt don dúshlán frithsheadánach.
Luaigh an tAire McConalogue,
‘‘Dúshlán mór í friotaíocht fhrithsheadánach do shláinte ainmhithe sa tír agus is féidir leis tionchar a imirt ar bhrabúsacht feirmeacha. D’aimsigh anailís a rinne Teagasc le déanaí agus a foilsíodh in 2020 leibhéil Friotaíochta do chógais fhrithsheadánacha ar na feirmeacha sa staidéar arb ábhar buartha iad.
Díreoidh clár nua seo an TASAH go sonrach ar shrianta seadán ar fheirmeacha i mbliana. Baineann ríthábhacht le plean struchtúrach srianta seadán a fhorbairt le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán méadaitheach a chruthaíonn friotaíocht fhrithsheadánach. Cuirfidh an beart seo ar chumas feirmeoirí tréidlia ar ar cuireadh sainoiliúint a fhostú, ar chostas ar bith ar an bhfeirmeoir, le comhairle a thabhairt dóibh faoi bhearta srianta seadán ina dtréad. Soláthróidh Sláinte Ainmhithe Éireann (SAÉ) an clár saor in aisce TASAH seo.”
Cuirfidh cistiú an TASAH cuairt ar an bhfeirm agus comhairliúchán tréidliachta ar fáil saor in aisce don fheirmeoir, le comhairle a sholáthar ar shrianadh seadán ag cleachtóir oilte tréidliachta, sampláil uibheacha faecacha agus léirthuiscint san áireamh.
Dúirt an tAire McConalogue,
‘‘Spreagaim gach feirmeoir ba agus caorach clárú leis an tairseach ar láithreán gréasáin SAÉ leis an gcomhairle dea-chleachtais maidir le srianadh seadánach a fháil dá ngabháltais. Baineann ríthábhacht le forbairt friotaíochta frithsheadánaí a laghdú chun tacú le brabúsacht feirme. D’oibrigh an RTBM go dlúth le Coimisiún an AE agus le páirtithe leasmhara le gníomhaíocht seo an TASAH a chur ar bun agus a chur i mbun gnímh. Cabhróidh an beart seo le cóireálacha neamhéifeachtacha a shainaithint, minicíocht chóireálacha a laghdú, sa chás gur cuí, agus an acmhainn a mhéadú chun monatóireacht agus tástáil a dhéanamh mar chuid de phlean sláinte. Tionscnamh é seo a thacóidh le feirmeoirí a chabhróidh le feabhsúcháin a chur chun cinn ar leibhéal sláinte ainmhithe ar bhrabúsacht feirme.”
Tabharfar moltaí maidir le srianadh sonracha seadán d’fheirmeacha aonair d’fheirmeoirí i rith chuairt an tréidlia. Mar gheall nach féidir cógais fhrithsheadánacha a sholáthar ach de bhun oideas tréidliachta ó Mheitheamh i mbliana, sa chás go dteastaíonn na táirgí siúd, is féidir leis an tréidlia comhairliúcháin oideas a sholáthar ag an tráth sin.
Dúirt David Graham, POF, Sláinte Ainmhithe Éireann,
“Tá SAÉ an-sásta bheith ag oibriú leis an RTBM leis an ngníomhaíocht seo a sholáthar, a sholáthraíonn bunús d’fheirmeoirí eallaigh agus caorach idirchaidreamh a dhéanamh lena gcleachtóir tréidliachta maidir le srianadh seadán, a chinntíonn go n-úsáidtear na cógais thábhachtacha go stuama mar chuid de straitéis srianta níos fairsinge lena n-áirítear bearta lena n-éifeachtacht a chothú agus le forbairt friotaíochta a sheachaint.”
Nótaí don Eagarthóir:
Is féidir le feirmeoirí clárú ar líne ón lá inniu ag https://ahiportal.powerappsportals.com/PCFR/ nó labhairt lena gCleachtóir Tréidliachta Príobháideach faoi seach. Beidh an clár ar siúl go dtí an 31 Nollaig 2022. Tá eolas breise ar fáil ar fáil ar láithreán gréasáin SAÉ ag: https://animalhealthireland.ie/programmes/parasite-control/parasite-control-tasah-consult/
Tá eolas breise ar chógais tréidliachta ar fáil ag https://www.gov.ie/en/publication/f7968-veterinary-medicines-and-medicated-feed/
Tá staidéar a rinne Teagasc ar fáil ag https://www.teagasc.ie/media/website/publications/2018/TResearch_Summer_2018-web-14.pdf