Tuairimí á lorg ag an gCoimisiún maidir le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá comhairliúchán poiblí á sheoladh ag an gCoimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht inniu, a bheidh ar oscailt go dtí an 31 Eanáir 2025.
I mí Dheireadh Fómhair, bhunaigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue TD, Coimisiún ar Athnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht. Tá cur chuige oibiachtúil, bunaithe ar fhianaise, á ghlacadh ag an gCoimisiún chun scrúdú a dhéanamh ar na tosca a chuireann le déimeagrafaic aoise reatha na hearnála agus cuirfidh sé roghanna beartais i láthair lena mbreithniú. Tá an Coimisiún ag dul ag plé go dlúth le páirtithe leasmhara.
Foilseofar fógra comhairliúcháin ar shuíomh gréasáin na Roinne ón 12 Nollaig 2024 ag an seoladh seo a leanas: gov.ie - Public Consultation on Generational Renewal in Farming.
Ba cheart go mbeadh achoimre ghearr nach mó ná 300 focal i ngach aighneacht ina leagtar amach na príomhphointí. Maidir le haighneachtaí ó eagraíochtaí nó ó ghrúpaí, ba cheart go mbeadh cuntas gairid ar bhallraíocht, ar aidhmeanna agus ar chuspóirí na heagraíochta nó an ghrúpa sin san áireamh. Ba cheart gach aighneacht a sheoladh i scríbhinn ar r-phost le tagairt “Comhairliúchán Poiblí” i líne an ábhair chuig: GenerationalRenewalCommission@agriculture.gov.ie
Is é 4i.n. ar an 31 Eanáir 2025 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí agus ní chuirfear aon cheann a gheofar tar éis an spriocdháta sin san áireamh.