Stoirm Breandán - Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
A fhad agus a bheidh an rabhadh gaoithe, atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm, beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta:
Tá Rabhadh Oráiste gaoithe eisithe do Chiarraí, Corcaigh, An Clár, Loch Garman, Luimneach agus Port Láirge agus tá sé i bhfeidhm ón 7 ar maidin go dtí 15:00 Dé Luain, 13 Eanáir. . Tá rabhadh oráiste gaoithe eisithe do Dhún nan Gall, Gaillimh, Liatroim, Maigheo agus Sligeach, agus rabhadh buí do Áth Cliath, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfort, An Lú, Cill Mhantáin, Uíbh Fháilí, An Iar Mhí, An Mhí, An Chábháin, Muineacháin, Ros Comáin agus Tiobraid Árainn,
Is mian leis an SPNF comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra fad a bheidh an Rabhadh i bhfeidhm.
Tá comhoibriú leanúnach an phobail, is é sin le rá nach rachadh daoine isteach sna suíomhanna seo fad a bheidh na rabhaidh aimsire i bhfeidhm, á iarraidh ag an SPNF i ndáil leis an ábhar seo. Tabharfar tuilleadh eolais chun dáta de réir mar a éiríonn réamhaisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire - féach ar www.meteireann.ie le haghaidh rabhaidh aimsire agus eolas chun dáta.
CRÍOCH