Staid na hÚcráine le plé ag an Aire McConalogue le hAirí Talmhaíochta an AE
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu freastalóidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, ar chruinniú neamhfhoirmiúil urghnách d’Airí Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh chun an staid san Úcráin a phlé agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag an gcoinbhleacht ar earnáil agraibhia na hEorpa.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire roimh an gcruinniú a reáchtálfar trí fhíschomhdháil:
“Chuir Rialtas na hÉireann in iúl go soiléir go bhfuil sé go mór i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin. Tá ról lárnach againn sna hiarrachtaí atá á ndéanamh ar fud na Náisiún Aontaithe deireadh a chur leis an gcoinbhleacht seo agus a chinntiú go mbeidh an Rúis cuntasach as an méid atá tar éis tarlú, agus táimid ag tacú go hiomlán le smachtbhannaí an AE ar an Rúis. Táimid airdeallach freisin ar an tionchar uafásach atá aige seo ar shaoránaigh na hÚcráine, agus tá iarrtha againn ar an Rúis a cuid fórsaí a aistarraingt agus aird a thabhairt ar dhlí daonnúil idirnáisiúnta agus chearta an duine. Chomh maith leis sin, tá rochtain shábháilte agus gan chosc ar chúnamh daonnúil iarrtha againn.”
Ag tagairt don chruinniú atá le reáchtáil inniu dúirt an tAire McConalogue gurb é an aidhm atá ann eolas agus réamhaisnéisí maidir le tionchar reatha agus todhchaíoch na coinbhleachta ar shlabhraí soláthair agraibhia agus ar phraghsanna a phlé, agus nithe nach mór monatóireacht chúramach a dhéanamh orthu a shainaithint, chomh maith le gníomhartha a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith le breithniú go hinmheánach laistigh den AE agus i gcomhthéacs an chomhair idirnáisiúnta níos ginearálta freisin.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire:
“Is deis iontach é cruinniú an lae inniu measúnú tosaigh a dhéanamh ar an tionchar is dócha a bheidh ag an gcoinbhleacht ar shlabhraí soláthair agraibhia an AE, agus freagairtí poitéinsiúla a bhreithniú. Chomh maith leis sin, ní mór dúinn a bheith airdeallach ar na tosaíochtaí ginearálta, agus ar an gcothromaíocht atá le cinntiú - an riachtanas a bhaineann le seasamh le prionsabail dhaonlathacha, riail an dlí agus cearta an duine, an gá atá le haitheantas a thabhairt don phointe nach mór dúinn san Aontas Eorpach méid áirithe a fhulaingt d’fhonn cloí leis na prionsabail seo, agus an gá atá le slándáil bhia a chinntiú sa chiall is leithne - lena n-áirítear le haghaidh phobal na hÚcráine.”
CRÍOCH