Seoltar “Fís don Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe”
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
• An tAire McConalogue le chathaoirleacht a dhéanamh ar straitéis cheannródaíoch
• Comhaontaíonn an earnáil agraibhia agus mara Straitéis na hÉireann Fís don Bhia 2030
• Sna deich mbliana atá romhainn beidh Éire ina ceannaire domhanda i dtaca le Córais Bhia Inbhuanaithe
• Beidh an inbhuanaitheacht eacnamaíoch, timpeallachta agus shóisialta i gcroílár na físe seo
• Páirtithe leasmhara atá tiomanta cur le hearnáil atá cliste ó thaobh na haeráide agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, ag a mbeidh an sprioc ann beith neodrach i dtaca leis an aeráid roimh 2050 agus go mbeidh dul chun cinnn infhíoraithe ann roimh 2030
• Feirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia i gcroílár na Straitéise agus, ag obair i gcomhpháirt leis na gnólachtaí bia agus dí den scoth atá againn in Éirinn, cinnteofar go leanfaidh an earnáil ag cur leis an ngeilleagar náisiúnta, agus go háirithe le pobail thuaithe agus chósta. I gceist go mbeidh méadú ar easportálacha agraibhia go dtí €21 billiún roimh 2030
Tá faomhadh faighte ón Rialtais don mhórstraitéis cheannródaíoch a mhairfidh deich mbliana don earnáil bia agus deochanna in Éirinn. Seoladh “Fís don Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe”.
Tá sé mar aidhm ag an gclár oibre uaillmhianach agus nuálaíoch seo don earnáil agraibhia, go dtiocfaidh méadú ar easportálacha agraibhia ó €14bn go dtí €21bn faoi 2030 – rud a chuirfidh leis an seasamh atá ag an tír cheana féin mar cheannaire domhanda maidir le táirgí agraibhia atá sábháilte agus inbhuanaithe.
Is í an fhís atá ag “Fís don Bhia 2030” ná go mbeidh Éire ina ceannaire domhanda i gcórais bhia inbhuanaithe sna deich mbliana atá romhainn a rachaidh chun tairbhe na hearnála, na sochaí agus na timeapllachta. Is coiste tras-earnála de pháirtithe leasmhara a d’fhorbraigh “Fís don Bhia 2030”, agus tá sé i gceist cosán i dtreo na ceannaireachta domhanda a thógáil a bheidh bunaithe ar na trí cholún den inbhuanaitheacht a chur chun cinn: eacnamaíoch, timpealleacht agus sóisialta. Tá ceithre mhisean ardleibhéil leagtha amach ag an straitéis chun an sprioc seo a bhaint amach:
• Earnáil agraibhia cliste ó thaboh na haeráide agus inbhuanaithe
• Buntáirgeoirí atá inmharthana agus a bhfuil teacht aniar iontu
• Bia atá sábháilte, cothaitheach agus mealltach, agus a bhfuil muinín ann agus meas air sa bhaile agus thar lear
• Earnáil atá nuálaíoch, iomaíoch agus a bhfuil teacht aniar inti, á tiomáint ag an teicneolaíocht agus ag an gcumas.
Mar bhonn faoi na misin seo tá sraith de spriocanna agus de ghníomhartha faoi leith. Beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD ag déanamh maoirseachta ar an bpróiseas monatóireachta agus cur i bhfeidhm na straitéise Fís don Bhia 2030 agus beidh páirt lárnach ag ioncaim feirmeoirí agus iascairí san uaillmhian atá ag an Aire don straitéis.
Ag labhairt dó ag seoladh an pholasaí, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Is cúis áthais dom go bhfuil an coiste páirtithe leasmhara agraibhia tar éis an Straitéis uaillmhianach seo “Fís don Bhia 2030” a chomhaontú. Is í an earnáíl talmhaíochta, bia agus mara an earnáil dhúcasach is mó atá againn. Tá sí fréamhaithe go smior ionainn agus tá sí ar cheann de na hearnálacha is mó a chuireann ár ngeilleagar chun cinn, go háirithe i gceantair thuaithe agus chósta. Maidir leis an bhfís go mbeimid mar cheannaire domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe, aithnítear na dúshláin atá roimh an earnáil, go háirithe ó thaobh an chomhshaoil de, ach go han-tábhachtach, leagann sí síos cosán don todhchaí. Glacaimid mar Rialtas leis an ndúshlán comhoibriú leis an earnáil chun inbhuanaitheacht eacnamaíoch, timpeallachta agus shóisialta na hearnála a chinntiú, agus chun na deiseanna a fhíorú a eascróidh as”.
