Staidéar Féidearthachta Olla foilsithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD fáilte inniu roimh fhoilsiú na Tuarascála Féidearthachta Olla.
Dúirt an tAire McConalogue:
“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála tábhachtaí seo. Is acmhainn luachmhar don tionscal í an tuarascáil thábhachtach seo, agus táim ag tnúth le bheith ag obair leis na hAirí Hackett agus Heydon chun cabhrú leis an earnáil forbairt de réir na moltaí atá leagtha amach. Tá súil agam go n-úsáidfidh an earnáil an tuarascáil chun cabhrú le todhchaí spreagúil d'earnáil na holla a leagan amach".
Dúirt an tAire Stáit Talmhaíochta le freagracht speisialta as úsáid talún agus bithéagsúlachta, an Seanadóir Pippa Hackett:
“Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil an tuarascáil luachmhar seo foilsithe ina bhfuil dúrud faisnéise do pháirtithe leasmhara agus don tionscal lena n-áirítear sruthanna maoinithe féideartha, deiseanna margaidh maidir le holann lena n-áirítear leasachán agus insliú, agus réimsí éagsúla le haghaidh tuilleadh taighde agus forbartha”.
Ceann de na príomh-mholtaí a rinneadh sa tuarascáil is ea Comhairle Olann faoi stiúir an tionscail a bhunú a dhéanfadh forbairt agus cur chun cinn ar olann na hÉireann sa bhaile agus go hidirnáisiúnta, ag tabhairt le chéile roinnt páirtithe leasmhara chun comhoibriú, nuálaíocht agus gníomhaíochtaí scálaithe a chothú. Moltar sa tuarascáil gur cheart go n-áireofaí i mballraíocht fhorleathan na Comhairle deonaí seo meascán d'fheirmeoirí táirgeoirí príomhúla agus de pháirtithe leasmhara/lucht tacaíochta, lena n-áirítear fiontair thráchtála atá toilteanach taighde agus arduithe céime a mhaoiniú agus comhairle a thabhairt maidir le scálú ar mhicreaghnóthaí a bhfuil baint acu le hearnáil na holla.
Dúirt an tAire Hackett:
“Iarraim anois ar pháirtithe leasmhara agus ar an tionscal teacht le chéile chun Comhairle Olla a bhunú a bheidh i gceannas ar an gcomhoibriú tionscail agus ar an nuálaíocht a theastaíonn chun olann na hÉireann a fhorbairt agus a chur chun cinn sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Tar éis don tionscal Comhairle Olla a chruthú a bheidh ionadaíoch ar raon leathan páirtithe leasmhara, cuirfidh ár Roinn cúnamh airgeadais €30,000 ar fáil i dtreo na gcostas tosaigh a bhaineann le bunú.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht speisialta as taighde agus forbairt, Martin Heydon TD:
“Cuirim fáilte roimh fhoilsiú na tuarascála seo a dhéanann athbhreithniú ar na deiseanna margaidh do tháirgí olla a fhástar in Éirinn agus a thugann ar aird na moltaí a dhéanann sí a bhaineann le taighde. Tá poitéinseal ollmhór ag olann mar ábhar nádúrtha i mbithgheilleagar na hÉireann atá ag fás. Tá an Clár Rialtais tiomanta d'infheistíocht a dhéanamh i dtaighde san earnáil agraibhia, lena n-áirítear an bithgheilleagar, agus is cuid thábhachtach é an maoiniú taighde a chuireann ár Roinn ar fáil trína sruthanna iomaíocha maoinithe bia phoiblí chun é seo a bhaint amach."
Is é an teideal atá ar an tuarascáil deiridh ná: “Department of Agriculture, Food and the Marine; Review of Market Opportunities for Irish Grown Wool Based Products” agus is féidir teacht air ANSEO:
Is ábhar nádúrtha inbhuanaithe, orgánach, in-athnuaite é olann agus is féidir é a úsáid i réimse leathan táirgí amhail teicstílí, leasacháin, insliú agus pacáistiú. In ainneoin a solúbthacht i go leor tionscail, tá praghsanna olann fós thar a bheith íseal áfach. D'fhonn aghaidh a thabhairt ar an gceist seo agus dearcadh níos fabhraí a lorg do thodhchaí thionscal na holla, fuair mé maoiniú rialtais €100,000 i mBuiséad 2021 chun athbhreithniú a dhéanamh ar an éileamh féideartha i margaí baile agus idirnáisiúnta ar tháirgí olann-bhunaithe, mar shampla insliú agus leasacháin.
Roimh an athbhreithniú, cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin phoiblí inar iarradh ar pháirtithe leasmhara a dtograí a chur isteach maidir le deiseanna féideartha margaidh do tháirgí olla ar an margadh baile agus ar an margadh idirnáisiúnta. Fuarthas níos mó ná 45 aighneacht.
Tar éis nós imeachta soláthair phoiblí iomaíoch, ceapadh ‘The Agile Executive', cuibhreannas ina bhfuil saineolaithe ó Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan agus Donegal Yarns, i mí na Samhna 2021 chun an t-athbhreithniú olla a dhéanamh agus na haighneachtaí a fuarthas faoin bpróiseas comhairliúcháin phoiblí a chur san áireamh.