Tugann an tAire Hackett an rath a bhí ar Thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (an CEN) um Fheirmeoireacht agus Pobail Bhrataí Goirme Dhún Canann
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thaistil an tAire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa, inné go Dún Canann chun comhghairdeas a dhéanamh le roinnt feirmeoirí ansin i ngeall ar na feabhsúcháin éachtacha a rinne siad i dtaobh dul i ngleic le cáilíocht an uisce sa chuid álainn seo de Chontae Loch Garman. Léiríonn staidéar go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar an líon baictéar in dhá shruth a shníonn isteach san fharraige le linn Thionscadal Nuálaíochta Dhún Canann a chistigh an Roinn a mhair dhá go leith bliain agus tugann measúnuithe éiceolaíochta gur tháinig méadú lena linn sin freisin ar go leor speicis mhaicrinveirteabracha atá íogair ó thaobh truailliú de.
Dúirt an tAire, agus béim á leagan aici gur bunaíodh an tionscadal inar ghlac na feirmeoirí páirt chun cur leis an stádas Brataí Goirme a bhaint amach arís agus a choimeád go fadtéarmach ag trá Dhún Canann, Contae Loch Garman,
“Táim an-bhródúil as an rannchuidiú a thug na feirmeoirí agus mo Roinn chun feabhas a chur ar cháilíocht bhaictéarach an dá shrutha cósta a shreabhann isteach ar an trá anseo. Cé gur chamras ba chúis leis gur baineadh an Bhratach Ghorm de thrá Dhún Canann in 2007, ba shaincheisteanna iad cothaithigh agus dríodair ó úsáid talmhaíochta freisin. Ábhar sásaimh dom, dá bharr, cuairt a thabhairt agus bheith curtha ar an eolas faoin bhfeabhas a tháinig ar cháilíocht an uisce agus ar an méadú ar speicis a d’fhill.”
Bhronn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara €550,000 ar an tionscadal a cuireadh ar siúl i gcomhoibriú le Comhairle Contae Loch Garman faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe, agus úsáid á baint as samhail Thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (an CEN).
Cuireadh bainisteoir inbhuanaitheachta lánaimseartha ar fáil d’fheirmeoirí áitiúla a chabhraigh lena bpleananna Crios Féideartha Truaillithe (CFT) agus a mhínigh conas a d’fhéadfaí déileáil le foinsí truaillithe. Cuireadh bearta éagsúla i bhfeidhm ar nós sruthchúrsaí a fhálú, ciumhaiseanna féir churaíochta a fhás taobh leis na sruthanna, umair uisce a bhogadh, stráicí fada fálta dúchasacha, agus pleanáil bainistíochta cothaithigh bhreise a chur i bhfeidhm. Is léir go raibh an rath air mar gheall gur tháinig feabhas ar cháilíocht an uisce agus gur fhill go leor speicis mhaicrinveirteabracha ar na sruthanna.
Le linn a cuairte, labhair an tAire Hackett le feirmeoirí áitiúla agus leis an bhfoireann tionscadail. Luaigh sí,
“Is iontach an comhbhród a thabhairt faoi deara a théann i méid trí thionscadail cosúil leis an gceann seo, tionscadail a cheadaíonn d’fheirmeoirí oibriú lena chéile agus lena bpobail. Is féidir leat an bhraistint úinéireachta, freagrachta agus tuisceana áitiúla ar an timpeallacht uisce áitiúil a mhothú. Is cinnte gur chabhraigh é sin, agus an caidreamh dearfach ar léir gurb ann dó idir feirmeoirí agus a bpobal anseo, leis an tionscadal seo an rath a bhaint amach a rinne sé.”
Cuireadh an tAire Hackett ar an eolas ar conas a thug an laghdú ar thruailliú ó fhoinsí talmhaíochta foinsí eile d’éilliú baictéarach chun solais agus ar chuir Uisce Éireann dlús faoin bpleanáil le haghaidh córas cóireála fuíolluisce cathrach don cheantar go dtí an bhliain 2021.
“Dea-nuacht amach agus amach don cheantar ardscéimhe seo ar Inbhear na Bearú é dáta tosaithe an ionaid a thabhairt chun cinn”, a dúirt an tAire Hackett, agus “Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hUisce Éireann as sin agus déanaim comhghairdeas le foireann Chomhairle Contae Loch Garman as na gnéithe go léir a bhainistiú agus as an tionscadal a thabhairt chomh fada seo chun cinn. Is eol dom nach bhfuil sé críochnaithe ach tá torthaí iontacha á léiriú ag an gcur chuige comhoibritheach agus táim cinnte gur féidir le Dún Canann súil a bheith lena Stádas Brataí Goirme a bhaint amach arís gairid go leor amach anseo.”
Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman, Tom Enright, an méid seo a leanas idir an dá linn:
“Tá gliondar croí orainn ag oibriú i gcomhar leis an Roinn Talmhaíochta ar an tionscadal comhshaoil tábhachtach seo. Ba é ba chúis leis an rath a bhí ar chlár an CEN go dtí seo an cur chuige comhoibritheach a ghlac na príomhpháirtithe leasmhara, a oibríonn go díreach le feirmeoirí sa phobal ar mhaithe le leas an phobail áitiúil agus na timpeallachta níos fairsinge. Chabhraigh an tionscadal go dtí seo leis an méid éilliú baictéarach san uisce a laghdú sa cheantar agus tá súil againn go leantar leis an gcur chuige comhoibritheach amach anseo.”
Tá Tionscadal seo an CEN ar aon dul le Plean Gníomhaíochta na Roinne 2021 a lorgaíonn chun buntacú leis an ngeilleagar tuaithe agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a bharrfheabhsú.
Nótaí don Eagarthóir:
Beart comhair faoi Airteagal 35(1) den rialachán é Tionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (an CEN) faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2014-2020 (an CFT). Cuireann na scéimeanna seo atá á stiúradh go háitiúil réitigh áitiúla chun cinn ar shaincheisteanna ar leith agus baineann Grúpaí Oibríochtúla a bhunú leo chun smaointe a fhorbairt, nó chun smaointe/taighde a fhiosrú agus iad a chur i gcleachtas trí dhul i ngleic le hoibriú i dtreo fadhb phraiticiúil a réiteach. Tá 24 tionscadal á n-oibriú cheana féin faoi thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil.
Is féidir teacht ar eolas ar thionscnamh na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag DAFM - European Innovation Partnership nó trí theagmháil a dhéanamh le eip@agriculture.gov.ie
Is féidir féachaint ar Ráiteas Straitéise (2021-2024) agus Plean Gníomhaíochta 2021 na Roinne ar láithreán gréasáin na Roinne ag an seoladh seo a leanas: www.gov.ie/en/publication/a9d51-statement-of-strategy-2021-2024/
CRÍOCH