Cuireann an RTBM 11ú an Fhóraim Eitinne ar siúl
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh 11ú cruinniú an Fhóraim Eitinne ar siúl inné, Dé Céadaoin, an 26 Bealtaine, agus d’fhreastail réimse grúpaí páirtithe leasmhara air.
Ghlac páirtithe leasmhara páirt ghníomhach ann chun an iomaí dúshlán a chruthaíonn eitinn a shárú. Aithníodh san Fhóram tromchúise an cháis reatha eitinne agus an gá atá le dul i mbun gnímh chun leibhéil ghalair a laghdú agus feirmeacha teaghlaigh a chosaint ón strus a chruthaíonn briseadh amach eitinne. Cuireadh nuashonruithe ar fáil don chruinniú ó na trí mheitheal a bunaíodh faoin Straitéis Eitinne nua (Meitheal um Chur i bhFeidhm, Meitheal Airgeadais, Meitheal Eolaíochta), agus aithníodh iarrachtaí na ngrúpaí seo.
Tugadh an rath a bhí ar an mbeartas neamhchonclúideach nua chun solais i ndiaidh gur sainaithníodh anois i bhfad ní ba thapúla go bhfuil an galar ar go leor eallaí ardriosca neamhchonclúideacha trí shampláil fola agus, má dheimhnítear go bhfuil an galar orthu, baintear ón tréad mar gheall gur frithghníomhaithe iad, agus cosnaíonn seo eallach eile ina dtréada agus laghdaíonn sé an baol go mbeidh ar an bhfeirmeoir déileáil le scaipeadh breise eitinne. Aithníodh gur shampla dearfach é seo den tionchar a imríonn na beartais nua a leagtar amach sa Straitéis Eitinne, lena dtacaíonn an Fóram Eitinne.
Pléadh san Fhóram freisin an gá atá le díriú athnuaite ar bhaol na heitinne a chur in iúl agus ar bhealaí is féidir le feirmeoirí a n-eallach a chosaint.
Luaigh an tAire McConalogue (ón mBruiséil), “Cuireann Eitinn Bólachta strus ollmhór ar fheirmeoirí agus a dteaghlaigh, agus cuirim fáilte, dá bharr, roimh obair leanúnach an Fhóraim Eitinne a dhéanann plé ar bhealaí inar féidir linn leibhéil Eitinne a laghdú níos mó agus eallach agus úinéirí tréad a chosaint. Léiríonn an tionchar dearfach atá á thabhairt faoi deara againn ón mbeartas neamhchonclúideach nua na tairbhí a chruthaíonn oibriú as lámh a chéile i gcomhpháirtíocht chun an straitéis eitinne nua a chur i bhfeidhm.”