Spreagann an tAire úinéirí capall a bhfoirmeacha Áireamh Eachaí a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Molann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., d’aon duine a choinníonn capaill nó eachaithe eile a bhfoirmeacha Áireamh Eachaí a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais roimh spriocdháta na seachtaine seo.
Bhí áireamh eachaí na bliana seo ar siúl ar an 30 Samhain agus is é an 20 Nollaig 2024 an dáta deiridh chun na foirmeacha áirimh a sheoladh ar ais. Iarrtar ar gach duine a choinníonn eachaithe amhail capaill, capaillíní, asail, miúileanna agus séabraí, agus atá cláraithe lena gcoinneáil, an tÁireamh Eachaí a líonadh isteach.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Tá mo Roinn ag tabhairt isteach Córas Inrianaitheachta Eachaí nua in 2025. Tá an córas nua bunaithe ar thuairisceáin an Áirimh Eachaí 2024 mar sin tá sé ríthábhachtach go líonfaí isteach agus go seolfaí ar ais na doiciméid áirimh.”
“Ní féidir a bheith freagrach ach amháin má chuirtear inrianaitheacht láidir i bhfeidhm. Is é áireamh eachaí na bliana seo, a bhí ar siúl ar an 30 Samhain, an chéad chéim maidir le córas inrianaitheachta eachaí nua a thabhairt isteach. Cuireadh foirmeacha Áireamh Eachaí 2024 ar fáil do gach áitreabh cláraithe ina gcoinnítear eachaithe, agus ní mór iad sin a sheoladh ar ais. Is ceanglas dlíthiúil é d’áireamh a sheoladh ar ais ach is bealach tábhachtach é freisin lena thaispeáint go gcreideann tú i gcuntasacht mar choimeádaí freagrach capaill,” a deir an tAire.
Chomh maith le bheith tábhachtach don inrianaitheacht, soláthraíonn an tÁireamh Eachaí eolas fiúntach don Roinn freisin maidir le cosc ar ghalair agus maidir le haghaidh a thabhairt ar ábhar imní faoi shláinte an phobail nuair a bhítear ag plé le capaill a ghabhann amú, a imíonn ar strae nó a ghoidtear.
Is gníomh éigeantach é an tÁireamh Eachaí a líonadh isteach agus mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfaí cosc a chur ar úinéirí eachaí searraigh a chlárú agus a gcapaill a onnmhairiú nó a dhíol.
Cuid de na critéir incháilitheachta le haghaidh Scéimeanna Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS3) é áireamh eachaí 2024 a chur isteach.
Ní mór do choimeádaí cláraithe gach áitribh ina gcoinnítear eachaithe ar oíche an áirimh tuairisceán comhlánaithe áirimh a chur isteach. I gcás ina bhfuil áitreabh cláraithe chun eachaithe a choinneáil ach nach bhfuil aon eachaí ann ar oíche an áirimh, ní mór an t-áireamh a líonadh isteach fós chun é sin a chur in iúl.
Glacfar le foirmeacha ar pháipéar ach moltar do choimeádaithe a gcuid faisnéise d’áireamh 2024 a chur isteach ar líne tríd an tíl shlán dar teideal ‘Áireamh Eachaí’ atá le feiceáil ar an táb ‘Seirbhísí AIM’ ar leathanach baile agfood.ie
I measc an eolais a iarrtar orthu siúd a choinníonn capaill nó eachaithe eile, áirítear: an líon iomlán eachaithe atá i láthair ar a sealúchas ar an 30 Samhain 2024; an líon iomlán de na hainmhithe sin a bhfuil pasanna acu; an líon iomlán a bhfuil pas le heisiúint dóibh go fóill; an líon iomlán eachaithe atá i láthair nach mbíonn ansin de ghnáth lena n-áirítear iad sin atá i láthair go sealadach i gcomhair pórúcháin, comórtais etc; agus, sonraí pasanna agus na dátaí ar ar bogadh ann iad i gcás eachaithe atá ar a sealúchas go buan.
Aon duine a dteastaíonn cúnamh uathu maidir le sonraí áirimh a chur isteach, bídís ar pháipéar nó ar líne, ba cheart dó/di dul i dteagmháil le Rannán AIM na Roinne (An Rannán um Aithint agus Gluaiseacht Ainmhithe) trí mheán ríomhphoist equinecensus2024@agriculture.gov.ie nó ar an nguthán ag 01 5058881.
DEIREADH
Nótaí don eagarthóir
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig gov.ie/equinecensus2024.