Seolann McConalogue Córas Bainistíochta Faisnéise Dobharshaothraithe (AQUAMIS) ar líne don phobal
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil Céim 1 den Chóras Bainistíochta Faisnéise Dobharshaothraithe (AQUAMIS) úrscothach seolta. Forbraíodh an t-amharcóir ar líne mar chuid de Chéim 1 den tionscadal seo, a fhorbróidh córas bainistíochta faisnéise dobharshaothraithe foriomlán do cheadúnais dobharshaothraithe in Éirinn.
Dúirt an tAire;
“Tá áthas orm tiomantas an Rialtais do chur i bhfeidhm breise mholtaí an Ghrúpa Athbhreithnithe ar Cheadúnais Dobharshaothraithe a sheachadadh. Is é seo an chéad chéim chun ár bpróiseas iarratais ar cheadúnú dobharshaothraithe a dhigitiú. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don sár-obair atá déanta ag an Roinn maidir leis an ngníomhaíocht seo a mhapáil go digiteach agus sraitheanna sonraí ó Fhoras na Mara agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a chomhtháthú. Den chéad uair, cuirfidh an tairseach nuálach seo áis chuardaigh luachmhar ar líne ar fáil do ghníomhaíocht dobharshaothraithe cheadúnaithe atá ar fáil don phobal i gcoitinne agus dár bpáirtithe leasmhara go léir.”
Tabharfaidh an t-amharcóir ar líne deis don phobal rochtain a fháil ar shuíomhanna ceadúnaithe dobharshaothraithe agus faisnéis mhapála trí thairseach phoiblí agus forbraíodh é i gcomhar le Foras na Mara.
Agus é ag labhairt ag an bhfógairt, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Mara, an Dr Paul Connolly;
“Is uirlis dhigiteach thábhachtach í an tAmharcóir Láithreáin Ceadúnaithe Dobharshaothraithe chun bainistíocht an dobharshaothraithe in uiscí mara agus úruiscí na hÉireann a éascú. Cabhróidh an córas le ceadúnú agus bainistiú oibríochtaí dobharshaothraithe ar fud na tíre. Cumasaíonn an feidhmchlár digiteach nua seo sonraí agus faisnéis mhuirí ardchaighdeáin a bheith ar fáil níos éasca do chách, agus tá sé mar chuid de sholáthar seirbhíse Fhoras na Mara don rialtas, don tionscal agus don phobal.”
Is féidir teacht ar an amharcóir ag https://dafm-maps.marine.ie/aquaculture-viewer/
Mhol an tAthbhreithniú Neamhspleách um Cheadúnú Dobharshaothraithe go bhforbrófaí ‘Córas Feidhmithe agus Monatóireachta Dobharshaothraithe' ar thairseach amháin a bheadh comhtháite le tacair sonraí eolaíocha agus teicniúla ó bhunachair shonraí na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) agus Fhoras na Mara (MI). Tá dul chun cinn á dhéanamh ar an moladh seo i bhfoirm AQUAMIS (Córas Bainistíochta Faisnéise Dobharshaothraithe) na Roinne, atá á chur ar aghaidh in dhá chéim.
Is é atá i gceist le Céim 1 de thionscadal AQUAMIS tairseach féachana dobharshaothraithe ar líne don phobal a sheoladh, agus ceadóidh sé freisin d'fhoireann na Roinne iarratais ar cheadúnais dobharshaothraithe a phróiseáil go digiteach trí scáileáin iontrála sonraí laistigh de thairseach gréasáin inmheánach. Is éard a bhí i gceist leis seo ná léarscáiliú digiteach a dhéanamh ar chósta na hÉireann agus tacair sonraí ón NPWS agus ón MI araon a chomhtháthú.
Tá Céim 2 den tionscadal á fhorbairt faoi láthair thar thréimhse 24 mí chun a bheith ina chóras iomlán ar líne agus na sonraí iarratais agus tacaíochta uile á gcur isteach go leictreonach ag an iarratasóir. Déanfar AQUAMIS a chomhtháthú freisin i gcórais Rialtais eile ar nós tairseach ar líne an Chreata Náisiúnta um Pleanáil Mhuirí agus an córas pleanála spásúlachta muirí níos leithne.
Beidh seachadadh AQUAMIS ina ionad ilfhreastail don phróiseas iarratais ar cheadúnas dobharshaothraithe, feabhsóidh sé comhroinnt faisnéise agus laghdófar an t-ualach riaracháin. Den chéad uair, soláthróidh an t-amharcóir rochtain ar an suíomh agus ar na comhordanáidí do ghníomhaíocht dobharshaothraithe cheadúnaithe.