Treoraíonn an tAire McConalogue Misean Trádála Agraibhia chuig an tSeapáin agus Singeapór
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An tseachtain seo beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue TD i gceannas ar an gcéad chéim de mhisean trádála agraibhia chun na hÁise, a chlúdaíonn an tSeapáin agus Singeapór.
Beidh an tAire Stáit Martin Heydon TD, a bhfuil freagracht speisialta air as margaí nua a fhorbairt, i gceannas ar an dara chéim den mhisean trádála, go Vítneam, an tseachtain seo chugainn. Is margaí fáis ardluacha tosaíochta iad an tSeapáin agus réigiún na hÁise Thoir Theas d'onnmhairí bia agus dí na hÉireann.
Ag labhairt dó roimh an Misean Trádála, dúirt an tAire McConalogue:
"Tá an-áthas orm an misean trádála seo a threorú chuig an tSeapáin agus Singeapór mar is deis ríthábhachtach é chun táirgí bia agus dí ardchaighdeáin, sábháilte agus inbhuanaithe na hÉireann a chur chun cinn sa tSeapáin, i Singeapór agus i margaí préimhe níos leithne na hÁise Thoir Theas.
“D'éirigh linn rochtain ar an margadh a oscailt agus a leathnú d'onnmhairí mairteola agus caoireola na hÉireann chuig an tSeapáin le blianta beaga anuas, agus tugann an misean trádála seo deis eile dúinn na honnmhairí seo a chur chun cinn sa tSeapáin. Is é seo an tríú misean trádála go dtí an réigiún ó 2017 agus táim ar bís tógáil ar an obair iontach atá déanta roimhe seo. Is é mo phríomhfhócas margaí nua a oscailt agus a fhorbairt a fhásfaidh ár n-earnáil bia den chéad scoth d'fhonn torthaí níos láidre a sheachadadh do theaghlaigh feirme na hÉireann atá mar bhunchloch ár dtionscail."
“Neartóidh agus tógfaidh an Misean Trádála seo naisc idir Éire agus an réigiún maidir le trádáil agraibhia. Músclóidh sé feasacht ar chórais táirgthe bia inbhuanaithe na hÉireann agus ár dtiomantas do thacú le caidrimh gnólacht le gnólacht a dhéanfaidh fíordhifríocht d'onnmhaireoirí bia agus dí na hÉireann."
Beidh seoladh Bhord Bia dá straitéis réigiúnach trí bliana mar fhócas dá chuid den mhisean trádála go dtí an tSeapáin agus an Áise Thoir Theas. Leagtar amach sa straitéis réigiúnach nua sprioc €800 milliún in onnmhairí bia agus dí na hÉireann chuig an Áise Thoir Theas faoi 2025, faoi stiúir na n-earnálacha déiríochta agus feola.
An tSeapáin
B'ionann onnmhairí iomlána agraibhia chun na Seapáine in 2021 agus beagnach €180 milliún, méadú 20% i gcomparáid le 2020 agus méadú 350% le deich mbliana anuas, de réir staitisticí trádála CSO. B'ionann onnmhairí déiríochta chun na Seapáine anuraidh, cáis chéadair den chuid is mó, agus €66 milliún; agus b'ionann onnmhairí muiceola agus €50 milliún; agus b'ionann luach onnmhairí mairteola agus €28m. Is catagóirí tábhachtacha onnmhairithe eile iad éisc (€16 milliún) agus deochanna (€10 milliún).
Dúirt an tAire McConalogue:
"Tá caidreamh dearfach na hÉireann leis an tSeapáin ag dul ó neart go neart mar is léir ón gcuairt a thug an Taoiseach le déanaí i mí Iúil agus ón gcomhpháirtíocht bhríomhar trádála idir ár dtíortha. Mar thoradh air seo tá onnmhairí bia na hÉireann chuig an tSeapáin ag fás i gcónaí le cúpla bliain anuas fiú nuair a bhí an suaitheadh domhanda sa slabhra soláthair ag bagairt orthu. Roinnimid go leor dearcadh cultúrtha ar bhia agus ar fheirmeoireacht agus mar sin beidh sé seo ina dheis iontach chun ár gcaidreamh a fheabhsú.
“Táim ag tnúth le tógáil ar an gcaidreamh láidir atá againn leis an Rialtas le linn mo chruinnithe le mo chomhghleacaithe sa tSeapáin agus le tairiscint bia ardchaighdeáin na hÉireann a chur chun cinn sa mhargadh luachmhar seo.”
Singeapór
Is mol réigiúnach criticiúil é Singeapór i slabhraí soláthair na hÁise Thoir Theas.