Dúirt an Tánaiste, Leo Varadkar:
“Tar éis dom, mar Thaoiseach, maoirseacht a dhéanamh ar thús na Straitéise seo Fís don Bhia, ag an ‘Díospóireacht Polasaí Oscailte’ i nDeireadh Fómhair 2019, is cúis sásaimh dom gur tháinig rath uirthi mar a fheicimid inniu. Mar Aire Fiontar agus mar Thánaiste, is maith is eol dom an rannpháirteachas eacnamaíoch agus sóisialta atá déanta ag gnólachtaí bia agus deochanna na hÉireann, ón dtáirgeoir ceirde go dtí na gnólachtaí idirnáisiúnta. Creidim gurb í an fhís atá sa Straitéis seo an ceann ceart don todhchaí”.
Dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue:
“Tá straitéis curtha le chéile ag an gCoiste, faoi chathaoirleacht Tom Arnold, atá cothrom agus inchreidte, ina shainaithnítear deis suntasach don tír maidir le háit a ghlacadh mar cheannaire domhanda i gCórais Bhia inbhuanaithe. Tá áthas orm go bhfuiltear ag díriú ar fheirmeoirí agus ar tháirgeoirí bia chun a chinntiú go mbeidh siad iomaíoch agus táirgiúil, agus go mbeidh béim níos laidre ar fholláine fheabhsaithe agus ar inmharthanacht eacnamaíoch. Chun go n-éireoidh le Fís don Bhia 2030, tá tábhacht chriticiúil ag baint leis na hioncaim a shaothraíonn ár dtáirgeoirí mar is iad bunchloch na hearnála agraibhia den scoth atá againn. Aithníonn an straitéis an ról ríthábhachtach atá ag an earnáil go dtí seo agus a bheidh aici i gceantair thuaithe agus chósta, agus an ról a bheidh aici maidir le forbairt chothrom a bhaint amach sna réigiúin a rachaidh chun tairbhe na tíre i gcoitinne.
“Is í Éire príomhchathair bia an domhain agus leagann an straitéis béim ar na naisc thábhachtacha atá ann idir bia agus sláinte agus cothú, agus an tábhacht bunriachtanach a bhaineann le sábháilteacht agus cáilíocht bia ionas go mbainfear amach seasamh láidir i margaí tábhachtacha. Tá áthas orm go bhfuil an Rialtas ag tacú leis an straitéis agus táim ag dúil le bheith ag obair le gach páirtí leasmhar chun í a chur i bhfeidhm.
“Tá páirtithe leasmhara tar éis teacht le chéile anois i bpróiseas atá faoi chathaoirleacht Tom Arnold agus tá mo Roinn ag tacú trí rúnaíocht a dhéanamh, chun aitheantas a thabhairt do na dúshláin atá romhainn agus cosán i dtreo na hinbhuanaitheachta a chomhaontú. Tá ról criticiúil ag ár bhfeirmeoirí, ár n-iascairí agus ár dtáirgeoirí bia chun go n-éireoidh leis an straitéis seo agus tá siad ina gceannródaithe maidir le dul i ngleic lenár spriocanna athrú aeráide. Molaim an obair atá déanta ag Tom Arnold mar chathaoirleach, ag comhaltaí an Choiste, agus ag baill den phobal a ghlac páirt sna comhairliúcháin phoiblí agus san Idirphlé a bhí luachmhar don straitéis seo. Leis an straitéis seo Fís don Bhia 2030, leagtar síos clár oibre don athrú atá soiléir agus beidh mise ag obair chun a chinntiú go mbeidh rath uirthi”.
Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, agus an tAire Iompair, Eamon Ryan:
“Is céim thábhachtach chun tosaigh í an straitéis seo atá á treorú ag an tionscal, mar den chéad uair, cuireann sí bearta timpeallachta i gcroílár plean don earnáil agraibhia. Gné ríthábhachtach amháin ná go bhfuil sé ráite go soiléir go mbeidh gá don straitéis dul in oiriúint don Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide a sheolfar níos déanaí i mbliana, chomh maith le bearta timpeallachta eile atá á rolladh amach. Beidh sé seo ríthábhachtach chun féachaint chuige go seasfaidh na hearnálacha talmhaíochta agus mara an aimsir. In éineacht le straitéisí rialtais eile, feictear dom go mbeidh glúin nua d’fheirmeoirí agus foraoiseoirí ag saothrú an talún ar bhealach inbhuanaithe, agus go mbeidh feabhas ar an nádúr agus ar cháilíocht an uisce, agus go n-íocfar praghsanna arda ar tháirgí inbhuanaithe den scoth.”
Dúirt an tAire Stáit um úsáid talún agus bithéagsúlacht, Pippa Hackett:
“Chomh maith le gealltanas a thabhairt go mbeimid neodrach ó thaobh na haeráide de roimh 2050, is éard atá i gceist le Fís don Bhia 2030 freisin ná an bhithéagsúlacht a thabhairt ar ais agus í a fheabhsú; feabhas a chur ar cháilíocht an uisce; agus foraoisí éagsúla, ilfheidhmeacha a fhorbairt. Cuimsítear ann freisin tograí maidir le dramhbhia a laghdú, an fheirmeoireacht athghiniúnach, orgánach a chur chun cinn agus a thuilleadh nach iad. Tá an straitéis creata seo spreagúil ó thaobh spriocanna agus molaim an coiste páirtithe leasmhara agraibhia as an bhfís atá acu”.
Dúirt an tAire Stáit a bhfuil freagracht speisialta air don Taighde agus Forbairt, Sábháilteacht Feirme agus Forbairt Margaí Nua, Martin Heydon:
“Fáiltím roimh Fís don Bhia 2030 agus táim ag súil leis na misin a chur chun tosaigh atá aitheanta ag an gcoiste páirtithe leasmhara agraibhia, go háirithe ‘táirgeoirí tosaigh inmharthana agus a bhfuil teacht aniar iontu, agus béim curtha ar an bhfolláin’. Cé go bhfuil an bhéim atá curtha ar an inbhuainaitheacht eacnamaíoch agus timpeallachta thar a bheith tábhachtach, tá se aitheanta sa straitéis seo gur tosaíochtaí tábhachtacha iad an fholláin agus sláinte & sábháilteacht dúinn go léir.
“Léiríonn an straitéis seo uaillmhian freisin maidir le deiseanna margaidh a fhorbairt sa bhaile agus thar lear tríd ár mbia agus ár ndeochanna cothaitheach agus mealltach a chur os comhair an phobail. Sa Straitéis aithnítear gach cineál nuálaíochta, chomh maith le fórsa oibre éagsúil cumasach, atá riachtanach chun an fhís a bhaint amach.”
Mar fhocal scoir dúirt Tom Arnold, Cathaoirleach an Choiste Páirtithe Leasmhara Agraibhia:
‘Cé gurb í príomhchuspóir na straitéise seo fís agus polasaithe a sholáthar don earnáil agraibhia Éireannach sna deich mbliana atá romhainn, tá gné thábhachtach idirnáisiúnta ag baint leis. Tá Éire ar cheann d’fhíorbheagán tíortha a bhfuil straitéis agraibhia forbartha aici trí úsáid a bhaint as cur chuige córais bhia. Tríd an taithí atá aici a straitéis agraibhia féin a fhorbairt agus tríd an tiomantas polaitiúil atá ann na caighdeáin is airde a bhaint amach maidir le hinbhuanaitheacht laistigh den pholasaí intíre, beidh sé ar chumas Éire ról ceannaireachta láidir a ghlacadh san idirphlé suntasach ar chórais bhia inbhuanaithe atá ag éirí níos tábhachtaí de réir a chéile ag an leibhéal idirnáisiúnta. Tá lánmuinín agam go n-éireoidh léi.”
