Tugann an tAire Foley cuireadh d’iarratais ar phátrúnacht do cheithre iar-bhunscoil nua atá le bunú i 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá cuireadh tugtha inniu ag an Aire Oideachais Norma Foley TD do chomhlachtaí pátrúnachta scoile/do chomhlachtaí ionchasacha pátrúnachta iarratas a dhéanamh ar phátrúnacht ceithre iar-bhunscoil nua atá le bunú i Meán Fómhair 2021.
Dúirt an tAire Foley:
“Is tréimhse neamhghnách agus dúshlánach í seo do phátrúin scoileanna agus do phobail scoileanna. Tá sé tábhachtach go leantar mar is gnáth a mhéid agus is féidir leis an bpróiseas pátrúnachta do na hiar-bhunscoileanna atá le hoscailt i 2021 ar, agus go mbíonn deis ag pátrúin iarratas a dhéanamh ar na scoileanna nua a reáchtáil, agus go mbíonn deis ag tuismitheoirí a rogha pátrúnachta a chur in iúl.
“In ainneoin go leanann an suíomh maidir le Covid-19, tá sé tábhachtach go dtosaíonn an próiseas pátrúnachta iar-bhunscoile do 2021 anois ionas go mbeidh go leor ama ag na pátrúin scoile a bheidh ag tosú na hullmhúcháin is gá a dhéanamh d’oscailt na scoileanna i 2021.”
Baineann cuireadh an lae inniu leis an bhfógra ó 2018 go mbunófaí 45 scoil nua chun freastal ar fhás déimeagrafach thar na tréimhse ceithre bliana ó 2019 go 2022.
Le déanaí, chríochnaigh an Roinn an chéad chéim ar athbhreithniú nuashonraithe na ndéimeagrafaic ag leibhéal na hiar-bhunscoile, agus aird tugtha ar eolas nuashonraithe ar dhéimeagrafaic agus ar fhorbairt chónaithe bhreise. Mar thoradh ar an athbhreithniú seo cheadaigh an tAire Oideachais roinnt athruithe ar liosta na n-iar-bhunscoileanna atá le bunú i 2021, mar seo a leanas:
Bunófar iar-bhunscoileanna nua, nár fógraíodh cheana, do na limistéir phleanála scoile seo a leanas:
• Dún Seachlain
• Guaire
Bunófar scoileanna nua, mar a bhí pleanáilte, i limistéir phleanála scoile Bhaile an Chollaigh agus i limistéir phleanála scoile Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh & Dún Laoghaire.
Tá bunú na scoileanna seo a leanas curtha siar ó 2021 go 2022. Leanfaidh an obair idir an dá linn chun cóiríocht na scoileanna a ullmhú do 2022.
• Áth Cliath2_Áth Cliath4
• Domhnach Míde_Binn Eadair_D13/Baile Dhúill/Steach Póilín
• An Naigín_Cill Iníon Léinín_Dún Laoghaire Ráth an Dúin/Coill na Silíní
Déantar próiseas pátrúnachta a reachtáil tar éis cinneadh a dhéanamh go mbeidh gá le scoil nua. Dá réir sin, beidh próiseas pátrúnachta ann anois don cheithre iar-bhunscoil atá le bunú i 2021 a bheidh ag freastal ar na limistéir phleanála scoile seo a leanas:
• Baile an Chollaigh
• Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh & Dún Laoghaire
• Dún Seachlain
• Guaire
Is cóir do phátrúin ionchasacha an fhoirm iarratais atá ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne anseo a chomhlánú agus a chur isteach chuig an Roinn ar ríomhphost faoi 3p.m. an 21 Deireadh Fómhair 2020. Cuirfidh an fhaisnéis san fhoirm seo eolas tábhachtach ar fáil do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí agus iad ag léiriú rogha, ceann de phríomhchinntithigh sa chinneadh ar phátrúnacht.
Agus í ag fáiltiú roimh iarratais ó phátrúin/pátrúin ionchasacha inniu, dúirt an tAire Foley:
“Beidh roghanna tuismitheoirí do gach pátrún, ó thuismitheoirí/chaomhnóirí leanaí a bhfuil cónaí orthu sna limistéir phleanála scoile lena mbaineann, mar aon le méid éagsúlachta an tsoláthair atá ar fáil cheana sna réimsí seo, ríthábhachtach sna cinntí a bhainfidh le toradh an phróisis seo. "
Tá córas próiseas pátrúnachta ar líne (CPPL) forbartha chun eolas oibiachtúil a chur ar fáil do gach tuismitheoir agus caomhnóir a thabharfaidh deis dóibh rogha eolach a dhéanamh nuair a bhíonn rogha á léiriú acu ar an tsamhail phátrúnachta is fearr leo d’oideachas a linbh, lena n-áirítear an rogha atá acu dá leanbh oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge nó an Bhéarla. Osclófar an CPPL do roghanna tuismitheoirí go gairid tar éis don phróiseas iarratais pátrúnachta a bheith críochnaithe.