I Singeapór, beidh an tAire McConalogue agus Príomhfheidhmeannach Bhord Bia Michael Murphy ag freastal ar sheó trádála Food & Hotel Asia (FHA) ina mbeidh 10 gcuideachta as Éirinn rannpháirteach. Is é FHA an t-imeacht trádála is mó dá leithéid sa réigiún agus meallann sé os cionn 80,000 cuairteoir. Mar chuid de FHA beidh pailliún de chuid Bhord Bia a bheidh dírithe ar cháil a chothú i measc mheáin trádála thionscal bia agus dí na hÉireann.
Dúirt an tAire McConalogue:
"Tá fás leanúnach ag teacht ar mhargadh na hÁise Thoir Theas agus is sprioc thábhachtach é maidir le héagsúlú onnmhairí bia na hÉireann. Táim ag tnúth le tiomantas na hÉireann do tháirgeadh bia inbhuanaithe a leagan amach agus ár n-uaillmhian go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i gCórais Bhia Inbhuanaithe, ag cuimsiú inbhuanaitheacht i ngach gné – an comhshaol, cúrsaí sóisialta agus cúrsaí eacnamaíochta.
“Tá áthas orm freisin tacú le roinnt dár n-onnmhaireoirí bia is mó chun teagmháil a dhéanamh le custaiméirí ardluacha sa mhargadh seo agus cáilíocht na tairisceana ó tháirgeoirí bia na hÉireann a chur i láthair."
Dúirt Michael Murphy, Príomhfheidhmeannach Bhord Bia,
“Bhí luach €535 milliún ag baint le honnmhairí bia agus dí na hÉireann chuig an Áise Thoir Theas anuraidh, méadú 25% ar 2020. Léiríonn na figiúirí seo go bhfuil custaiméirí sa réigiún seo fós tiomanta do tháirgí inbhuanaithe ardchaighdeáin a bhfuil muinín acu astu a aimsiú i gcomhthéacs na ndúshlán a bhaineann leis an bpaindéim mar aon le fachtóirí macra eile amhail saincheisteanna lóistíochta agus praghsanna déiríochta níos airde. Tá onnmhaireoirí déiríochta na hÉireann in áit mhaith chun comhábhair a sholáthar do mhonaróirí a tháirgeann báicéireacht stíl an iarthair, deochanna feidhmiúla agus táirgí tomhaltóirí eile, agus tá ag éirí le miondíoltóirí agus bialanna ar fud an réigiúin seo le feoil, bia mara agus alcól na hÉireann. Tá cáil ar leith ar chlár inbhuanaitheachta náisiúnta na hÉireann, Origin Green, san earnáil seo agus cuirfidh straitéis nua Bhord Bia treochlár ar fáil do na gnólachtaí bia seo chun a ngnó le hÉirinn a fhiosrú agus a mhéadú go mór.”
Dúirt Ciaran Gallagher, Stiúrthóir Réigiúnach Bhord Bia don Áise Thoir Theas, agus é tuartha go dtiocfaidh méadú 100 milliún ar dhaonra Oirdheisceart na hÁise faoi 2050, go mbeidh éileamh méadaithe ar allmhairí, agus go bhfuil Éire in áit mhaith chun freastal air”.
“Cuireann an misean trádála seo tús le clár níos déine gníomhaíochta atá á thógáil ag Bord Bia chun táirgí bia na hÉireann agus a dtáirgeoirí a chur chun cinn i measc comhpháirtithe áitiúla a chuireann luach ar tháirgí bia ardchaighdeáin,” a dúirt sé. “Is bealach luachmhar iad misin thrádála mar seo chun próifíl na hÉireann mar náisiún a tháirgeann bia a ardú agus deiseanna tráchtála a chur ar fáil do chuideachtaí bia agus dí na hÉireann.”
Dúirt an tAire McConalogue:
"Ag teacht lenár straitéis chomhroinnte Fís don Bhia 2030 maidir le fás inbhuanaithe na hearnála, is tosaíochtaí de chuid mo Roinne iad rochtain ar an margadh a mhéadú, ár n-onnmhairí chuig margaí nua a fhorbairt agus a leathnú, agus go háirithe sa tSeapáin agus i réigiún mór na hÁise Thoir Theas, ag obair i ndlúthchomhar le Bord Bia, Ambasáidí na hÉireann sa tSeapáin agus i Singeapór, agus le hearnáil agraibhia na hÉireann ina hiomláine.
“Táim ag baint úsáide as an misean trádála seo chun an bia iontach a tháirgtear ar fheirmeacha teaghlaigh na hÉireann a thabhairt chuig asraonta miondíola agus bialanna an mhargaidh iontach seo."