‘Smaoinigh ar an Sábháilteacht’ agus tú ag baint sult as an tuath an samhradh seo – an tAire Heydon
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Roimh dheireadh seachtaine gnóthach saoire bainc, d’iarr an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le Freagracht Speisialta as Sábháilteacht Feirme, Martin Heydon T.D., ar fheirmeoirí agus ar gach éinne ag tabhairt cuairt ar an tuath a bheith ar an airdeall i rith míonna an tsamhraidh.
Dúirt an tAire Heydon:
“Is ceann de na hamanna is gnóthaí den bhliain ar an bhfeirm í an samhradh . Agus laethanta saoire scoile ag tosú agus an tuath ag éirí níos gnóthaí i rith míonna an tsamhraidh, baineann an-thábhacht leis an sábháilteacht a chur chun tosaigh i gcuimhne gach éinne.”
Agus méadú suntasach ar líon na dtarracóirí agus n-ollinnealra ag gluaiseacht ar na bóithre poiblí, mheabhraigh an tAire d’fheirmeoirí agus do chonraitheoirí na contúirtí a mbaineann le gníomhaíochtaí ar nós déanamh an sadhlais agus leathadh an sciodair. Mhol sé go ndéanfadh conraitheoirí agus feirmeoirí gach gné na sábháilteachta a phlé agus a phleanáil sula gcuireann siad tús leis an obair, ní hamháin ar chlós na feirme agus sna goirt ach ar na bóithre freisin.
Dúirt an tAire freisin:
“Is acmhainn iontach í tuath na hÉireann atá ar bhéal dorais againn. Is iontach an rud é daoine a fheiceáil ag baint taitneamh as na radharcanna álainn, as an aer úr agus as flúirse na n-áiseanna. Ag an am céanna, ba mhaith liom gach cuairteoir a ghríosú a bheith feasach ar ghníomhaíocht na talmhaíochta ag an tráth seo den bhliain agus a bheith cuidiúil do na feirmeoirí.”
“B’fhéidir nach mbeadh siúlóirí, rothaithe, tiománaithe agus marcaigh capall a bhaineann leas as an aimsir bhreá ar an eolas faoi na rioscaí a mbaineann le hinnealra.”
Ba cheart d’fheirmeoirí a sheiceáil go bhfuil amharclínte maithe agus iad ag teacht ar bhóithre poiblí ó chlós agus ó ghort. Baineann contúirt ar leith le tarracóirí le lódairí tosaigh. Ba chóir comharthaí rabhaidh agus cóin a úsáid ar thaobh an bhóthair ag na bealaí isteach d'fhonn úsáideoirí eile na mbóithre a chur ar an eolas faoi aon innealra atá ag gluaiseacht sa cheantar. Ba cheart aon bhruscar nó ithir a thugtar ar bhóthar poiblí le hinnealra a bhaint a luaithe is féidir mar go bhféadfadh sé caillteanas an smachta ar fheithicil a chruthú.
Mhol an tAire Heydon freisin do gach éinne a bheith cúramach maidir le beostoc:
“Ní peataí iad ainmhithe na feirme agus ba cheart goirt ina bhfuil beostoc iontu a sheachaint. Ba cheart go mbeadh madraí ar iall i gcónaí ionas nach gcuirfidís isteach ar bheostoc nó ar an bhfiadhúlra.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Má oibrímid go léir le chéile le foighne agus le comhoibriú, is féidir linn samhradh sábháilte a chinntiú do chách.”