Tá an tAire Heydon i gceannas ar Mhisean Trádála na hÉireann go Meicsiceo
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le Freagracht Speisialta as Rochtain Nua ar an Margadh, Martin Heydon TD, i gceannas ar Mhisean Trádála Éireannach go Meicsiceo.
Rinne an tAire stad gairid i San Antonio, Texas, chun bualadh le ceannaireacht H-E-B Supermarkets, príomhstocóir táirgí Éireannacha; sular bhog sé ar aghaidh go dtí Cathair Mheicsiceo.
Bhí an tAire I gceannas ar Ócáid Líonraithe Trádála ansin, arna óstáil ag Ambasáid na hÉireann, ag díriú ar Mhuiceoil na hÉireann mar chuid de Chlár Cur Chun Cinn Muiceola an AE de chuid Bhord Bia.
Inniú (Dé hAoine) beidh oifigigh ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia Tara McCarthy, agus Ambasáid na hÉireann i dteannta leis an Aire Heydon le haghaidh cruinnithe le hAirí sinsearacha de chuid Rialtas Mheicsiceo, agus le comhaltaí den Chomhairle Náisiúnta Talmhaíochta. Beidh an tAire ina óstach freisin ar dhinnéar gnó do phríomhbhaill de phobal gnó na hÉireann agus agraibhia I Meicsiceo.
Dúirt an tAire Heydon:
“Táim ag tnúth go mór leis an gcuairt se oar Mheicsiceo, margadh atá tábhachtach agus atá ag fás d’agraibhia na hÉireann. Tá sé thar a bheith tráthúil cuairt a thabhairt díreach mar a shroicheann an chéad lastas de mhuiceoil na hÉireann Meicsiceo. Tá mo Roinn ag obair go dlúth lena gcomhghleacaithe chun rochtain ar an margadh a fheabhsú d’onnmhairí agraibhia na hÉireann, lena n-áirítear rochtain leathnaithe ar tháirgí muiceola, agus is deis é an misean trádála seo na hiarrataí sin a ardú ar leibhéal polaitiúil.”
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hAmbasadóir na hÉireann go Meicsiceo, Maeve von Heynitz, agus le ceangaltán talmhaíochta mo Roinne féin, Gráinne Roughan, as a dtacaíocht le linn an mhisin trádála seo, agus go háirithe as a rannpháirtíocht dhearfach leanúnach le príomhpháirtithe leasmhara anseo i Meicsiceo.
Ar deireadh, seolfaidh an tAire tionscnamh nua inniu chun tacaíocht a sholáthar d’Fhiontraithe Tuaithe Mná i Meicsiceo.
Dúirt an tAire Heydon
“Is mór an onóir dom Clár Fiontraithe Tuaithe Mná a sheoladh i Meicsiceo, arna thacú agus arna chómhaoiniú ag mo Roinn I gcomhar le hEagraíocht Bia agus Talmhaíochta na NA (FAO). Díreoidh an Clár, a thógann ar chaidreamh láidir idirnáisiúnta na hÉireann le EBT agus a tharraingíonn taithí ónár gClár ACORNs rathúil in Éirinn, a fhiontraithe ban i stat Mheicsiceo i Jalisco a chumhachtú trí mheantóireacht agus tacaíocht piaraí a fheabhsú agus a fheabhsú rannpháirtíocht so gheilleagar tuaithe, agus athléimneacht mhéadaithe.”
“In Éirinn, éilíonn ár straitéis Fís Bia 2030 príomhról n amban inár bpobail feirmeoireachta agus bia; ach admhaíonn sé gur gá aitheantas agus tacaíocht níos fear a thabhairt dá rannchuidiú.”
“Táim thar a bheith sasta go gcuirfear tús anois i Meicsiceo leis an tsamhail a d’fhorbair ACORNS – le fiontraither nua ag fail comhairle phraiticiúil ó mheantóir agus ag roinnt a gcuid foghlama lena bpiaraí – a thacaigh leis an oiread sin dár bhfiontraithe ban iontacha sa bhaile.”
Tá Bord Bia ag bur a fheachtas Muiceola AE €3.8 milliún chun cinn i gCathair Mheicsiceo chun feasacht a chothú ar Éirinn mar sholáthraí muiceola ardchaighdeáin, sábháilte agus inbhuanaithe a tháirgtear.
Díríonn an feachtas trí bliana, Muiceoil agus Éanlaith Chlóis na hEorpa: Sármhaitheas i nDeimhniú Cáilíochta agus Sábháilteacht Bhia, go hiomlán ar mhuiceoil do Mheicsiceo, agus díríonn sé ar dhaonra 126 milliún duine. Is é seo an chéad mhóimeacht phearsanta ó fuair Éire rochtain ar an margadh chun muiceola a onmhairiú go Meicsiceo in 2020.
Chun an feachtas €3.8 milliún a chur chun cunn, thug Bord Bia cuireadh d’oifigigh rialtas Mheicsiceo agus d’ionadaithe thionscal an bhia lena n-áirítear allmhaireoirí is fear, dáileoirí, agus mórdhíoltóirí, chomh maith leis na meáin chuig seimineár muiceola AE ag Ambasáid na hÉireann i gCathair Mheicsiceo ina raibh láithreoireachtaí ar mhuiceoil agus ar tháirgeadh na hÉireann.
Dúirt Noreen Lanigan, Stiúrthóir Eoraip ahus Meiricea Thuaidh Bhord bia:
“Léiríonn taighde tomhaltóra Bhord Bia dúinn, cégo raibh muiceoil i gcónaí mar chuid thábhachtach d’aiste bia Mheicsiceo, go bhfuil uirbiú níos mó agus meánaicme ata ag fás agus ioncam tomhaltóirí ag ardú a bhfuil spéis acu i mbia, sábháilteacht, a chabhraigh leis an méadú gear ar éileamh muiceola a thiomáint. Tá a fhios again freisin go bhfuil éileamh láidir ar réitigh muiceola tapa agus éasca le húsáid, chomh maith le goile le haghaidh laghduithe muiceola préimhe go háirithe I measc tomhaltóirí níos óige i Meicsiceo.
Tógfaidh feachtas Muiceola an AE atá dírithe ar thrádáil feasacht agus tuiscint ar shábháilteacht bia, dearbhú cáilíochta agus inbhuanaitheacht muiceola na hEorpa agus tá muiceoil na hÉireann i riocht maith chun an t-éileamh méadaitheach seo a sholáthar agus muid ag táirgeadh muiceoil de réir na gcaighdeán sábháilteachta bia is déine san AE.”