Spreagann McConalogue Easpórtálaithe Agraibhia leanúint lena n-ullmhúcháin do Rialuithe Iompórtála an RA
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann an tAire Riachtanais Nua Réamhfhógartha ón 1 Eanáir 2022 chun solais
Spreag an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., oibreoirí gnólacht bia agus easpórtálaithe agraibhia leanúint lena n-ullmhúcháin chun riachtanais nua rialaithe iompórtála an RA a shásamh, a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn céimnithe ón 1 Eanáir 2022.
Ar an ní a chuirfear i bhfeidhm ar dtús an 1 Eanáir 2022, beidh riachtanais nua réamhfhógartha maidir le heaspórtálacha táirgí de bhunadh ainmhíoch go dtí an Bhreatain Mhór, cosúil le feoil, déirí, iasc agus táirgí ilchodacha. Spreag an tAire easpórtálaithe bia cur amach a bheith acu ar na riachtanach nua seo agus na socruithe riachtanacha a dhéanamh luath go leor.
Ag labhairt dó ag 25ú cruinniú an Choiste Comhairliúcháin Pháirtithe Leasmhara maidir le Brexit, dúirt an tAire:
“Tá sé an-tábhachtach gurb eol d’easpórtálaithe táirgí de bhunadh ainmhíoch go dtí an Bhreatain Mhór gur gá d’iompórtálaí an RA, nó gníomhaire a ghníomhaíonn thar a gceann, réamhfhógra a thabhairt faoi na heaspórtálacha seo, trí Chóras Iompórtála Táirgí, Ainmhithe, Bia agus Beatha (IPAFFS) an RA. Baineann seo le táirgí a easpórtáladh go díreach go dtí an Bhreatain Mhór agus le a easpórtáladh go dtí an AE tríd an droichead talún. Tá sé ríthábhachtach, ar an ábhar sin, go mbíonn cur amach ag easpórtálaithe ar na riachtanais, go scrúdaíonn siad slabhraí soláthair, go sainaithníonn siad cé a dhéanfaidh an réamhfhógra riachtanach, agus go gcinnteoidh siad gur féidir na riachtanais a shásamh roimh spriocdháta an 1 Eanáir.”
Ghlac an tAire an deis freisin chun plé a dhéanamh ar leagan nuashonraithe de Shamhail Oibriúcháin Teorann an RA a foilsíodh an tseachtain seo caite, a rinne gnéithe de riachtanais nua rialaithe iompórtála an RA a chur siar níos faide ón dáta a iarchuireadh cheana, an 1 Iúil 2022, go dtí an 1 Meán Fómhair agus an 1 Samhain 2022. Pléadh roinnt saincheisteanna eile ann freisin, deimhniú ina measc go ndearnadh bearta a chuireann cosc ar fheoil mhionaithe nó ullmhóid feola úr nó fhuaraithe ón AE go dtí an Bhreatain Mhór a chur siar ón 1 Eanáir go dtí an 1 Iúil 2022.
Dúirt an tAire:
“Cé go ndearnadh roinnt gnéithe de na socruithe nua a chur siar níos faide, ceapaim gur gá dúinn leanúint ag díriú go han-láidir ar ár n-ullmhúcháin a chríochnú a éifeachtúla agus a dhéine agus is féidir linn. Déanfaidh mo Roinn é sin, agus beidh cumarsáid rialta á déanamh aici le páirtithe leasmhara agus beidh idirchaidreamh á dhéanamh aici le contrapháirteanna an RA ar bhonn leanúnach sna míonna amach romhainn. Is mian linn leanúint leis an móiminteam a dhéanamh, in ainneoin na n-athruithe a thiteann amach go minic, agus dul i ngleic le haon easpa leanúnach soiléireachta a thapúla agus is féidir. Agus táimid ag tnúth le comhar leanúnach easpórtálaithe agraibhia i dtaobh na socruithe riachtanacha a chur chun feidhme agus a leabú. Thar aon ní eile, ní mór dúinn a chuimhneamh nach ndearnadh ach riachtanais nua an RA a chur siar, agus nár cuireadh ar ceal iad.”
Agus trácht níos ginearálta á dhéanamh aige ar athléimneacht na hearnála agraibhia, dúirt an tAire McConalogue: “Nuair a chuirtear méid agus luach na trádála agraibhia sa dá threo, agus cineál comhtháite na slabhraí soláthair seo san áireamh, d’imir rogha an RA an AE a fhágáil tionchar treoracha ar an timpeallacht trádála. Ar an drochuair, tá ualaí ar chuideachtaí nach féidir a sheachaint mar thoradh air seo i bhfoirm na riachtanas agus na rialuithe nua breise atá i bhfeidhm anois. Leanfaidh an Rialtas, áfach, ag tacú leis an earnáil i dtaobh oiriúnú do na socruithe nua seo, agus chun ullmhú a dhéanamh do na hathruithe breise a chuirfear i bhfeidhm in 2022.”
Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha an Coiste ar an eolas freisin ar nuashonruithe ar fhorbairtí a thit amach le déanaí ar leibhéal an AE maidir leis an gcaidreamh idir an AE agus an RA, an rannpháirtíocht leanúnach san áireamh maidir le Prótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm.
Nótaí d’Eagarthóirí
Is féidir le gnólachtaí teagmháil a dhéanamh leis an Roinn maidir le haon saincheisteanna a bhaineann le Brexit trí:
• a seoladh ríomhphoist tiomnaithe: brexitcall@agricuture.gov.ie, nó
• trí ghlaoch ar (01) 607 2830.
Tá comhairle agus acmhainní tiomnaithe ar fáil freisin ar láithreán gréasáin Rialtas na hÉireann ag: www.Gov.ie/Brexit
Tá sé ríthábhachtach go scrúdaíonn easpórtálaithe agraibhia a slabhraí soláthair lena chinntiú go bhfuil duine éigin acu leis an réamhfhógra riachtanach a dhéanamh ón 1 Eanáir 2022.
Ar bhunús na eolais is déanaí atá ar fáil ó údaráis an RA, tugtar achoimre thíos ar na príomhathruithe a thitfidh amach ón 1 Eanáir 2022:
1. Caithfear réamhfhógra a thabhairt do Chóras Iompórtála Táirgí, Ainmhithe, Bia agus Beatha (IPAFFS) Rialtas an RA maidir le heaspórtálacha díreacha Táirgí de Bhunadh Ainmhíoch (POAO) lena n-ithe ag daoine, feoil agus táirgí feola, táirgí déiríochta, táirgí éisc, mil, uibheacha tábla, táirgí ilchodacha, fotháirgí áirithe ainmhí agus bia ardriosca nach de bhunadh ainmhíoch é go dtí an Bhreatain Mhór (an BM) ó Éirinn agus Ballstáit an AE. Caithfidh an duine atá freagrach as an gcoinsíneacht, nach mór dóibh seoladh sa RA a bheith acu agus a bheith cláraithe ar an IPAFFS, an fógra seo a sheoladh ar aghaidh.
2. Caithfear réamhfhógra a thabhairt ar an IPAAFS faoi ghluaiseachtaí (trasdul) ar an Droichead Talún de na hearraí agraibhia seo trasna an BM. Luaigh Údaráis an RA gur féidir easpórtálaí Éireannach/AE na n-earraí seo an réamhfhógra seo a thabhairt ar chóras an IPAAFS mar mhaolú sealadach a bheidh i bhfeidhm don tréimhse ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2022. Ón 1 Iúil 2022 ar aghaidh, áfach, caithfidh duine atá bunaithe sa RA atá freagrach as an ualach a ghníomhaíonn thar ceann an easpórtálaí atá bunaithe in Éirinn/an AE réamhfhógra a thabhairt faoi ghluaiseacht na n-earraí seo trasna Dhroichead Talún an BM ar an IPAAFS.
3. I gcás gluaiseachtaí (trasdul) ar an droichead talún, caithfear fógra a thabhairt d’údaráis an RA freisin gur fhág na hearraí dlínse an RA trí ríomhphost a sheoladh chuig seoladh ríomhphoist tiomnaithe Rialtas an RA.
4. Is féidir réamhfhógraí an IPAFF a sheoladh a fhaide le 4 huaire an chloig sula mbainfidh na hearraí an BM amach.
Tá an leagan is déanaí de Shamhail Oibriúcháin Theorainn an RA ar fáil ag: www.gov.uk/government/publications/the-border-operating-model
Ba cheart d’aon duine a aistríonn earraí ó, go dtí agus tríd an RA (gan Tuaisceart Éireann a áireamh) clárú leis an Roinn mar iompórtálaí/easpórtálaí agus clárú a shocrú ar TRACES, faoi mar is cuí, trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag brexitregistration@agriculture.gov.ie. Ba cheart dóibh cur amach a bheith acu freisin ar na rialuithe Sláintíochta agus Fíteashláintíochta (SPS) atá curtha, agus a chuirfear, i bhfeidhm.