Stoirm Ciara Uasdhátú - Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mian le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (an SPNF) comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar Pháirc Náisiúnta Chonamara, Páirc Náisiúnta Chill Mhantáin nó ar Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta – a fhad agus atá rabhadh gaoithe i bhfeidhm ag Met Éireann. Iarrann an SPNF freisin ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra sna contaetha Dhún na nGall, Maigh Eo agus Gaillimh fad a bheidh an Rabhadh i bhfeidhm.
A fhad agus a bheidh an rabhadh gaoithe, atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm, beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta:
Tá Rabhadh Oráiste gaoithe eisithe ag Met Éireann do chuile chontae ar an Domhnach 9 Feabhra, i bhfeidhm idir 5am agus 12 meánlae ar an Domhnach.
Tá comhoibriú leanúnach an phobail, is é sin le rá nach rachadh daoine isteach sna suíomhanna seo fad a bheidh na rabhaidh aimsire i bhfeidhm, á iarraidh ag an SPNF i ndáil leis an ábhar seo. Tabharfar tuilleadh eolais chun dáta de réir mar a éiríonn réamhaisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire - féach ar MetEireann.ie le haghaidh rabhaidh aimsire agus eolas chun dáta.