Soláthraíonn an Taoiseach spreagaitheasc ag Imeacht Fhís don Bhia 2030
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sholáthair an Taoiseach, Micheál Martin, an spreagaitheasc inniu ag imeacht le plé a dhéanamh ar Fhís don Bhia 2030, an straitéis chomhroinnte d’fhorbairt inbhuanaithe earnáil agraibhia na hÉireann, a bhfuil mar uaillmhian luaite aici bheith mar ‘Ceannasaí Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe’.
D’fhorbair Coiste páirtithe leasmhara, ar a ndearna Tom Arnold cathaoirleacht neamhspleách, Fís don Bhia, agus gníomhóidh sé mar chreat chun an earnáil a threorú chun a cuid misean agus spriocanna a bhaint amach sa tréimhse deich mbliana amach romhainn. Labhair cainteoirí ag an imeacht i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ar fhreastail go leor daoine air, a sholáthair peirspictíocht idirnáisiúnta, agus ó roinnt painéal a fhiosraíonn Fís don Bhia 2030 a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm trína ceithre phríomh-mhisean.
Dúirt an Taoiseach,
“Príomhstraitéis í Fís don Bhia chun gach cineál d’inbhuanaitheacht, idir inbhuanaitheacht chomhshaoil, gheilleagrach agus shóisialta, a chruthú. Is straitéis uaillmhianach don earnáil, agus ag an earnáil, í agus tugtar cuntas inti ar thodhchaí láidir agus inbhuanaithe dár bhfeirmeoirí, iascairí, foraoiseoirí, agus dár gcuideachtaí bia agus dí. Léirigh tionscal agraibhia na hÉireann, trí na dúshláin a tháinig aníos le blianta beaga anuas, gur féidir leis a bheith lúfar agus freagrúil nuair a bhíonn athrú ag teastáil – agus gné thábhachtach den aistriú seo í Fís don Bhia.”
Dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett,
“Tá mar aidhm ag Fís don Bhia earnáil agraibhia atá cliste i dtaobh na haeráide de agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a bhaint amach. Oibreoidh Éire sna blianta amach romhainn i dtreo córas bia atá neodrach i dtaobh na haeráide de a bhaint amach ina mbainfear laghduithe ar astaíochtaí; ceapadh carbóin; agus bithéagsúlacht, cáilíocht an uisce agus cáilíocht an aeir fheabhsaithe amach. Leanfaimid ag cabhrú le feirmeoirí a bpáirt a ghlacadh san aistriú seo ar bhealach ar féidir leis tacú lena n-inbhuanaitheacht airgeadais agus gheilleagrach. Is féidir linn bealaí oibre níos fearr a bhaint amach le chéile, trí ghlacadh le córais nua éagsúlaithe talmhaíochta, caighdeáin a theastaíonn le scothcháilíocht níos fearr a bhaint amach ar féidir leo torthaí margaidh níos airde a chur ar fáil, agus luaíocht a bhronnadh ar fheirmeoirí as réimse seirbhísí éiceachóras a sholáthar.”
Dúirt an tAire Stáit Martin Heydon, mar fhocal scoir,
“Is é tríú misean Fhís don Bhia 2030 - “Bia Sábháilte, Cothaitheach agus Mealltach, a bhfuil Iontaoibh as agus a Léirítear Meas air in Éirinn agus Thar Lear” – an bhunchloch ar a dtógtar an earnáil agraibhia. Trí thús áite a thabhairt do bheartais chomhtháiteacha bhia agus sláinte ar mhaithe le torthaí sláinte níos fearr a bhaint; iontaoibh thomhaltóirí inár gcóras bia a fheabhsú; agus breisluach a chruthú trí nuálaíocht agus difreáil táirgí; is féidir linn deiseanna margaidh agus trádála a fhorbairt sa bhaile agus thar lear araon. Rachaidh seo chun sochair táirgeoirí tosaigh agus na bpobal tuaithe ina gcónaíonn siad agus an tionscail níos fairsinge chomh maith.
Cumasófar ár sprioc, feabhsú agus forbairt leanúnach na hearnála, trí cheathrú misean Fhís don Bhia “Earnáil Nuálach, Iomaíoch agus Athléimneach Agraibhia, a chuireann an Teicneolaíocht agus Tallann chun cinn”.
More information and the Strategy itself is published at: gov.ie - Food Vision 2030 – A World Leader in Sustainable Food Systems (www.gov.ie)