Spreagann An tAire McConalogue daoine a dtuairimí a chur in iúl ar Dhréacht-Threochlár um Chosc ar Dhramhaíl Bhia na hÉireann.
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Seoladh comhairliúchán poiblí ar Dhréacht-Threochlár um Chosc ar Dhramhaíl Bhia na hÉireann i mí Eanáir na bliana seo agus tá síneadh curtha anois leis an dáta deiridh go dtí an 28 Márta 2022.
Dúirt An tAire McConalogue:
“Go huilíoch, meastar go bhfuil an lorg carbóin a bhaineann le cur amú bia ag 3.3 billiún tonna de choibhéis CO2 de GHG a scaoiltear isteach san atmaisféar in aghaidh na bliana. Gineann Éire os cionn 1 milliún tonna de dhramhaíl bhia gach bliain. Spreagaim arís gach duine san earnáil agraibhia, lena n-áirítear miondíoltóirí, seirbhís bhia, próiseálaithe, agus táirgeoirí príomhúla, a bheith rannpháirteach sa chomhairliúchán seo. Is bealach é dul i ngleic le dramhaíl bhia, í a ghearradh siar nó deireadh a chur léi ar fad, chun meas a léiriú ar na táirgí den chéad scoth a tháirgtear ar fheirmeacha agus ar ár dtáirgeoirí, chomh maith le ról ollmhór a imirt i gcosaint an chomhshaoil.”
Áirítear le Fís don Bhia 2030, an straitéis 10 mbliana d’fhorbairt inbhuanaithe na hearnála agraibhia faoi stiúir na bpáirtithe leasmhara, gníomh chun Treochlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia a fhorbairt. Leagtar amach sa treochlár sraith gníomh chun na laghduithe is gá a sheachadadh chun ár ndramhaíl bhia a laghdú faoina leath faoi 2030, chun aon spriocanna gaolmhara eile a bhaint amach, agus ár n-aistriú chuig geilleagar ciorclach a chur chun cinn. Tá sé seo ag teacht leis an ngealltanas sa Phlean Gníomhaíochta Dramhaíola le hAghaidh Geilleagar Ciorclach, mar phríomhchuid de ról ceannasach na Roinne Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide in ullmhú an Treochláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Bhia.
Dúirt An tAire McConalogue freisin:
“Mura bhfuil do thuairim curtha in iúl agat cheana, déan amhlaidh le do thoil roimh an spriocdháta sínte an 28 Márta 2022. Tá do léargas ar conas is féidir laghdú ar dhramhaíl bhia a bhaint amach thar a bheith luachmhar agus is féidir leis cabhrú linn ár sprioc a bhaint amach maidir lenár ndramhaíl bhia a laghdú faoina leath faoi 2030.”
Chun eolas a fháil ar conas aighneacht a dhéanamh féach le do thoil: Public Consultation on the Draft National Food Waste Prevention Roadmap
Preasráiteas DECC: gov.ie – Press Release - Public Consultation opens on Ireland's National Food Waste Prevention Roadmap
CRÍOCH