Spreagann an tAire Frank Feighan déagóirí gan tobac a chaitheamh agus tuarascáil nua ar alcól, tobac agus drugaí a úsáid i measc daoine 15-16 bliana d’aois á seoladh aige
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sheol an tAire Stáit le Freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan, T.D. tuarascáil na hÉireann inniu ar Tionscadal na Scoileanna Eorpacha ar Alcól agus Drugaí Eile (an ESPAD). Suirbhé tras-Eorpach é an ESPAD a dhéantar gach ceithre bliana ar úsáid substaintí i measc scoláirí idir 15 agus 16 bliana d’aois i measc 39 tír. Déanann sé monatóireacht ar threochtaí i dtaobh úsáid alcóil agus drugaí, tobac a chaitheamh agus cearrbhachais, cluichíochta agus úsáid an idirlín.
Thug Institiúid Taighde TobaccoFree, Éire (TobaccoFree Research Institute Ireland) faoi Thuarascáil na hÉireann ar son na Roinne Sláinte agus tá sonraí ann faoi 1,949 scoláire Éireannach, ar an iomlán, a rugadh in 2003 i measc sampla randamach 50 meánscoil.
I measc phríomhthorthaí Thuarascáil 2019 ESPAD na hÉireann, bhí an méid seo a leanas:
Agus fáilte á cur aige roimh fhoilsiú Thuarascáil ESPAD na hÉireann agus an méid a chuir sé le heolas a chur ar fáil do cheapadh beartas, léirigh an tAire Feighan buairt faoi na méaduithe atá tagtha faoi láthair ar úsáid alcóil, ól eipeasóideach nó ragús óil, agus caitheamh tobac agus úsáid cannabais faoi láthair nuair a chuirtear i gcomparáid é le tuarascáil 2015.
Theastaigh ón Aire Feighan teachtaireacht láidir a chur in iúl do dhéagóirí maidir leis na torthaí faoi thobac agus toitíní leictreonacha a úsáid:
"Más mian leat saol sláintiúil agus faoi rath a bheidh agat amach anseo, ná tosaigh ag vápáil nó ag caitheamh tobac. Is mar gheall gurb í an fhírinne fhaiteach go ndéanfar caiteoir tobac ar deireadh thiar de dhuine amháin as gach beirt leanaí a bhaineann triail as táirgí caithimh tobac, a deirimse é seo. Faoi mar is eol dúinn, gheobhaidh duine as gach beirt chaiteoirí tobac bás luath mar gheall ar ghalar a bhaineann le tobac. Mar sin, tá orainn an chur in iúl go soiléir dár leanaí agus dá dtuismitheoirí gurb é caitheamh tobac is cúis leis an oiread sin básanna neamhriachtanacha agus tubaisteacha.
"Thug na hathbhreithnithe fianaise a rinne an Bord Taighde Sláinte le déanaí ar thoitíní leictreonacha le fios go mbíonn dóchúlacht mhéadaithe ann go leanfaidh ógánaigh ar aghaidh le tobac a chaitheamh má úsáideann siad toitíní leictreonacha. Leagann seo béim ar thábhacht ár mBille Sláinte Poiblí (Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín), atá á fhorbairt faoi láthair. Cuirfidh seo cosc ar tháirgí ionanálaithe nicitín, toitíní leictreonacha san áireamh, a dhíol le daoine faoi 18 mbliana d’aois. Tabharfaidh sé córas ceadúnaithe isteach freisin maidir le táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a mhiondíol.
"Neartóidh an Bille leanaí a chosaint trí chosc a chur ar tháirgí tobac a dhíol ag láithreacha agus ag imeachtaí a bheartaítear a chur ar siúl do leanaí. Cuirfidh sé cosc freisin ar a ndíol ó mheaisíní díola féinseirbhíse agus in aonaid shealadacha nó shoghluaiste, agus déanfaidh seo an fháil atá orthu agus a n-infheictheacht a laghdú níos mó. Táim tiomanta do mhaoirseacht a dhéanamh ar an reachtaíocht an-tábhachtach seo a thabhairt isteach."
Dúirt an tAire Feighan agus é ag trácht ar na torthaí a bhaineann le halcól:
"Léirítear i dtorthaí suirbhé an ESPAD gur úsáid 41% dár ndaoine idir 15 agus 16 bliana d’aois alcól le 30 lá anuas agus gur ól 33% díobh 5 dheoch mheisciúla nó níos mó in aon am amháin. Tá treocht anuas á tabhairt faoi deara i dtorthaí suirbhé an ESPAD ó 1995 ar aghaidh i dtaobh úsáid alcóil agus ragús óil san ghrúpa faoi aois seo, ach tá méadú á léiriú anois i bhfigiúirí 2019 aníos ón mbliain 2015.
"Ceann de phríomhchuspóirí ár nAchta Sláinte Poiblí (Alcól), 2018 is ea moill a chur ar an tús a chuireann leanaí agus daoine óga le halcól a ól. Is gnách go mbíonn leanaí agus ógánaigh níos leochailí don dhíobháil a dhéanann méid ar leith alcóil ná mar atá aoisghrúpaí eile.
"Ó Déardaoin, an 12 Samhain ar aghaidh, tá ar asraonta miondíola mheasctha a n-alcól a dheighilt ó tháirgí grósaeireachta eile agus chun a n-infheictheacht a laghdú. Cuirfidh seo teachtaireacht thábhachtach in iúl dár ndaoine óga nach ionann alcól agus táirgí grósaeireachta eile mar gheall an díobháil a dhéanann sé don tsláinte.
"Rachaimid i ngleic freisin le hinacmhainneacht alcóil chun nach féidir a mhaíomh a thuilleadh go bhfuil sé ar díol ar phraghsanna airgead póca. Tiocfaidh ár Rialacháin ar phromóisin phraghais le haghaidh táirgí alcóil isteach an 11 Eanáir an bhliain seo chugainn. Cuirfear cosc sna Rialacháin seo ar tháirgí alcóil a dhíol ar phraghas laghdaithe nó saor in aisce nuair a dhíoltar iad le táirge nó seirbhís eile agus cuirfear cosc ar tháirgí alcóil a dhíol ar phraghas laghdaithe ar feadh tréimhse 3 lá nó níos giorra."
Faoi mar a dúirt an tAire Stáit le freagracht as an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan:
"Tá mé an-bhuartha faoin mí-úsáid atá á baint as drugaí agus alcól ar fud na sochaí go léir, i measc leanaí scoile ach go háirithe. Seo an fáth gur mhór an pléisiúr dom cur leis na bearta coiscthe agus luath-idirghabhála atá i bhfeidhm cheana féin trí chistiú breise a fhógairt mar chuid de Bhuiséad 2021 maidir le Líne Chabhrach Drugaí agus Alcóil FSS a fhairsingiú. Méadóidh an cistiú seo cumas na líne cabhraí chun cúnamh a sholáthar d’úsáideoirí, tuismitheoirí nó cairde atá buartha faoi úsáid drugaí nó alcóil."
Ghabh an tAire Feighan buíochas le hInstitiúid Taighde TobaccoFree, Éire, atá faoi stiúir an Ollaimh Luke Clancy, as an obair a rinne sé chun an tuarascáil a chur le chéile agus léirigh sé a bhuíochas do na scoileanna, agus do na scoláirí, ach go háirithe, a ghlac páirt sa suirbhé.
CRÍOCH
Is féidir teacht ar Thuarascáil Iomlán agus ar Thuarascáil Achomair ESPAD na hÉireann ar láithreán gréasáin Institiúid Taighde TobaccoFree, Éire.