Téann McConalogue i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin ar an 10ú Leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dheimhnigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, inniu go bhfuil tús curtha anois le comhairliúchán ar an deichiú leasú ar an gClár Forbartha Tuaithe (RDP).
Ag fógairt an phróisis chomhairliúcháin dó, dúirt an tAire McConalogue,
“Is leasú tábhachtach é seo ar an gClár Forbartha Tuaithe. Cuirfidh sé maoiniú EAFRD agus EURI a comhaontaíodh ar leibhéal an AE anuraidh i bhfeidhm go foirmiúil, agus tógfaidh sé ar na bearta RDP atá i bhfeidhm cheana féin chomh maith le tacú le feirmeoirí agus le pobail tuaithe cur leis an téarnamh eacnamaíoch glas. Tá an leasú á tharchur anois chuig an gCoiste Faireacháin lena bhreithniú, agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh é lena cheadú níos déanaí sa mhí."
Foráiltear leis na dréacht-mholtaí do chur chun feidhme bearta le linn na hidirthréimhse dhá bhliain idir RDP 2014-2020 agus Plean Straitéiseach nua an CBT.
Cinnteoidh an leasú leanúnachas na mbeart atá ann cheana sa Chlár don idirthréimhse, chomh maith le díriú ar mhaoiniú Ionstraim Téarnaimh an AE (EURI) de bheagnach €190m i dtreo aghaidh a thabhairt ar dhúshláin bhithéagsúlachta, aeráide agus chomhshaoil, agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn i gceantair thuaithe.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire,
“Déanfar tuilleadh fógraí faoi na scéimeanna gaolmhara sna seachtainí amach romhainn tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Faireacháin agus comhaontú maidir leis an leasú leis an gCoimisiún Eorpach."
CRÍOCH