Síneadh leis an mBeart Báinsí Ilspeiceas
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara go gcuirfear síneadh gearr leis an dáta deiridh dá Beart Báinsí Ilspeiceas. Dúnfar an Beart anois ag meán oíche an 14 Aibreán. Bhí sé le dúnadh ag meán oíche anocht (Dé Luain).
Amhail Dé Luain ag am lóin, bhí breis agus 800 feirmeoir tar éis cur isteach ar an mBeart. Dheimhnigh an Roinn nach gcuirfidh an síneadh seo moill ar litreacha faofa a cheadú d’iarratasóirí reatha.
Ag trácht dó ar an bhfógra, dúirt an tAire McConalogue,
“Amhail tráthnóna Dé Luain, tugadh le fios ar chóras AgFood.ie na Roinne gur chuir breis agus 800 feirmeoir isteach ar an mbeart nuálach seo ach rinne 500 feirmeoir sa bhreis air sin dréachtiarratas nár críochnaíodh nó nár seoladh ar aghaidh go fóill é. Nuair a chuirtear seo san áireamh, tá cinneadh déanta agam síneadh a chur leis an dáta deiridh mar gheall gur mian liom a chinntiú go mbeidh an deis ag gach duine ar mian leo cur isteach ar an mBeart sin a dhéanamh. Dúnfar an Beart Báinsí Ilspeiceas anois an 14 Aibreán, an lá céanna a dhúnfar Beart Sadhlais na Seimre Deirge a d’fhógair mé an tseachtain seo caite. Is tábhachtach go gcríochnaíonn iad siúd a ghlac páirt an próiseas iarratais.”
Dúirt an tAire mar fhocal,
“Is beart sármhaith tacaíochta é seo, agus tá fonn mór orm tacú lena mhéid feirmeoirí agus is féidir de réir mar a lorgaímid feabhas a chur ar inbhuanaitheacht ár gcóras táirgthe. Tá gliondar croí orm a thabhairt faoi deara go bhfuil tairbhe á baint as an tacaíocht seo mar gheall go dtacóidh sé le feirmeoirí a mbrath a laghdú ar leasachán ceimiceach”.
Ba cheart d’fheirmeoirí ar mian leo iarratas a dhéanamh ar an mBeart Báinsí Ilspeiceas, nó ar Bheart Sadhlais na Seimre Deirge iarratas a dhéanamh trí www.agfood.ie faoin 14 Aibreán 2014.
Tá an dá Bheart á sholáthar ag an Roinn Talmhaíochta agus Bia agus Mara i gcomhoibriú le miondíoltóirí talmhaíochta agus Comharchumainn rannpháirteacha ar fud na tíre. Íocfaidh siad as síolta a cheannófar ó dháta litir faofa an iarratasóra go dtí an 31 Lúnasa 2022.