Cuireann an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tuairiscí ar thinte i gcuntas, go háirithe i gContaetha Ciarraí, Laois agus Cill Mhantáin, ó cuireadh tús leis an dáta deiridh an 1 Márta chun na gníomhaíochtaí siúd a dhéanamh.
Is féidir leis an Roinn tailte a shainaithint a dódh trí íomhánna satailíte.
Tugann anailís ar na híomhánna ábhartha le fios go ndearnadh ar a laghad 130 heicteár a dhó sna contaetha seo ón 1 Márta. Luaitear go soiléir sna Téarmaí agus Coinníollacha don Scéim Buníocaíochta agus do scéimeanna ceantarbhunaithe eile go bhfuil na tailte siúd neamh-incháilithe d’íocaíocht.
“Nuair a dódh talamh idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa, níl staid oiriúnach ar an talamh le haghaidh innilte nó saothrú agus níl sé incháilithe, ar an ábhar sin, don chuid eile den bhliain”.
Déanfaidh an Roinn teagmháil leis na hiarratasóirí siúd a dhéanann iarratas ar thailte dóite in 2021, le hiad a chur ar an eolas ar an toradh a imrítear ar a n-íocaíocht má dhóitear a limistéar incháilithe.
Cuirfidh an Roinn tús go gairid le cigireachtaí talún i gceantair a shainaithin íomhánna satailíte chun tabhairt faoi sheiceálacha breise sna ceantair seo.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Rialaítear fásra a dhó sna hAchtanna um Fhiadhúlra. Is cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú ag Alt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) aon fhásra a dhó atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil saothraithe faoin tráth sin ón 1 Márta go dtí an 31 Lúnasa in aon bhliain.
Is féidir leis an nGarda Síochána nó an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (an SPNF) aon daoine aonair a dheimhnítear a dhóigh fásra laistigh den tréimhse choiscthe sin a ionchúiseamh.
Níl aon ról ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir le hionchúisimh.
CRÍOCH