Tacaíonn Grúpa Saineolaithe le Féidearthacht Chóras Gearán Aonair
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu, d’fhoilsigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, Tuarascáil an tSainghrúpa um Chóras Gearán Aonair sa Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne 2022.
Chinn an Sainghrúpa go bhfuil córas a cheadaíonn do dhuine aonair gearán a chur isteach go díreach chuig Coimisiún na Meán, an rialtóir nua a bhunófar tríd an mBille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne, indéanta. Dá réir sin, mhol an Sainghrúpa gur cheart do Choimisiún na Meán córas gearán aonair a thabhairt isteach ar bhonn céimneach, ag tabhairt tosaíochta do na gearáin sin ina mbaineann an t-ábhar ar líne atá i gceist le leanaí.
Shocraigh an tAire Martin faomhadh an Rialtais a lorg chun foráil a dhéanamh don bhunús reachtach do chóras gearán aonair tríd an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne 2022. Cheap an tAire an Sainghrúpa ní ba luaithe i mbliana chun scrúdú a dhéanamh ar a indéanta agus atá sé córas gearán aonair a áireamh sa Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne 2022. Bhí sé seo mar fhreagra ar thacaíocht láidir na bpáirtithe leasmhara do chóras den sórt sin agus an moladh maidir leis seo ag an gComhchoiste Oireachtais a rinne grinnscrúdú réamhreachtach ar Scéim Ghinearálta an Bhille.
Chuir an Sainghrúpa dianchlár oibre i gcrích, lena n-áirítear comhairliúchán poiblí agus plé dírithe le Coimisinéir Ríomh-Shábháilteachta na hAstráile, le hAireacht Cheanada atá freagrach as sábháilteacht ar líne agus le Coimisiún na hÉireann um Chosaint Sonraí.
Dúirt an Sainghrúpa nach mbeadh sé indéanta go dtosódh Coimisiún na Meán ag oibriú an chórais ghearán aonair ar bhonn gearrthéarmach, agus chuir siad béim ar an bpointe sin. Dúirt siad nach mbeadh sé indéanta ach amháin sa chás go gcomhlíontar príomhchoinníollacha. Go háirithe, thug an Sainghrúpa le fios nach mbeadh an éifeacht iomlán ná an éifeacht a bhí beartaithe ag córas gearán aonair mura rud é agus go dtí go mbunófaí rialú córasach éifeachtach ar phróisis láimhseála gearán na seirbhísí rialaithe ar líne. Leag an Grúpa béim ar a thábhachtaí agus atá acmhainní dóthanacha agus sa chomhthéacs sin dúirt siad go bhféadfaí costais an chórais a aisghabháil trí thobhach a ghearradh ar sholáthróirí seirbhísí ainmnithe ar líne. Tá sé i gceist go gcuirfí aon tobhach den sórt sin i bhfeidhm sula gcuirfí tús le haon chóras. Tabharfaidh an Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne an rialachán córasach seo isteach trí chóid cheangailteacha sábháilteachta ar líne a chur i bhfeidhm ar sheirbhísí rialaithe ar líne.
Chuir an tAire fáilte roimh mholtaí an Ghrúpa:
“Nuair a bhunaigh mé an Sainghrúpa chun féachaint ar an bhféidearthacht chun córas gearán aonair a bhunú, gheall mé a gcuid moltaí a chomhlíonadh. Inniu, tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil measúnú déanta ag an nGrúpa ar na fadhbanna go léir agus gur tháinig siad ar an gconclúid go bhfuil sé indéanta córas den sórt sin a thabhairt isteach.
"Mhol an Grúpa cur chuige céimnithe. Tá sé seo tábhachtach chun a chinntiú go bhfuil an córas inbhuanaithe. Mar sin féin, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go dtabharfaimid tús áite d’fholláine ár bpáistí agus mar sin táim thar a bheith sásta gur mhol an Grúpa tosaíocht a thabhairt do dhul i ngleic le hábhar díobhálach cosúil le cibearbhulaíocht sa chóras gearán.
"Gabhaim buíochas ó chroí leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an tSainghrúpa as a dtiomantas do thuarascáil chomh cuimsitheach sin a chur ar fáil go tapa. Táim muiníneach go mbeimid in ann córas éifeachtach gearán aonair a úsáid trí úsáid a bhaint as an gcur chuige céimnithe a oibreoidh go maith le creat córasach rialála do shábháilteacht ar líne chun infhaighteacht agus tionchar ábhar díobhálach ar líne a laghdú. Is í mo chéad chéim eile ná faomhadh an Rialtais a fháil chun leasuithe ar an mBille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán Ar Líne a dhéanamh chun bonn reachtúil a sholáthar do mholtaí an Sainghrúpa. Déanfaidh mé é seo chomh luath agus is féidir."
Dúirt Cathaoirleach an tSainghrúpa, Isolde Goggin:
“Gabhaim buíochas le baill eile an tSainghrúpa as a gcuid oibre crua thar dhianthréimhse ama, agus as a dtaithí ghairmiúil agus eolas ábhair a roinnt go fial. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin le gach duine a d'fhreagair ár gcomhairliúchán le hionchur úsáideach agus meáite a bhfuil ábhar machnamh ann.
"Cé gur mhol an Sainghrúpa go mbunófaí córas gearán aonair, tuigimid na dúshláin phraiticiúla atá le sárú, go háirithe maidir leis an méid gearán a d'fhéadfaí a chur isteach tríd an gcóras.
"Ar an ábhar sin, níl sé beartaithe córas uilechuimsitheach a bhunú láithreach maidir le raon feidhme. Tá sé tábhachtach go gcuireann Coimisiún na Meán rialáil chórasach éifeachtach i bhfeidhm ar na próisis inmheánacha láimhseála gearán de chuid seirbhísí rialaithe. Faoi réir seo, ar an gcéad dul síos ba chóir don chóras gearán aonair tosaíocht a thabhairt d’ábhar a bhaineann le leanaí. Le himeacht ama, faoi réir breithniú cuí a dhéanamh ar na fadhbanna praiticiúla gaolmhara, beifear in ann cohóirt agus cineálacha eile ábhair a thabhairt isteach de réir a chéile."