Seolann na hAirí McConalogue agus O’Brien comhairliúchán poiblí ar bhainistíocht fianna
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara; An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien T.D, i gcomhpháirt le chéile, comhairliúchán poiblí nua chun bonn eolais a chur faoin gcéad chéim eile d'fhorbairt na Straitéise Bainistíochta Fianna.
Is é cuspóir an chomhairliúcháin arna chomhordú ag an nGrúpa Straitéise um Bainistíocht Fianna ná tuairimí a bhailiú ar phríomhcheisteanna a bhaineann le bainistíocht fianna in Éirinn, an tionchar a bhíonn ag líon méadaithe fianna ar shaincheisteanna éagsúla amhail foraoiseacht, bithéagsúlacht, sábháilteacht ar bhóithre, sláinte agus leas ainmhithe agus leas na bhfianna féin.
Tá an Grúpa Straitéise Bainistíochta Fianna faoi chathaoirleacht Teddy Cashman agus tionóladh é níos luaithe i mbliana chun leanúint le hobair Fhóram Bainistíochta Fianna na hÉireann (IDMF).
Ag seoladh an chomhairliúcháin dó, dúirt an tAire McConalogue:
“Maidir leis an talmhaíocht agus maidir lenár n-éiceachórais dúlra, tá sé tábhachtach go mbeadh muid ar an eolas faoin ngá atá le bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar ár bpobal náisiúnta fianna. Ina measc seo tá cosaint na bithéagsúlachta, foraoiseacht nua-churtha, féarach agus barra, sábháilteacht ar bhóithre, sláinte ainmhithe, sláinte phoiblí, agus go háirithe sláinte agus leas na bhfianna féin.
“Tá áthas orm go bhfuil an Grúpa Straitéise Bainistíochta Fianna, faoi chathaoirleacht Teddy Cashman, ag cur an obair thábhachtach seo chun cinn le hoifigigh ó mo Roinn, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus le Coillte. Tá ceannaireacht iontach léirithe ag Teddy agus ag an ngrúpa go dtí seo agus tá mé ag súil lena chuid oibre a fheiceáil ag dul chun cinn. Molaim do gach páirtí leasmhar, a bheith cinnte go gcuirfidh daoine aonair, grúpaí nó cumainn a gcuid tuairimí in iúl don chomhairliúchán ionas gur féidir na fianna a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe amach anseo."
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien:
“Is cuid thábhachtach dár n-oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha iad fianna. Tá leas bainte acu le blianta beaga anuas as cosaint faoi na hAchtanna Fiadhúlra agus tá a líon agus a raon ag méadú. Is féidir leis an leathnú seo ar líon na bhfianna dúshláin a chruthú d'úinéirí talún agus don bhithéagsúlacht. Tá go leor gnéithe ag baint le bainistiú fianna in Éirinn agus tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag na páirtithe leasmhara go léir cur leis an bpróiseas. Molann an tAire McConalogue agus mé féin do gach duine a bhfuil spéis acu i bhfianna in Éirinn páirt a ghlacadh sa suirbhé seo.”
Tá Grúpa Straitéise Bainistíochta Fianna ag iarraidh tuairimí na bpáirtithe leasmhara go léir agus é mar aidhm acu straitéis bainistíochta fianna inbhuanaithe agus éifeachtach a chruthú don am i láthair agus don todhchaí.
Is féidir le daoine aonair, grúpaí nó eagraíochtaí ar spéis leo a dtuairimí maidir le bainistíocht fianna in Éirinn a roinnt tríd an suirbhé ar líne atá ar fáil ar láithreán gréasáin Rialtas na hÉireann ag gov.ie - Consultations (www.gov.ie). a chomhlánú. Is é an dáta deiridh d'aighneachtaí ná 5pm, Dé hAoine, an 10 Feabhra 2023.
Tá an suirbhé comhairliúcháin fianna ar fáil ag EUSurvey - Survey (europa.eu).
Tá an Grúpa Straitéise Bainistíochta Fianna faoi chathaoirleacht Teddy Cashman, Uasal, agus tionóladh é níos luaithe i mbliana chun leanúint le hobair Fhóram Bainistíochta Fianna na hÉireann (IDMF).
Cuireadh de chúram ar an ngrúpa straitéis bainistithe fianna inbhuanaithe a fhorbairt d'Éirinn i gcomhairle le páirtithe leasmhara.
Tá oifigigh sa ghrúpa ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ó Coillte.