• “Fís don Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe” – foilsithe anseo: gov.ie - FOOD VISION 2030 – A World Leader in Sustainable Food Systems (www.gov.ie)
• Tá cur i láthair, agus sraith de theachtaireachtaí faoin straitéis ón Taoiseach, ón Aire McConalogue, ó na hAirí Stáit Hackett agus Heydon agus ó Tom Arnold le fail anseo:
1. Fís don Bhia 2030 – Físeán seolta oifigiúil Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe: https://youtu.be/GLp0XzR11X8
2. Seolann an Taoiseach Michéal Martin Fís don Bhia 2030: https://youtu.be/EiM2loAnXHg
3. Físeán an Aire Charlie McConalogue: https://youtu.be/icWf-hF9Gag
4. Físeán an Aire Stáit Pippa Hackett's https://youtu.be/Ncz5KYBm7zw
5. Físeán an Aire Stáit Heydon https://youtu.be/Fpa6XvUOCy4
6. Físeán Chathaoirleach an Choiste um Straitéis Agraibhia 2030 na hÉireann Tom Arnold https://youtu.be/-rVbCrqTWqs
Nótaí d’Eagarthóirí
Tá an seoladh fíorúil seo ag tarlú i ndiaidh don Rialtas foilsiú Fís don Bhia 2030 a fhaomhadh. Reáchtálfar ócáid seolta níos déanaí i mbliana, ag brath ar an gcomhairle sláinte poiblí a bheidh ann, chun an Straitéis a chur i láthair agus a phlé go mion.
Is príomhthiomantas é i gClár an Rialtais go bhforbrófar straitéis nua deich mbliana don earnáil agraibhia. Bhí treoirphlean uaillmhianach nua de dhíth don earnáil do na blianta romhainn a bheadh inbhuanaithe don todhchaí agus a chuirfeadh béim straitéiseach ar chosaint na timpeallachta. Tá sé le seachadadh freisin don earnáil talmhaíochta faoi pholasaí an Rialtais Ár Todhchaí Tuaithe, Polasaí Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025.
Go déanach sa bhliain 2019, bunaíodh Coiste ar a raibh 32 comhalta, faoi chathaoirleacht Tom Arnold agus tugadh an tasc dó straitéis agraibhia a fhorbairt go dtí 2030. Ba iad a dtéarmaí tagartha ná fís agus príomhspriocanna a leagan síos, mar aon le gníomhartha bainteacha, a bheidh riachtanach chun inmharthanacht eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta na hearnála agraibhia sna deich mbliana romhainn a chinntiú. Bhuail an Coiste le chéile le linn 2020 agus isteach i 2021 agus tá fís ardleibhéil comhaontaithe acu d’earnáil agraibhia na tíre, chun go mbeidh sí ina ceannaire domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe sna deich mbliana atá le teacht. Leagann Fís don Bhia amach ceithre misin ardleibhéil atá le baint amach chun córas dá leithéid a fhorbairt in Éirinn:
1. Táirgeoirí Tosaigh Inmharthana agus ina bhfuil Teacht Aniar agus Folláine Feabhsaithe iontu
2. Bia atá sábháilte, cothaitheach agus mealltach: agus a bhfuil muinín ann agus meas air sa bhaile agus thar lear
3. Earnáil atá cliste ó thaobh na haeráide de agus inbhuanaithe ó thaobh na timpealleachta de
4. Earnáil atá nuálaíoch, Iomaíoch agus a bhfuil Teacht Aniar inti, á tiomáint ag an Teicneolaíocht agus ag an gCumas.
Tá sraith de Spriocanna (22 san iomlán) ag gach ceann de na Misin seo agus mar bhonn taca futhu tá sraith de Ghníomhartha (thart ar 200 san iomlán). Cé go bhfuil spriocanna nó “Dul chun cinn roimh 2030” ag an Straitéis, tá an bhéim á leagadh ar threo straitéiseach na hearnála. Is Straitéis uileghabhálach í an Straitéis agus beidh próisis faoi leith ag baint leis an gcur i bhfeidhm mionsonraithe. Tá coiste ardleibhéil le bunú agus beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara mar chathaoirleach air, agus beidh an coiste seo ag déanamh monatóireachta air seo. Is iad seo na príomhspriocanna faoi gach ceann de na Misin:
1. Go mbeidh táirgeoirí tosaigh ann atá iomaíoch agus táirgiúil; beidh feabhas ar an inbhuainaitheacht eacnamaíoch agus sóisialta; beidh an treocht maidir le “Ioncam Feirmeacha Teaghlaigh” ag dul in airde agus beidh méadú ar fheirmeacha inmharthana agus inbhuanaitheacha.
