Tuarascáil Earnáil Gairneoireachta na hÉireann foilsithe inniu
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Charlie McConalogue T.D. agus an tAire Stáit le freagracht as Gairneoireacht, Pippa Hackett fáilte inniu roimh fhoilsiú an tuarascáil de chuid KPMG ar Deiseanna d’earnáil gairneoireachta na hÉireann, a choimisiúnaigh an tAire Hackett ag deireadh na bliana seo caite.
Cuireann an tuarascáil, a sheol an tAire Hackett inniu ag seimineár gréasáin inar ghlac geallsealbhóirí san earnáil páirt ann, forbhreathnú cuimsitheach ar an staid reatha sa tionscal gairneoireachta in Éirinn.
Dúirt an tAire Hackett:
“Rinne mé an tuarascáil seo a choimisiniú chun na dúshláin agus na deiseanna atá ann d'earnáil na Gairneoireachta a aithint. Cuireann sé mioneolas agus anailís shuntasach ar fáil a bheidh mar bhonn eolais do straitéis an athraithe ionas go mbeadh sé ar chumas gach earnáil laistigh den tionscal seo a lánacmhainneacht a bhaint amach. Is cuid ríthábhachtach de gheilleagar na hÉireann í an ghairneoireacht agus tá a fhios againn go dteastaíonn táirgí as Éirinn ó na tomhaltóirí.”
Dúirt an tAire McConalogue:
“Léiríonn an tuarascáil an tábhacht a bhaineann le hinmharthanacht an cheathrú earnáil talmhaíochta is mó in Éirinn.” D’aontaigh sé le cinneadh na tuarascála, “nach bhfuil aon réiteach amháin ann a d’fhéadfadh forbairt rathúil a chinntiú d'earnáil ghairneoireachta na hÉireann. Sé an bealach is dírí chun uaillmhian na hearnála a bhaint amach ná an dóthain muinín a thabhairt do na shaothróirí agus do na gnólachtaí atá ann cheana chun na fiontair bhrabúsacha a leathnú agus a éagsúlú.”
Cé go bhfuil a gcuid dúshlán agus deiseanna féin ag gach fo-earnáil, tá roinnt príomhfhachtóirí fairsinge ann a mbaineann leis an earnáil ina hiomlán. Leagann an tuarascáil béim ar na gníomhartha ar féidir leo cabhrú le dul i ngleic leis na dúshláin chomh maith leis na deiseanna a fhorbairt don earnáil.
Mar fhocal scoir, ghabh an tAire Hackett buíochas le KPMG agus le fochoiste Fhóram Tionscail na Gairneoireachta as an obair a rinne siad maidir leis an tuarascáil a hullmhú. Ag leagan an béim freisin aici, dúirt an tAire Hackett
“go bhfuil tuilleadh oibre le déanamh againn, agus cinnteoidh forbairt na Straitéise uileghabhálacha don earnáil atá bunaithe ar an inbhuanaitheacht agus ar an nuálaíocht agus atá le foilsiú go luath an bhliain seo chugainn, an fás agus an rathúnas atá i ndán don earnáil tábhachtach seo.”
Is féidir an tuarascáil a híoslódáil ag https://www.gov.ie/en/collection/380b3-horticulture/