Fógartha ag an Aire go bhfuil Faireachlann Carbóin um Ithir Thalmhaíochta Náisiúnta á bunú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé fógartha ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu go bhfuil infheistíocht á déanamh ag an Roinn chun Faireachlann Carbóin um Ithir Thalmhaíochta Náisiúnta a bhunú. De dheasca na hinfheistíochta seo cuirfidh Teagasc, thar ceann na Roinne, tús le monatóireacht ghéar a dhéanamh ar astaíochtaí agus cealú carbóin ar fud réimse ithreacha in Éirinn, rud a fhágfaidh go mbeidh Éirinn ar thús cadhnaíochta go hidirnáisiúnta sa tuiscint atá aici ar fheirmeoirí, tacú leo agus iad a chúiteamh as chleachtaí a chuireann le stórtha carbóin in ithreacha na tíre.
Dúirt an tAire,
"ní mór an bealach a ndéanaimid an carbón atá sáinnithe in ithreacha na tíre a bhainistiú, agus an bealach a thacaímid le feirmeoirí cleachtais a chur i bhfeidhm a chuireann leis an stór carbóin a bheith bunaithe ar eolaíocht láidir. Beidh stór suntasach de chur amach agus d'eolas ann mar thoradh ar an infheistíocht seo trína mbeimid ábalta díriú ar bhearta a chealaíonn carbón agus a stórálann é in ithreacha na tíre agus na bearta sin a chúiteamh. Tá feirmeoirí san áit in fearr chun ról gníomhach a ghlacadh sa réimse seo agus táim cinnte gur dearfach an tionchar a bheidh acu ar an tionscnaimh."
Tá gá ann na sonraí san Fhardal Náisiúnta a fheabhsú chun léargas ceart a thabhairt ar na hastaíochtaí agus ar an gceapadh atá ag teacht ó thailte féaraigh i ndáiríre chun an dul chun cinn atáthar a dhéanamh i dtreo ár spriocanna a bhaint amach a dhearbhú. Chomh maith leis sin, tá easpa sonraí ar fáil maidir le hathrú i stocanna carbóin ithreach ar thailte féaraigh i ndáil le hithreacha orgánacha agus mianracha in Éirinn a dhearbhú mar gheall ar an easpa taighde, bailiú sonraí agus bonneagar monatóireachta atá ann.
Chuir an tAire Hackett fáilte roimh fhógra an lae inniu agus dúirt
"Cuirfidh an Fhaireachlann carbóin ithreach seo sonraí fíorluachmhara maidir leis an méid carbóin atá in ithreacha na tíre ar fáil agus ba cheart go gcuirfeadh sé go mór leis na sonraí a thiocfaidh as na samplaí ithreach agus as na staidéir bithéagsúlachta an bhliain seo chugainn. Ina theannta sin, cuirfidh tionscadal nua EIP ar thalamh portaigh a bhfuil feirmeoireacht déanta air a fhliuchadh arís a bheidh ar tí tosú an bhliain seo chugainn eolas tábhachtach ar fáil dúinn chomh maith. Cuideoidh na sonraí seo ar fad linn eolas a dhéanamh do scéimeanna nua agrachomhshaoil amach anseo, trína mbeifear in ann maitheas a dhéanamh do ghníomhaíocht ar son na haeráide agus do bhithéagsúlacht."
Dúirt an tAire Heydon,
"Tá deiseanna aitheanta ag feirmeoirí agus ag taighdeoirí araon anseo agus leis an tionscadal nuálach seo táimid ag cur an clár monatóireachta is cuimsithí i dtír ar bith i bhfeidhm mar bhuntaca eolaíochta lenar ngníomhaíochtaí ina leith."
Dúirt Stiúrthóir Teagasc, an tOllamh Gerry Boyle
"Cuirfidh an infheistíocht seo borradh faoin tuiscint eolaíoch atá againn maidir leis an gcaighdeán dé-ocsaíde carbóin ón atmaisféar atá sáinnithe in ithreacha na tíre. Cuirfidh sé le tionscnamh feirmeacha Eolais Teagasc agus cuirfidh an eolaíocht a bhaineann leis an mbealach a chuireann a gcleachtaí bainistithe feirme le stóráil carbóin ithreach."
Cuimseofar suas le 10 "dTúr Flosca" san Fhaireachlann Carbóin um Ithir Thalmhaíochta Náisiúnta ar chórais talmhaíochta ar fud réimse cineálacha ithreacha a chuirfidh luach le tionscadail atá ann cheana lena n-áirítear feirmeacha Eolais Teagasc agus an Clár Dobharcheantar Talmhaíochta ar a bhfuil cómhaoiniú á dhéanamh ag an tionscal orthu.
Beidh Éirinn ar thús cadhnaíochta sa taighde ar cheapadh carbóin mar gheall ar an bhFaireachlann Carbóin um Ithir Thalmhaíochta Náisiúnta agus cuirfidh sé ar chumas na hÉireann:
o Astaíochtaí carbóin ithreach agus áiteanna stórála ar thailte talmhaíochta a thomhais agus a mhúnlú ar bhealach níos fearr,
o Bearta maolaithe a éascú chun ceapadh carbóin a mhéadú chun sin a chuimsiú san fhardal náisiúnta,
o Páirt a ghlacadh i líonra ICOS an AE (Córas Comhtháite Breathnóireachta Carbóin)
o A éascú d'Éirinn leas a bhaint as Rialachán an AE maidir le Comhroinnt Díchill 2018.
CRÍOCH