Seolann McConalogue agus Hackett Staidéar Píolótach Comhshaoil Feirme ar fiú €5 milliún é
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D, agus an tAire um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, infheistíocht mhór €5 milliún inniu i Staidéar píolótach Comhshaoil Feirme (SCF). Bunóidh an staidéar píolótach seo creat le bunachar sonraí de shonraí bonnlíne a ghiniúint faoi ghnáthóga agus bithéagsúlacht ar leibhéal feirme agus soláthróidh sé an scóip chun fardal de ghnáthóga agus bithéagsúlacht feirme atá ann faoi láthair a chruthú chomh maith le bonnlíne chun díriú ar scéimeanna agus bearta agra-chomhshaoil amach anseo.
Díreofar i gCéim Phíolótach den SCF ar shuirbhéanna ar ghnáthóga ar leibhéal feirme a thabhairt isteach ar thart ar 6,500 feirm. Cuirfidh beart an SCF phíolótaigh eolas tábhachtach ar fáil don fheirmeoir ar an mbithéagsúlachta agus ar na sócmhainní comhshaoil atá ina f(h)eirm féin. Soláthróidh an leibhéal nua seo de shonraí bithéagsúlachta feasacht níos mó don fheirmeoir ar an acmhainn bhithéagsúlachta ar a dtailte agus cabhróidh sé leo a gcleachtais bhainistíochta a shaincheapadh lena chabhrú leo feirmeoireacht a dhéanamh agus aird ar an dúlra.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Táim go mór ar bís faoin SCF nua píolótach seo a thabhairt chun cinn. Creidim gurb é an bhunchloch faoi acmhainn úrnua agus neamhshaothraithe don talmhaíocht in Éirinn. Tá sé bunriachtanach go mbíonn buneolas againn faoi na hacmhainní bithéagsúlachta atá ar ár bhfeirmeacha againn as seo amach. Chun dúshláin na todhchaí a chomhrac, caithfidh gurb eol dúinn, ar an gcéad dul síos, acmhainn na ndúshlán reatha agus tá baint lárnach ag an SCF maidir leis an ré nua seo a bhfuil ár n-aghaidheanna á dtabhairt air. Ó fógraíodh go dtabharfaí an tionscadal píolótach seo isteach i dtosach, rinne mo Roinn oibriú agus soláthar an tionscnaimh thábhachtaigh chomhshaoil seo a chonrú. Déanfaidh Cumann na Sainchomhairleoirí Talmhaíochta (CST) tabhairt isteach na hiarrachta seo suirbhé a chomhordú. Tá comhairleoirí talmhaíochta ag CST fud fad na tíre agus tá taithí shaibhir acu ar sheirbhísí comhairleacha talmhaíochta a sholáthar d’fheirmeoirí agus cuirfidh siad é seo ar fáil don bheart píolótach anuas ar pheirspictíochtaí éiceolaíochta a sholáthar do na suirbhéanna. Táim ag tnúth leis an toradh deiridh a fheiceáil a bheidh ar an méid a sholáthróidh an SCT dár bhfeirmeacha agus feirmeoirí.”
Chuir an tAire Pippa Hackett fáilte freisin roimh an mbeart píolótach agus dúirt sí,
“Táimid i lár géarchéim bhithéagsúlachta, agus mar gheall gurb í talmhaíocht an úsáid is mó a bhaintear as talamh inár dtír, caithfear tús aite a thabhairt do bhunachar sonraí gnéithe bithéagsúlachta agus gnáthóg a bhunú atá ann ar leibhéal feirme. Beifear in ann dul chun cinn mór a dhéanamh ar chleachtais bhainistíochta a bhaineann go sonrach leis an bhfeirm a shaincheapadh tríd an SCT a sholáthar agus cruthóidh é seo tairbhí don fheirmeoir agus don chomhshaol araon. Is iad feirmeoirí feighlithe na bithéagsúlachta sa talmhaíocht, agus cuirfidh an cur chuige seo ar scála feirme oideachas ar fheirmeoirí agus cumasóidh sé iad, agus cuirfidh sé lena n-eolas ar a dtalamh féin chun gur féidir leo na tairbhí comhshaoil agus geilleagracha a bhainfear amach ar scála náisiúnta a uasmhéadú.”
