Tionscnamh Bithéagsúlachta Feirmeoireachta nua seolta ag an Aire Hackett
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá glao ar thionscnaimh bhithéagsúlachta nua feirme agus pobail faoi stiúir áitiúil seolta inniu ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett.
Leis an tionscnamh €1.25 milliún, atá faoi Chlár Forbartha Tuaithe na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, fáilteofar roimh iarratais ar thionscadail ó ghrúpaí feirmeoirí, ó ghrúpaí áitiúla gníomhaíochta, ó NGOnna, ó údaráis áitiúla, nó ó ghrúpaí pobail. Dúirt an tAire Hackett,
“Is ar mhaithe le cuidiú le feirmeoirí agus le bainisteoirí talún an tionscnamh seo chun maitheas a dhéanamh don bhithéagsúlacht ar fheirmeacha agus ag leibhéal áitiúil araon. Is glao oscailte atá ann agus, mar sin, tá súil agam go gcuirfidh gach uile comhlacht leasmhar, amhail grúpaí feirmeoirí, NGOnna, údaráis áitiúla, grúpaí pobail, nó, go deimhin, EIPanna atá ann cheana a gcuid smaointe chun cinn do thionscnaimh bhithéagsúlachta áitiúla.”
Agus cúlra an ghlao á mhíniú aici, dúirt an tAire freisin,
"Tá na tionscadail faoi stiúir áitiúil ar chuid de na tionscadail is fearr inár gClár Forbartha Tuaithe reatha. Táim ag iarraidh cur leo trí thacaíocht a chur ar fáil do leaganacha ar scála níos lú. Bhí ríméad orm maoiniú €1.25 milliún a fháil sa Bhuiséad don ghlao seo, agus feicim tionscadail ar éirigh leo ag díriú ar bhithéagsúlacht a mhéadú trí obair i gcomhar le grúpaí beaga d'fheirmeoirí nó le grúpaí beaga de bhainisteoirí talún. D'fhéadfadh gnáthóg chomhchoiteann a bheith ag feirmeoirí amhail sruthán a théann trína dtailte ar fad, nó d'fhéadfadh siad a bheith scaipthe ach cineál ghnáthóg chomhchoiteann a bheith acu. Glacfar le ceachtar acu. Níl uainn ach tacaíocht a thabhairt do smaointe cruthaitheacha ar mar is féidir iad a thabhairt le chéile chun cur leis an mbithéagsúlacht.”
Ní mór na tionscadail atá á gcur ar aghaidh mar fhreagra ar an nglao luach ar fiú €50,000 ar a laghad a bheith ag baint leo, agus nach dtógfadh sé níos faide ná bliain iad a thabhairt i gcrích, tar éis na pleanála a bheith críochnaithe agus na ceadanna ábhartha a bheith faighte. Beidh an glao iomaíoch, agus socróidh coiste meastóireachta na tionscadail a bheidh le maoiniú.
Mar fhocal scoir, agus béim á cur aici ar an rud a bhí súil aici leis maidir le tionscadail a bheith ábalta cur le rath na 24 gclár faoi stiúir áitiúil ar fud na tíre agus ina bhfuil thart ar €60 milliún infheistithe ag an Roinn go dtí seo,
“Taispeánadh nuálaíocht cheart leis na scéimeanna seo agus bhain siad amach torthaí is féidir a thomhas i dtéarmaí aeráide, bithéagsúlachta agus uisce chomh maith le hinmharthanacht na bhfeirmeoirí atá páirteach a fheabhsú. Ach ba mhaith liom tuilleadh a chur leis sin agus tionscnaimh níos lú a fhorbairt, rud a mheallfadh i bhfad níos mó feirmeoirí agus a thabharfadh deis dóibh oibriú as lámh a chéile, le comhlachtaí eile agus fiú le pobail áitiúla. Ní mór go dtuigfimis go léir gur acmhainn chomhroinnte iad gnáthóga nádúrtha, timpeallacht agus bithéagsúlacht na tíre agus dá bhrí sin, tá súil agam go smaoineoidh daoine agus grúpaí i ngach cearn den tír seo ar pháirt a ghlacadh agus ar theagmháil a dhéanamh le mo Roinnse i ndáil le hiarratas a ullmhú.”
Nóta d'Eagarthóirí:
Ba chóir iarratais a chur ar aghaidh faoi mheán oíche an 31 Márta 2021 chuig EIP@agriculture.gov.ie, .
Is féidir cáipéis treorach maidir leis an nGlao Oscailte a íoslódáil ó láithreán gréasáin na Roinne ag www.gov.ie/en/service/18a855-european-innovation-partnership-scheme/?referrer=http://www.agriculture.gov.ie/farmerschemespayments/europeaninnovationpartnershipincludinglocallyledschemes/europeaninnovationpartnership/
nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Rannán EIP ar EIP@agriculture.gov.ie , nó trí ghlaoch a chur ar an uimhir íosghlaonna 0761 064 415.
Tá tionscnamh an EIP cómhaoinithe ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh mar chuid de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann. Is éard a bhaineann leis go bunúsach ná réimse páirtithe leasmhara (feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, NGOnna etc) ag teacht le chéile i ngrúpaí a dtugtar 'Grúpaí Oibríochta' chun triail a bhaint as réitigh nuálacha atá forbartha ag an nGrúpa é féin.
Tá réimse leathan Ghrúpaí Oibríocha EIP ann cheana faoi RDP na hÉireann, ach is é seo an chéad ghlao do thograí atá dírithe go sonrach ar thionscnaimh bhithéagsúlachta áitiúla ar scála níos lú.
Tá tacaíocht don Ghlao Oscailte struchtúrtha timpeall ar chiste iomaíoch. Déanfaidh coiste gach iarratas a mheas maidir lena n-ábharthacht don chlár EIP agus maidir le luach na hoibre a mholtar chun cur le bithéagsúlacht sa phobal. Cuirfear gearrliosta deiridh le chéile óna ndéanfaidh DAFM tionscadail a roghnú le cur i bhfeidhm le linn na bliana 2021 agus cuirfear suas le 100% den mhaoiniú ar fáil.
CRÍOCH