Síneadh le spriocdháta TAMS deimhnithe ag an Aire McConalogue
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé deimhnithe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D., go mbeifear ag cur síneadh leis an dáta deiridh a nglacfar leis an gcéad tráinse eile den Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS).
Beifear in ann iarratas a dhéanamh ar an gcéad tráinse eile TAMS, an 20ú tráinse, Dé Sathairn an 14 Samhain agus is é an 31 Nollaig an dáta deiridh atá socraithe ar dtús faoina gcaithfidh iarratais a bheith déanta. Ach, mar gheall go bhfuil an dáta sin ag titim le linn thréimhse na Nollag áfach, tá síneadh ar an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais faighte ag an Aire McConalogue. Is i lár mhí Eanáir atá an spriocdháta nua.
Dúirt an tAire McConalogue faoin síneadh atá curtha leis an spriocdháta,
"Osclóidh an chéad tráinse eile TAMS Dé Sathairn an 14 Samhain. Tá spriocdháta nua i lár mhí Eanáir á mholadh anois agam. Cuirfimid na sonraí maidir le Tráinse TAMS 20 in iúl go soiléir do na páirtithe leasmhara lena mbaineann sna seachtainí amach romhainn.
Cinnteofar leis an síneadh seo go mbeidh dóthain ama ag feirmeoirí agus a gcuid comhairleoirí araon an páipéarachas riachtanach ar fad a chomhlánú agus nach mbeidh siad faoi bhrú agus iarratais á gcomhlánú acu. Táim ag moladh d'fheirmeoirí agus dá gcuid comhairleoirí a bheith ciallmhar lena gcuid ama agus gan iarratais a fhágáil go dtí an nóiméad deiridh."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire,
"Tá ag éirí thar barr le TAMS ó cuireadh tús léi agus is scéim í a bhfuil tairbhe ag baint léi. Tá nuachóiriú déanta ar na mílte feirmeacha chomh maith le feabhsúcháin timpeallachta agus sábháilteachta mar thoradh ar an scéim agus cuirtear borradh faoi gheilleagair áitiúla i gcéim tógála na bhforbairtí. Tá roinnt mhaith ceaduithe atá fós le réiteach ag feirmeoirí agus mholfainn dóibh an obair infheistíochta a thabhairt chun críche agus iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht chomh luath agus is féidir. Ba cheart d'fheirmeoir ar bith atá ag iarraidh a ndeontas a fháil roimh dheireadh na bliana dul i mbun oibre lena gcomhairleoir láithreach chun a n-éileamh a chur ar aghaidh anois."
CRÍOCH