Tugann an Rialtas cead an Bille um Fheirmeoireacht Fionnaidh a dhréachtú
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, inniu gur aontaigh an Rialtas ar an mBille um Shláinte agus Leas Ainmhithe (Leasú), 2021 a dhréachtú.
Foráiltear sa Bhille seo don chreat reachtaíochta chun (a) toirmeasc a chur i bhfeidhm ar ainmhithe a choimeád go príomha dá bhfionnadh nó da gcraiceann, (b) soláthar a dhéanamh do scéim cúitimh do na gnólachtaí feirmeoireachta fionnaidh atá á n-oibriú faoi láthair, agus (c) leasuithe ilghnéitheacha eile a thabhairt isteach ar an Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013. Lorgaíonn an tAire Grinnscrúdú Réamhreachtach luath a dhéanamh ar na forálacha nua.
Áirítear le Clár an Rialtais 2020 gealltanas chun reachtaíocht a thabhairt chun cinn a chuireann toirmeasc ar fheirmeoireacht fionnaidh sa Stát. Is é an Dréachtbhille seo an chéad chéim maidir leis an straitéis seo a chomhlíonadh.
Tá buarthaí sochaíocha ann anois a bhaineann le feirmeoireacht a dhéanamh ar ainmhithe go príomha dá bhfionnadh nó dá gcraiceann.
Imreoidh an toirmeasc reachtúil ar fheirmeoireacht fionnaidh tionchar díreach ar thrí ghnólacht feirmeoireachta atá ag tabhairt faoi ghnó dleathach faoi láthair. Ar an gcúis seo, áirítear leis an dréachtreachtaíocht scéim cúitimh do na gnólachtaí feirme a ndéanann an toirmeasc difear dóibh. Tá an scéim cúitimh a bheartaítear ceaptha a bheith cothrom agus réasúnta ar na hoibreoirí feirmeoireachta fionnaidh atá i gceist agus a bheith cothrom ar an gcáiníocóir chomh maith.
Áirítear leis an dréachtreachtaíocht roinnt leasuithe teicniúla ar an Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013 agus aisghairm ar Acht an Bhainne (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979 nach bhfuil feidhm leis agus nach bhfuil á athsholáthar.
Ag trácht dó ar an mBille, dúirt an tAire
“Tá an toirmeasc ar fheirmeoireacht fionnaidh sa Stát ar aon dul lena mhacasamhail de thoirmisc atá á gcur i bhfeidhm, nó atá ar tí a gcur i bhfeidhm, in go leor dlínsí ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.
“Tuigim gur tráth an-dúshlánach é seo ar na feirmeoirí agus na feirmeacha atá i gceist. Chloígh na feirmeoirí i gcónaí leis na caighdeáin riachtanacha leasa ainmhithe. Tá an pacáiste cúitimh atá á chur ar fáil ceaptha caillteanais a mhaolú a eascraíonn as an toirmeasc, áfach. Leanfaidh me ag oibriú leis na feirmeoirí lena chinntiú go gcuirtear aon chúiteamh ar fáil agus go bhfuil sé cothrom agus réasúnta.”
Dúirt an tAire mar fhocal scoir:
‘Cuirim fáilte roimh chomhaontú an Rialtais ar an mBille seo a dhréachtú agus tá súil agam go dtugtar chun cinn é tríd an bpróiseas reachtach gan mhoill”.
Dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett:
“Píosa tábhachtach agus céimnitheach reachtaíochta é seo a gcreidim go dtacaíonn tromlach mór an phobail i gcoitinne leis. Príomhghné de Chlár an Rialtais é agus thacaigh mé féin agus, go deimhin, go leor grúpaí leasa ainmhithe agus comhlacht ionadaíoch na máinlianna tréidliachta in Éirinn, Tréidliacht Éireann, leis ar feadh i bhfad.”
Nótaí d’Eagarthóirí
• Áirítear le Clár an Rialtais 2020 gealltanas chun reachtaíocht a thabhairt chun cinn a chuireann toirmeasc ar fheirmeoireacht fionnaidh sa Stát. Cuireadh dréachtreachtaíocht le chéile anois chun toirmeasc a chur ar ainmhithe a choimeád go príomha dá bhfionnadh agus/nó dá gcraiceann.
• Cuirfidh an scéim cúitimh cúiteamh ar fáil d’oibreoirí feirmeoireachta minceanna i ngeall ar chaillteanais mar thoradh ar thoirmeasc ar an tionscal feirmeoireachta fionnaidh in Éirinn. Cuirtear san áireamh sa scéim cúitimh a bheartaítear scála agus bunfheidhmíocht an tionscail agus cuireann sé an deis ar fáil do na húinéirí oibríochtaí a fhoirceannadh ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil. Tá an fháil atá ar an scéim cúitimh ceaptha dul i ngleic le caillteanais a bhaineann go díreach leis an toirmeasc agus cothromaíocht á baint amach i gcomhthráth i dtaobh an nochta don státchiste trí chritéir a leagan amach ar a n-íocfar cúiteamh.
• Tá an mhodheolaíocht a úsáidtear chun caillteanais a ríomh a eascraíonn as an toirmeasc ar luach sócmhainne neamhréadaithe agus féidearthacht ioncaim ar aon dul le cuir chuige thuilleamhbhunaithe agus shócmhainnbhunaithe, go mór mór, a úsáidtear i luachálacha cuideachta ach tá sé bunaithe ar thuairisceáin airgeadais a d’ullmhaigh na trí ghnólacht feirme féin. Déantar costais a gearradh ar na gnólachtaí as íocaíochtaí iomarcaíochta a dhéanamh lena bhfostaithe, táillí gairmiúla áirithe, costais diúscairt minceanna agus costais a bhaineann le foirgnimh mhinceanna a scartáil a chur san áireamh freisin.
CRÍOCH