Tugann an tAire Foley cuireadh do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo le haghaidh ceithre iar-bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thug Norma Foley TD, an tAire Oideachais, cuireadh do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo le haghaidh ceithre iar-bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021.
Dúirt an tAire Foley:
“Is tréimhse neamhghnách dhúshlánach í seo do phátrúin scoile agus do phobail scoile. Tá sé tábhachtach gur ar an mbealach is normálta is féidir a sheoltar an próiseas pátrúnachta do na hiar-bhunscoileanna atá le hoscailt sa bhliain 2021, áit a dtugtar an deis do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo.”
Iarrtar ar thuismitheoirí a roghanna pátrúnachta a chur in iúl ach suíomh Gréasáin na Roinne don Chóras Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a úsáid. Forbraíodh an córas sin chun faisnéis oibiachtúil a thabhairt do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus iad ag cur in iúl cén tsamhail pátrúnachta agus teanga theagaisc ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh.
Is féidir an Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a rochtain ag: anseo
Beidh sé beo go dtí 9am an 16 Samhain.
Freastalóidh na ceithre iar-bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021 ar na limistéir pleanála scoile seo a leanas:
Tagann an cuireadh a tugadh inniu sna sála ar an bhfógra a rinneadh sa bhliain 2018 á rá go mbunófaí 47 scoil nua chun freastal ar fhás déimeagrafach thar an tréimhse ceithre bliana ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2022.
Cinneadh na scoileanna beartaithe nua sin ar bhonn cleachtadh réamhphleanála náisiúnta a sheol an Roinn ar an riachtanas a bheidh ann amach anseo le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna ar fud na tíre.
Tiocfaidh an próiseas pátrúnachta deiridh ag 9am an 16 Samhain 2020.
Cuirfear ar siúl an bhliain seo chugainn an próiseas pátrúnachta le haghaidh na scoileanna atá le bunú sa bhliain 2022.
Beidh tuismitheoirí a mbeidh a leanaí ag tosú na chéad bhliana ar an iar-bhunscoil idir na blianta 2021 agus 2025 agus atá ina gcónaí sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann i dteideal a roghanna a chur in iúl sa suirbhé ar líne.
Agus í ag tabhairt cuireadh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar spéis leo déanamh amhlaidh a roghanna a chur in iúl, dúirt an tAire Foley:
“Is deis iontach í seo do thuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl agus cabhrú leis an oideachas amach anseo a mhúnlú. Molaim do thuismitheoirí le leanaí incháilithe sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann féachaint ar na roghanna pátrúnachta atá ar fáil dóibh agus páirt a ghlacadh sa suirbhé.
"Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar thoradh an phróisis sin, tabharfar aird ghrinn ar na roghanna atá curtha in iúl acu agus ar mhéid na héagsúlachta atá ar fáil ag an am sna limistéir sin.”
Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua, ar grúpa neamhspleách é, a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa sin sa bhliain 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht scoileanna nua.
CRÍOCH
Cé na scoileanna nua atá le bunú sa bhliain 2021?
• Baile an Chollaigh
• Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh agus Dún Laoghaire
• Dún Seachlainn
• Guaire
Cé hiad na Pátrúin is Iarratasóir do gach scoil?
Baile an Chollaigh
• An Foras Pátrúnachta
• Iontaobhas Scoileanna Le Chéile
Baile an Bhóthair_An Charraig Dhubh agus Dún Laoghaire (réiteach réigiúnach)
• An Foras Pátrúnachta
• Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire
• Oideachas Le Chéile
Dún Seachlainn
• An Foras Pátrúnachta
• Ceist CLG
• Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí
Guaire
• Ceist CLG
• Oideachas Le Chéile
• Bord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman
Cad is Réiteach Réigiúnach ann?
Is féidir cinneadh a dhéanamh go mbunófaí scoil nua i gcás go dtugann méaduithe déimeagrafacha comhcheangailte sa réigiún le fios go bhfuil éileamh leordhóthanach ann ar scoil inmharthana, cé nach údar le scoil nua a sholáthar é fás réamh-mheasta i limistéar pleanála scoile ar leith ina aonar. Maidir leis na scoileanna sin a shainaithnítear a bheith ina Réitigh Réigiúnacha, tá sé beartaithe go bhfreastalóidh siad ar níos mó ná limistéar pleanála scoile amháin.
Cad is an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua ann?
Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa sin sa bhliain 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht na scoileanna nua, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil arna hullmhú ag an Roinn ar na hiarratais arna bhfáil.
Is iad seo na baill reatha den Ghrúpa:
• An tUas. Joe Hamill, IarArd-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
• An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh;
• An tOllamh Sarah Moore, Ollamh le Teagasc agus Foghlaim, Ollscoil Luimnigh.
Cad é an Chéad Chéim Eile?
Tabharfar faisnéis oibiachtúil ar shuíomh Gréasáin an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne do gach tuismitheoir chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus iad ag cur in iúl cén tsamhail pátrúnachta agus teanga theagaisc ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh. Beidh an suirbhé ar oscailt go dtí 9am an 16 Samhain 2020.
Ar dhúnadh an tsuirbhé, ullmhóidh an Roinn tuarascáil lena breithniú ag an nGrúpa um Bunú Scoileanna Nua agus cuirfidh an Grúpa sin tuarascáil isteach ina gcuimseofar moltaí lena breithniú ag an Aire.