Tá an spriocdháta le haghaidh iarratas ar an Scéim Feabhsúcháin Caorach nua ag druidim linn go tapa
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Mheabhraigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, TD d'fheirmeoirí inniu gurb é meán oíche anocht Dé Luain an 9 Eanáir 2023 an spriocdháta d'iarratais ar an Scéim Feabhsúcháin Caorach nua.
Dúirt an tAire:
“Tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil feirmeoirí caorach ag déanamh iarratais chun páirt a ghlacadh sa Scéim Feabhsúcháin Caorach nua, agus go bhfuil iarratas déanta cheana féin ag níos mó ná 12,000 feirmeoir. Is tacaíocht thábhachtach í an Scéim Feabhsúcháin Caorach d'fheirmeoirí caorach, agus mholfainn do gach iarratasóir incháilithe iarratas a dhéanamh roimh spriocdháta an Luain seo chugainn."
Tháinig an Scéim Feabhsúcháin Caorach in ionad na Scéime Leasa Caorach an1 Feabhra 2023. Rithfidh bliain na scéime ón 1 Feabhra go dtí an 31 Nollaig 2023. Meabhraítear d'fheirmeoirí go gcaithfear gníomhartha na scéime a chur i gcrích idiran 1 Feabhra agus an 31 Nollaig 2023. Ó 2024, beidh bliain na scéime i gcomhthráth leis an mbliain féilire, rud a fhágfaidh go mbeidh riar na scéime níos simplí d'fheirmeoirí, do chomhairleoirí agus don Roinn.
Scríobhfaidh an Roinn na feirmeoirí sin a roghnaigh an gníomh scanadh agus tabharfaidh sí deis dóibh a ngníomhartha a athrú do 2023, más mian leo (e.g., má dhéanann siad scanadh de ghnáth i mí Eanáir). Is féidir le feirmeoirí freisin an gníomh reithe géinitíopáilte a roghnú in 2023, a thiocfadh in ionad an ghnímh scanadh sa bhliain sin.
Is féidir leis an bhfeirmeoir iarratais a dhéanamh ar an scéim nó is féidir le Comhairleoir faofa faoin gCóras Comhairleach Feirme (FAS) tríd an tsaoráid iarratais ar www.agfood.ie. Meán oíche Dé Luain an 9 Eanáir 2023 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
Tá tuilleadh sonraí faoin scéim, lena n-áirítear cóip de théarmaí agus coinníollacha na scéime, doiciméad maidir le Ceisteanna Coitianta, agus treoir maidir le conas iarratas a dhéanamh, ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag Sheep Improvement Scheme.
Tá iarratais ar an Scéim Feabhsaithe Caorach á nglacadh anois ag an Roinn ar www.agfood.ie, . Féadfaidh feirmeoirí an t-iarratas a chur isteach iad féin nó féadfaidh siad iarraidh ar Chomhairleoir atá faofa ag an gCóras Comhairleach Feirme (FAS) iarratas a chur isteach thar a gceann. Tá liosta de Chomhairleoirí faofa FAS ar fáil freisin ar láithreán gréasáin na Roinne ag: Farm Advisory System (FAS).
Má bhíonn aon fhadhb ag feirmeoir nó comhairleoir logáil isteach ar www.agfood.ie, , is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag agfood@agriculture.gov.ie nó 049 -4368288.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim, déan teagmháil leis an Roinn ar an bhfón nó trí ríomhphost ar na bealaí seo a leanas: