Tuarascálacha a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil le dúshláin a bhaineann le soláthar móna san earnáil Gairneoireachta foilsithe
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D agus an tAire Stáit atá freagrach as Gairneoireacht, an Seanadóir Pippa Hackett agus an tAire Stáit Martin Heydon T.D atá freagrach as Taighde agus Forbairt, go bhfuil dhá thuarascáil foilsithe, ar tugadh gealltanas maidir leo mar chuid de pháipéar oibre na Roinne chun tacú leis an earnáil gairneoireachta náisiúnta atá ag brath ar mhóin.
Choimisiúnaigh an Roinn Seamus Boland ó Nasc Tuaithe na hÉireann chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal agus ar oiriúnacht na stoc móna reatha agus chun láithreáin fhéideartha níos lú ná 30 heicteár a shainaithint a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach le haghaidh asbhaint a bhfuil na rialacháin á gcomhlíonadh aici. Sa tuarascáil dar teideal ‘Tuarascáil Chríochnaitheach maidir leis an measúnú ar Leibhéil agus ar Oiriúnacht Stoc Móna Dúchasaí Reatha agus Sainaithint Láithreán faoi Thríocha Heicteár agus moltaí eile chun tacú leis an earnáil gairneoireachta náisiúnta fad is atá iarrachtaí ar bun roghanna eile seachas móin a úsáid’, rinne an tUasal Boland roinnt moltaí breise a shíl sé ba cheart a chur san áireamh chun déileáil leis na dúshláin atá le sárú ag an earnáil gairneoireachta. Chomh maith leis sin, choimisiúnaigh an Roinn na saineolaithe pleanála, Des Johnson agus Padraic Thornton, chun treoir a thabhairt maidir leis an bpróiseas rialála a bhaineann le hasbhaint móna ar láithreáin atá níos lú ná 30 heicteár. Cuireann an tuarascáil dar teideal ‘Treoir Úsáideora le haghaidh na bpróiseas rialála (pleanáil agus comhshaol) a bhaineann go sonrach le gníomhaíocht asbhainte móna chun críocha gairneoireachta ar láithreáin atá níos lú ná 30ha in Éirinn’ leis an tuarascáil a choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:
“Tá ról lárnach ag an earnáil gairneoireachta inár dtionscal agraibhia. Táirgeann an earnáil bia ar ardchaighdeán a mbaineann daoine ar fud na tíre taitneamh as. Le blianta beaga anuas bhí dúshlán le sárú ag tionscal gairneoireachta gairmiúil na hÉireann, dúshláin a bhain le cúrsaí dlí agus rialála, nuair a bhí iarrachtaí á ndéanamh acu móin a asbhaint. Tá na dúshláin seo fós le sárú ach gabhaim buíochas leis na saineolaithe ar fad as an obair atá curtha i gcrích acu go dtí seo. Tá mo chomhghleacaí, an tAire Hackett, atá freagrach go díreach as an earnáil gairneoireachta, i mbun cúrsaí a phlé lena comhghleacaithe Aireachta ar fud an Rialtais agus é mar aidhm aici teacht ar chomhaontú maidir leis na chéad chéimeanna eile d'fhonn a chinntiú go mbeidh móin ar fáil go gearrthéarmach don earnáil gairneoireachta. Tá an Roinn, agus táimid féin mar Airí, dírithe ar thodhchaí inbhuanaithe agus gheal na saothróirí agus an tionscail trí chéile a chinntiú.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Hackett:
“Tá treoir rialála le fáil sa dara tuarascáil atá curtha i dtoll a chéile ag an Uasal Johnson agus ag an Uasal Thornton dóibh siúd ar mian leo tairbhe a bhaint as an bpróiseas rialála a bhaineann le hasbhaint móna ar láithreáin atá níos lú ná 30 heicteár. Is mise an tAire atá freagrach as Gairneoireacht agus tuigim go bhfuil sé riachtanach móin a chur ar fáil don tionscal gairneoireachta náisiúnta i rith na hidirthréimhse go dtí go mbeidh roghanna eile atá saor ó mhóin in úsáid. Is acmhainn fhinideach agus luachmhar í móin agus tá próisis rialála bunaithe chun í a chosaint, dá réir sin, molaim d'asbhainteoirí móna an treoir a scrúdú agus eolas a chur ar na córais rialála atá bunaithe.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Heydon:
“Tá mo Roinn ag leanúint ar aghaidh ag tacú le agus ag éascú taighde maidir le forbairt roghanna eile seachas móin a úsáid san earnáil gairneoireachta, agus ainneoin go bhfuil neart dul chun cinn á dhéanamh, ní bheidh toradh na hoibre le feiceáil go ceann i bhfad agus ní mór don tionscal leanúint ar aghaidh le rochtain a fháil ar mheán inmharthana i rith na hidirthréimhse chun poist agus chun an earnáil a chosaint.”
