Tagann Grúpa Beartais Foraoiseachta an Aire Hackett le chéile den cheathrú huair
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhí an ceathrú cruinniú den Ghrúpa Náisiúnta um Beartas Foraoiseachta ar siúl inniu. Tionóladh an cruinniú, faoi chathaoirleacht an Aire Stáit um Úsáid Talún agus Bithéagsúlacht, an Seanadóir Pippa Hackett, chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm Tionscadal na Coillearnaí, a bhunaigh sí níos luaithe i mbliana, chun beartas náisiúnta foraoise a athbhreithniú agus a chur i bhfeidhm.
Ag cur sástachta in iúl faoin méid a chuala baill an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta ag an gcruinniú inniu dúirt an tAire,
“Thug an dul chun cinn a tuairiscíodh ag cruinniú an lae inniu an-spreagadh dom. Léirigh na nuashonruithe a thug Cathaoirligh an Bhoird Tionscadail agus gach ceann de na ceithre Ghrúpa Oibre go bhfuil an Tionscadal na Coillearnaí sin ar an bhfód i ndáiríre. Tháinig na Grúpaí go léir le chéile arís agus arís eile ó mhí Feabhra agus tugann an obair a rinneadh agus na pleananna atá leagtha amach inniu le fios go bhfuil treochlár láidir acu uile le seachadadh. Bhí áthas orm a chloisteáil freisin ní amháin go bhfuil na Grúpaí Oibre gnóthach lena gcláir oibre faoi seach, ach tá naisc chumarsáide curtha ar bun acu eatarthu chun comhsheasmhacht an chur chuige a chinntiú. Taispeánann sé ar fad, creidim, go bhfuilimid ar ár mbealach chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá roimh an earnáil faoi láthair agus straitéis nua foraoise a fhorbairt."
Bhí an ceathrú cruinniú inniu den Ghrúpa Beartais Foraoiseachta tiomnaithe do phlé a dhéanamh ar na pleananna oibre táscacha a chuireann gach Grúpa Oibre i láthair mar chuid de shainchúram an Ghrúpa treo Tionscadal na Coillearnaía stiúradh agus monatóireacht a dhéanamh air. Dúradh leis na baill go bhfuil obair ar siúl go maith chun breathnú ar na riaráistí agus na próisis níos éifeachtaí, atá lárnach sa tionscadal ar ndóigh. Cuireadh in iúl dóibh freisin faoi anailís chuimsitheach SWOT agus PESTLE a thosaigh mar chéad chéim i dtreo fhorbairt na Straitéise Foraoiseachta nua. Meastar go dtabharfar an plean rannpháirtíochta poiblí don straitéis chun críche faoi mhí an Mheithimh i mbliana agus go gcuirfear i bhfeidhm é i rith an chuid eile den bhliain. Pléadh freisin faoi sheoladh Glao ar Thograí le haghaidh Maoiniú Tacaíochta Coillearnaí in Éirinn do 2021/2022 inniu. Táthar ag súil go ndéanfar an Glao an tseachtain seo chugainn agus beidh sé ar cheann de na chéad torthaí den tionscadal.
Ag an gcruinniú, leag an tAire béim ar infheistíocht leanúnach a Roinne in acmhainní nua chun beartas náisiúnta foraoiseachta a chur i bhfeidhm agus chun na deacrachtaí ceadúnaithe reatha a shárú. Áirítear leis seo earcú comhairleora bainistíochta tionscadail seachtrach ag a Roinn. Rachaidh an comhairleoir i mbun an phoist an 4 Bealtaine, agus leanfaidh anailísí córais go tapa é chun athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar phróisis.
Chuir sí in iúl do na baill freisin go bhfuil an staidéar Irish Rural Link ar dhearcadh an phobail ar fhoraoiseacht, a choimisiúnaigh sí mar chuid de Tionscadal na Coillearnaí, ag céim ullmhúcháin agus go dtosóidh sé i ndáiríre i lár mhí na Bealtaine.
Agus mar sin, mar fhocal scoir, dúirt an tAire gur
bunaíodh Tionscadal na Coillearnaí chun breathnú ar na saincheisteanna casta atá os comhair earnáil na foraoiseachta. Is é an comhthéacs ina gcaithfimid oibriú chun na saincheisteanna seo a réiteach ná meascán de riachtanais chomhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta. Táim an-bhuíoch mar sin as tiomantas leanúnach na ndaoine agus na n-eagraíochtaí rannpháirteacha uile as a gcuid ama agus saineolais a thabhairt chun todhchaí níos gile agus níos inbhuanaithe a bhreacadh don fhoraoiseacht in Éirinn. Tá dul chun cinn mór á dhéanamh againn anseo agus leanfaidh mé ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir chun é seo a chur i bhfeidhm."
Nótaí don Eagarthóir:
Déanann Bord Tionscadail maoirseacht ar dhul chun cinn Tionscadal na Coillearnaí, faoi chathaoirleacht Ard-Rúnaí na Roinne, Brendan Gleeson. Tháinig Bord an Tionscadail le chéile trí huaire ó seoladh an Tionscadal agus tá treoir agus saineolas seachtrach á sholáthar aige chun a rath a chinntiú. Rinne Cathaoirleach an Bhoird Tionscadail cruinniú an lae inniu maidir le dul chun cinn i gcur i bhfeidhm an Tionscadail go dtí seo a nuashonrú.
Seo a leanas ballraíocht an Ghrúpa Beartais Foraoiseachta:
Eagraíocht | Ainmní |
NPWS | Jenni Roche |
EPA | Bernard Hyde |
Teagasc | Nuala Ni Fhlatharta |
Tionscail Foraoise Éireann | Mark McAuley |
Balcas | Brian Murphy |
Glenmore Forestry Services | Peter O'Brien |
Western Forestry Co-operative Society Ltd. | Marina Conway |
Cumann Conraitheoirí Feirme agus Foraoiseachta in Éirinn | Michael Moroney |
IFA | Vincent Nally |
Coillte | Mark Carlin |
Cumann Comhairleoirí Foraoiseachta na hÉireann | Dermot Houlihan |
Cumann na gComhairleoirí Talmhaíochta | Tom Canning |
Cumann Fásóirí Adhmaid na hÉireann | Donal Whelan |
Pro Silva | Paddy Purser |
None So Hardy Nurseries | Teige Ryan |
Environmental Pillar | Andrew St Ledger |
An Taisce | Elaine McGoff |
SWAN | Mark Boyden |
Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann | Pádraic Fogarty |
Birdwatch Ireland | Oonagh Duggan |
Coillearnacha na hÉireann | Joe Gowran |
Irish Rural Link | Seamus Boland |
COFORD | Dr. Eugene Hendrick |
Úinéirí Foraoiseachta na hÉireann | Nicholas Sweetman |
Comharchumann Úinéirí Foraoise /Luimneach/Tiobráid Árainn Úinéirí Coillearnaí | Kathryn O’Donoghue |
Stop Climate Chaos Coalition | Sadhbh O’Neill |
Is féidir na cáipéisí uile don Ghrúpa Beartais Foraoise a fháil ag: www.gov.ie/en/collection/e43d8-forestry-policy-group-chaired-by-mos-hackett/
CRÍOCH