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a fuarthas.
Bunófar na scoileanna de réir na riachtanas agus na gcritéar a fógraíodh ar dtús faoi phátrúnacht scoileanna nua i mí an Mheithimh 2011. Tá na riachtanais agus na critéir seo foilsithe ar láithreán gréasáin na Roinne agus cuirfear iad ar fáil freisin do na hiarratasóirí ionchasacha. Ní mór d’iarratasóirí a dhearbhú go gcomhlíonfaidh siad gach ceann de na riachtanais agus na critéir d’fhonn a n-iarratas a phróiseáil.
CRÍOCH
Na sonraí maidir leis na ceithre iar-bhunscoileanna atá le bunú in 2021 ina bhfuil an próiseas pátrúnachta le tarlú:
Contae | Limistéar/Limistéir Pleanála Scoile ar a mbeifear ag freastal | Méid na Scoile (Daltaí) * |
Corcaigh | Baile an Chollaigh | 600 dalta |
Baile Átha Cliath | Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh & Dún Laoghaire (Réiteach Réigiúnach) | 1,000 dalta |
An Mhí | Dún Seachlainn | 600 dalta |
Loch Garman | Guaire | 500 dalta |
Na chead chéimeanna eile
Tar éis na pátrúin iarratasóra a dhearbhú, osclóidh an Roinn láithreán gréasáin an Chórais um Phróiseas Pátrúnachta ar Líne (CPPL) go gairid do phróiseas pátrúnachta iar-bhunscoileanna 2021. Cuirfidh sé seo eolas oibiachtúil ar fáil do thuismitheoirí a thabharfaidh deis dóibh rogha eolach a dhéanamh nuair a bhíonn rogha á léiriú acu don tsamhail phátrúnachta is fearr leo d’oideachas a linbh.
Ina dhiaidh sin, cuirfidh an Roinn tuarascáil phátrúnachta le chéile do bhreithniu an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) agus cuirfidh an GBSN tuarascáil le moltaí faoi bhráid an Aire dá breithniú.
Suímh na Scoileanna Nua
Leanann an próiseas maidir le suímh a aithint do dhá cheann de na scoileanna.
Maidir leis an scoil i nDún Seachlain, tá féidearthacht á fhiosrú maidir leis an scoil nua a lonnú ar thailte atá á bhfáil faoi láthair ag an Aire.
Maidir leis an scoil atá le freastal ar limistéir phleanála scoile Bhaile an Bhóthair_An Charraig Dhubh & Dún Laoghaire, tá suíomh thart ar 3 acra faighte ag an Roinn don scoil seo ag Ascaill Pháirc an Bhaile Nua, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath, ar a dtugtar “láthair Abilene”. Tá an suíomh sluaite le hiar-bhunscoil nua 1,000 dalta, lena n-áirítear go sonrach ceithre sheomra ranga do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Beidh na roghanna teoranta, mar gheall ar mhéid an láthair, chuig forbairt iar-bhunscoile amháin.
An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua
Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn breithniú déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte.
Is iad baill reatha an GBSN ná:
• Joe Hamill Uasal, Rúnaí ar scor na Roinne Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
• An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann, Scoil an Oideachais, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh;
• An tOllamh Sarah Moore, Ollamh le Teagasc agus Foghlaim, Ollscoil Luimnigh.
Nóta maidir leis na hIarchuir
Eascraíonn an moladh maidir le hiarchuir ó raon tosca, go príomha nár tháinig forbairt chónaithe pleanáilte chun críche go fóill ag na leibhéil a rabhthas ag súil leo in 2018, agus/nó go bhfuil acmhainn sna scoileanna atá ann cheana sa cheantar/chóngaracht a mheastar a bheith leordhóthanach chun freastal ar an éileamh déimeagrafach i 2021, agus dá bhrí sin ní gá do na scoileanna tosú i 2021.
Nóta maidir leis na scoileanna breise
Eascraíonn an moladh maidir le scoileanna breise i limistéir ina meastar go bhfuil leibhéal suntasach éilimh dhéimeagrafaigh do 2021 agus ina dhiaidh sin nach féidir freastal air ó acmhainne sna scoileanna atá ann cheana agus i gcás nach léir go bhfuil sé indéanta, nó oiriúnach ar bhealach eile, cur leis na scoileanna atá ann.
Tá sé beartaithe go ndéanfar pleanáil sa chéad chéim de na scoileanna seo do 500 nó 600 áit le soláthar do leathnú na scoileanna go 1,000 áit i dtréimhsí todhchaí chun freastal ar fhás breise a d’fhéadfadh teacht chun cinn ó fhorbairt leanúnach na limistéar seo, mar shampla de réir mar a dhéantar infreastruchtúr nó forbairt thithíochta a rolladh amach do Tionscadal Éireann 2040.