Tuairimí an phobail á lorg chun athbhreithniú a dhéanamh ar an margadh cíosa
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá tús curtha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO) le hathbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an earnáil phríobháideach chíosa chun a fháil amach cén chuma ba cheart a bheith ar earnáil cíos príobháideach atá ag feidhmiú go hiomlán san fhadtéarma, agus tá cuireadh á thabhairt don phobal anois páirt a ghlacadh san athbhreithniú cuimsitheach. Déanann sé seo beart de réir gealltanais a tugadh i Nuashonrú ar Phlean Gníomhaíochta um Thithíocht do Chách anuraidh (Samhain 2022).
Cuirfear san áireamh san athbhreithniú na hathruithe suntasacha rialála a rinneadh le blianta beaga anuas i margadh na gcíosanna cónaithe. Tiocfaidh sé ar chonclúidí maidir leis an gcaoi ar féidir feabhas a chur ar ár gcóras tithíochta chun creat éifeachtúil, inacmhainne, inmharthana, sábháilte agus slán a chur ar fáil do thiarnaí talún agus do thionóntaí araon. Gníomhóidh an Rialtas ar mholtaí an athbhreithnithe.
Gné lárnach den athbhreithniú is ea rannpháirtíocht spriocdhírithe le páirtithe leasmhara éagsúla agus ionchur poiblí díreach trí chomhairliúchán. Moltar don phobal a dtuairimí a thabhairt trí fhoirm ar líne a chomhlánú.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien,
“Mar Rialtas táimid dírithe go hiomlán ar sholáthar gach cineáil tithíochta sábháilte agus slán a mhéadú, lena n-áirítear cíos, agus an gá atá le cíosóirí a chosaint agus tiarnaí talún a choinneáil sa chóras, mar sin beidh an t-athbhreithniú seo ina chéim eile chun tosaigh chun an aidhm seo a bhaint amach.
“Is gné lárnach den athbhreithniú an comhairliúchán poiblí. Táimid ag spreagadh an phobail a dtuairimí, a dtaithí agus a ndearcthaí a chur ar fáil maidir leis an earnáil phríobháideach cíosa in Éirinn”.
Comhairliúchán Poiblí – Athbhreithniú ar an Earnáil Cíosa Cónaithe Príobháideach