Síneadh curtha leis an spriocdháta chun iarratas a dhéanamh ar Mhaolú Níotráite
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh vóta dearfach a chaitheamh maidir le hiarraidh na hÉireann ar Mhaolú Níotráite, d’oscail an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tairseach iarratais a luaithe agus ab fhéidir agus tá méid teoranta ama sonraithe chun iarratas a dhéanamh. Tugadh faoi deara i rith rannpháirtíochta le feirmeoirí agus le comhairleoirí le laethanta beaga anuas go bhfuil gá le síneadh beag. Inniu (an 12 Aibreán) cheadaigh an Roinn síneadh a chur leis an spriocdháta dóibh siúd ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Mhaolú Níotráite in 2022.
Bhí sé beartaithe tairseach iarratas ar líne na Roinne www.agfood.ie a dhúnadh ag meán oíche ar an 14 Aibreán. Fágfar an tairseach oscailte go dtí meán oíche, Dé hAoine, an 22 Aibreán anois. Ba cheart dóibh siúd a bhfuil sé beartaithe acu iarratas a dhéanamh teagmháil a dhéanamh lena gcomhairleoir láithreach mura bhfuil sé sin déanta acu cheana féin.
Meabhraítear d’fheirmeoirí a rinne iarratas ar Mhaolú Níotráite in 2021 nach mór dóibh a gcuntais leasacháin a chur ar fáil faoin spriocdháta leasaithe, an 22 Aibreán.