Tá an Páipear Oibre ina bhfuil an tSraith Gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo tacú le saothróirí gairneoireachta le fáil ag an nasc seo a leanas: Publication of reports commissioned as part of the peat working paper.
Cuireann an earnáil gairneoireachta ar bhealach suntasach leis an ngeilleagar agus bhí luach ag geata na feirme de bheagnach €521 milliún luaite léi in 2021 agus bhí 17,600 duine fostaithe agus ag díriú ar tháirgeadh príomhúil agus fostaithe i ngnóthaí breisluacha agus iartheachtacha.
I láthair na huaire, braitheann thart ar 60% de luach earnáil gairneoireachta na hÉireann ar mhóin agus is iad earnálacha na mbeacán, na dtaitneamhachtaí agus na dtorthaí boga is mó atá ag brath uirthi. Dá réir sin, teastaíonn rochtain leantach ón tionscal ar mhóin go dtí go bhforbraítear roghanna eile.
Tá an earnáil gairneoireachta tiomanta do roghanna eile seachas móin mar mheán fáis a fhorbairt. Níor cheart go mbeadh móin in úsáid faoi 2030, nó faoi 2035 ar a dhéanaí, ar an gcoinníoll go mbeadh ábhair mhalartacha ar fáil.
Soláthraíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tacaíocht don tionscal gairneoireachta trí Scéim an Chúnaimh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta a Fhorbairt. Tá tacaíocht airgeadais ar fáil chun cabhrú le saothróirí agus gnóthaí trí chúnamh deontais d'infheistíochtaí caipitil i monarcha agus trealamh speisialaithe lena n-áirítear fuinneamh in-athnuaite, mar aon le húsáid a bhaint as teicneolaíocht a bhaineann go sonrach le táirgeadh gairneoireachta tráchtála, cosúil le teicneolaíochtaí chun úsáid a bhaint as meáin fáis mhalartacha. Fógraíodh méadú buiséid luach €10 milliún i mBuiséad 2023, fianaise ar thábhacht na hearnála. Tá an scéim á maoiniú 100% ag Rialtas na hÉireann. Tá sonraí maidir leis an Scéim an Chúnaimh Infheistíochta chun an Earnáil Gairneoireachta Tráchtála a Fhorbairt le fáil ag: Horticulture Schemes.
Tá tuilleadh tacaíochtaí á gcur ar fáil don earnáil trí Scéim Eagraíochtaí Táirgeoirí an AE (PO) le haghaidh Torthaí agus Glasraí. Go dtí seo, cuireadh maoiniú ar fáil do dhá thionscadal taighde inbhuanaitheachta maidir le roghanna malartacha seachas móin. Tá eolas maidir leis an Scéim PO le fáil ag: Horticulture Schemes.
Tá na sonraí ar fad a bhaineann le dámhachtainí Ghlao Taighde Iomaíoch na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara 2021 le fáil ag: Research and Codex.
• Bhronn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €1.69m le haghaidh tionscadal taighde dar teideal ‘An Ré Iar-Mhóna’ mar thoradh ar Ghlao Taighde Iomaíoch 2021. Tá Roinn Forbartha Gairneoireachta Theagasc freagrach as an tionscadal seo. Read details of this research.