Tairseach Nua Agfood ar fáil chun cur ar chumas feirmeoirí iarratas a dhéanamh ar Chúiteamh TB Ar Líne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ón Déardaoin, an 30 Meán Fómhair 2021, beidh deis ag feirmeoirí a n-iarratas ar chúiteamh TB a dhéanamh faoin scéim Luacháil Margaidh Feirme ar líne trí Agfood.ie. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tairseach nua chúitimh TB deis d’fheirmeoirí glacadh le nó diúltú don luacháil ar a gcuid ainmhithe a bheidh curtha i gcrích ar fheirm ag luachálaí neamhspleách.
Leanfaidh feirmeoirí le luacháil ar a gcuid ainmhithe a fháil i bhfoirm cóip chrua óna luachálaí agus ansin is féidir leo logáil isteach ar agfood.ie chun glacadh le nó diúltú don luacháil sin. Is é an aidhm atá leis an áis nua seo an méid ama a chaitheann imbreoirí TB ar an bhfeirm a laghdú de bhrí go gcuirfidh sé seo luas leis an am freagartha idir feirmeoirí agus DAFM agus go gcuirfidh sé deireadh leis an gcostas a bhíonn ar fheirmeoirí a mbíonn orthu foirmeacha a sheoladh tríd an bpost.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue le linn dó fáiltiú roimh thairseach nua Agfood.ie,
“Is tuilleadh fianaise fós é an tairseach chúitimh nua ar líne TB ar thiomantas mo Roinne don mhéid tairbhe agus is féidir a bhaint as buntáistí na teicneolaíochta chun saol feirmeoirí a shimpliú. Lena chois sin, ba cheart go gcabhródh an áis nua seo le riosca leathadh an ghalair a bhainistiú tríd an méid ama a chaitheann imbreoir ar fheirm a laghdú, cur chuige a raibh béim á leagan ag feirmeoirí air riamh.
Tá sé léirithe ag feirmeoirí go bhfuil siad toilteanach tairbhe a bhaint as buntáistí na cumarsáide ar líne agus tá sé beartaithe ag DAFM leanúint lena háiseanna ar líne a fhorbairt chun freastal ar an toilteanas sin”.
Tá an áis nua seo an-iomasach agus éasca le húsáid agus tá lámhleabhar úsáideora le fáil trí rannóg Cúitimh TB shuíomh gréasáin na Roinne má theastaíonn sé. Is féidir le feirmeoirí clárú chun úsáid a bhaint as Agfood.ie trí logáil isteach ar www.Agfood.ie agus cliceáil ar an gcnaipe “Cláraigh”.
CRÍOCH