2. Go mbeidh comhleanúnachas i dtaca le polasaí bia, sláinte agus cothú; feabhas ar iontaobhas tomhaltóirí trí fhianaise a sholáthar maidir le táirgeadh bia atá sábháilte agus eiticiúil. Cruthófar breisluach trí léargas agus nuálaíocht chun tacú leis an earnáil bhia agus leanfar le deiseanna margaidh a fhorbairt sa bhaile agus thar lear, leis an aidhm go mbeidh €21 billiún de tháirgí agraibhia á n-easportáil faoin mbliain 2030.
3. Córas bia atá neodrach ó thaobh na haeráide a bhaint amach faoin mbliain 2050; bainfear dul chun cinn fíoraithe amach roimh 2030 agus beidh astaíochtaí, bithéagsúlacht agus cáilíocht uisce san áireamh sa dul chun cinn sin.
4. Éascófar earnáil a bheidh á tiomáint ag an nuálaíocht, an fhaisnéis agus an teicneolaíocht; beidh iomaíochas agus teacht aniar feabhsaithe feadh an slabhra bia; agus meallfar agus cothófar cumas éagsúil.
Tuigtear don Straitéis go mbeidh gá an uaillmhian atá inti maidir leis an timpeallacht a choigeartú ar aon dul le spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta atá ag teacht chun cinn don earnáil agus atá de réir le réitigh eolaíochta atá á bhforbairt. Beidh foráil sa tiomantas seo chun coigeartú a dhéanamh ar an gcreat straitéiseach de réir mar a thagann spriocanna earnála faoi leith chun cinn ag eascairt ón mBille Aeráide agus ón bpróiseas a bhaineann leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide.
Ag an am céanna agus a bhí obair an Choiste ar siúl, reáchtáladh Comhairliúchán Poiblí mar gheall ar na measúnuithe timpeallachta ábhartha. Tá eolas le fáil maidir leis seo ag: gov.ie - Public Consultation on the Environmental Assessment of the Draft Agri-Food Strategy to 2030. (www.gov.ie)
Áirítear sa Straitéis Creat Monatóireachta agus Cur i bhFeidhm, ina chuirtear béim ar na réimsí comhoibrithe agus comhpháirtíochta laistigh den earnáil, agus le príomhpháirtithe leasmhara seachtracha freisin. Tá sonraí ann maidir le meicníochtaí maoirseachta agus monatóireachta chun an Straitéis a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear Coiste Cur i bhFeidhm Ardleibhéil a bhunú, a bheidh faoi chathaoirleacht an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara. Is é an príomhthasc a bheidh aige ná cinnte a dhéanamh de go seachadaítear na ceithre Mhisin. Leagtar amach riachtanais mhonatóireachta faoi leith do ghnéithe timpeallachta, agus bunófar Grúpa Oibre Timpeallachta.
Is é an sainmhíniú atá glactha leis go hidirnáisiúnta de “Córas Bia Inbhuanaithe” (FAO 2017) ná gur córas bia é a sheachadaíonn slándáil bhia agus cothú do chách ar bhealach nach gcuireann i gcontúirt na boinn eacnamaíocha, timpeallachta agus sóisialta is gá chun bia agus cothú a ghiniúint do na glúinte atá le teacht. Ciallaíonn sé sin:
1. Tá sé brabúsach tríd is tríd (inbhuanaitheacht eacnamaíoch).
2. Tá tionchar dearfach nó neodrach aige ar an timpeallacht nádúrtha (inbhuanaitheacht timpeallachta)
3. Téann sé chun tairbhe na sochaí ar bhealach ginearálta (inbhuanaitheacht sóisialta).
DEIREADH