Táthar tar éis tús a chur leis an Scéim Íocaíochta Bhunúsach agus leis an Scéim d’Fheirmeoirí Óga
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue, T.D., tar éis a dheimhniú go bhfuiltear tar éis tosú ar na híocaíochtaí comhardaithe faoi Scéim Íocaíochta Bhunúsach (BPS) 2022 agus faoi Greening a dhéanamh.
Agus tús á chur le híocaíochtaí comhardaithe an BPS is amhlaidh gurb é €1.14 billiún le tuairim is 121,000 feirmeoir an tsuim iomlán atá íoctha, agus tá €373 á eisiúint d’fheirmeoirí on lá inniu i leith.
Bhí le rá ag an Aire McConalogue,
“Ó lár Dheireadh Fómhair i leith, táimid tar éis €767 milliún de réamhíocaíochtaí BPS a íoc le 118,000 feirmeoir. Tá tuairim is 98% de gach feirmeoir incháilithe tar éis réamhíocaíocht 70% a fháil. Is deas liom a dheimhniú go bhfuiltear tar éis tosú ar na híocaíochtaí comhardaithe a íoc agus go bhfuil an méid sin á dhéanamh de réir sceidil.”
Lean an tAire air,
“Príomthosaíocht dom féin agus don Roinn is ea íocaíochtaí scéime a eisiúint go héifeachtach. An €1.14 billiún a íocadh go dtí seo faoi BPS 2022 agus Greening, is foinse tacaíochta ríthábhachtach é sin do theaghlaigh feirme ar fud na tíre agus don gheilleagar tuaithe foriomlán i gcoitinne.
Dheimhnigh an tAire freisin go dtosófar ar na híocaíochtaí faoin Scéim d’Fheirmeoirí Óga 2022 inniu chomh maith. Bhí le rá ag an Aire,
“Táim sásta go bhfuil na híocaíochtaí faoin Scéim d’Fheirmeoirí Óga á n-eisiúint chomh maith mar go bhfuil ról ríthábhachtach ag na híocaíochtaí sin maidir le tacú le feirmeoirí óga agus le feirmeoirí nua.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Beidh íocaíocht le feiceáil i gcuntas bainc feirmeoirí sna laethanta beaga amach romhainn agus leanfaidh an Roinn léi ag próiseáil, le teann práinne, gach cás íocaíochta atá fágtha de réir mar atáthar ag tabhairt faoi fhiosrúcháin atá fos le réiteach.”
Mhol an tAire go láidir d’aon fheirmeoir a bhfuil fiosrúchán atá fós le réiteach aige ón Roinn freagairt ar an méid sin chomh luath agus is féidir chun go n-éascófar íocaíocht.
Feirmeoirí ar mian leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn i dtaca lena n-íocaíocht BPS, is féidir leo siúd glaoch a chur ar an Líne Chabhrach le haghaidh Íocaíochtaí Díreacha. Féadann feirmeoirí aon cheist a bhíonn acu a leagan isteach ar líne trí https://agfood.agriculture.gov.ie/sso-auth-ui-applicant/#/login, mar ar féidir teacht ar mhiondealú mionsonraithe ar íocaíochtaí.