Dúirt Uachtarán CST, Tom Canning,
“Tá ríméid ar CST agus ar a chomhaltaí bheith páirteach sa staidéar píolótach tábhachtach seo, a bheidh fiúntach maidir le todhchaí na hearnála talmhaíochta. Tá CST muiníneach go bhfuil sócmhainní suntasacha comhshaoil in Éirinn faoi láthair, agus a luaithe a dhéantar iad a thaifeadadh, cabhróidh siad go mór lenár dtiomantas dár bhfreagrachtaí Náisiúnta agus AE araon faoi athrú aeráide agus beartais ghaolmhara.
Dúirt sé freisin,
‘Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Aire Hackett agus McConalogue agus CST agus táim ag tnúth le hoibriú go dlúth le gach oifigeach den RTBM atá bainteach sa staidéar seo lena chinntiú go mbíonn an rath air.”
Cuirfear tús le modúl oiliúna an SCT go luath, agus osclófar an beart d’fheirmeoirí i Ráithe 1 2022. Tabharfar faoi shuirbhéanna feirme i rith an earraigh agus an tsamhraidh in 2022.
Nóta d’Eagarthóirí:
Fotheidil Ghrianghraf: Gach Pictiúr (Ó Chlé) Tom Canning, Uachtarán Chumann na Sainchomhairleoirí Talmhaíochta (CST); Charlie McConalogue, TD, an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara; an Seanadóir Pippa Hackett, tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht; Breian Carroll, Ard-Rúnaí CST
Dreasacht don fheirmeoir
Cuirfidh beart Píolótach an SCF fardail ghnáthóg, bhithéagsúlachta agus eolais ar an gcomhshaol ar fáil don fheirmeoir faoina f(h)eirm féin. Tabharfar an t-eolas seo don fheirmeoir mar chuid den ghné aistrithe eolais chun oideachas a chur ar an bhfeirmeoir agus iad a chumasú feirmeoireacht a dhéanamh ar bhealach atá íogair don dúlra ar an bhfeirm aonair.
Uasoiliúint a chur ar chomhairleoirí feirme
Príomhghné i soláthar an SCF a bheidh in uasoiliúint a chur ar chomhairleoirí feirme. Cinnteoidh an clár oiliúna comhshaoil do chomhairleoirí go bhforbraítear acmhainn do leibhéal níos mó d’uaillmhian chomhshaoil a theastaíonn i scéimeanna Bearta Agra-Chomhshaoil-Aeráide (BACA) eile amach anseo. Cuirfear oiliúint ar ghnáthóga agus ar bhithéagsúlacht ar chomhairleoirí chomh maith le scileanna nuashonraithe TF agus léarscáilithe a mbeifear in ann leas a bhaint astu i scéimeanna eile.
An Lucht Déanta Beartas
Cuirfidh beart Píolótach an SCF tús leis an bpróiseas ina bhforbrófar an bunachar sonraí bonnlíne gnáthóg agus bithéagsúlachta ar leibhéal feirme agus ina gcuirfear eolas ar fáil don SCF a thabhairt isteach go náisiúnta amach anseo. Cabhróidh na paraiméadair chomhshaoil le díriú ar chleachtais/bhearta bainistíochta agus comhairle chun tacú le beartas náisiúnta agus AE cosúil leis an gComhbheartas Talmhaíochta (an CBT), an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide, ón bhFeirm go dtí an Forc, na Creat-Treoracha Uisce agus maidir le Níotráit, anuas ar an Straitéis Bithéagsúlachta.
Conas a dhéanfar an clár a oibriú?
Déanfaidh CST an beart Píolótach a bhainistiú agus a sholáthar i gcomhar leis an RTBM. Riarfaidh an RTBM an próiseas iarratais d’fheirmeoirí agus na riachtanais Rangaithe agus Roghnaithe don chlár trí acmhainn ar líne AgFood.ie. Déanfaidh CST oiliúint ar chomhairleoirí a chomhordú agus déanfaidh sé maoirseacht ar phróisis an tsuirbhé allamuigh agus chomhthiomsaithe sonraí.
Cuirfear tús le hoiliúint a chur ar chomhairleoirí feirme go luath. Mar gheall ar shrian séasúrach atá ar an obair shuirbhé allamuigh atá i gceist, is dóchúil go gcuirfear tús le suirbhéanna feirme i Ráithe 2 in 2022. Tar éis go gcríochnófar na suirbhéanna agus go dtiomsófar sonraí, tá súil leis go gcuirfear torthaí agus aschur an tsuirbhé phíolótaigh i Ráithe 4 in 2022.
CRÍOCH