Tugann an tAire McConalogue cuairt ar Dhaingean Uí Chúis, an Fhianait agus ar an gCromán
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leanann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., lena shraith cuairteanna ar roinnt de phríomhchuanta iascaigh na hÉireann. Chas an tAire inné agus inniu le hiascairí, eagraíochtaí iascaireachta agus páirtithe leasmhara eile nuair a thug sé cuairt ar Dhaingean Uí Chúis, an Fhianait agus ar an gCromán i gContae Chiarraí. Tugtar na cuairteanna seo tar éis go raibh an tAire ar turais i rith an tsamhraidh chuig Binn Éadair, Cé na Cille Móire, Dún Mór, na Cealla Beaga, Bréantrá agus Baile Chaisleáin Bhéarra.
Chas an tAire san Fhianait le hiascairí áitiúla chun plé a dhéanamh ar cheisteanna iascaireachta. Chuir Foras na Mara agus páirtithe leasmhara áitiúla an t-eolas is déanaí ar fáil don Aire ar thionscnaimh agus bearta caomhantais do ghliomach fionnuisce feadh imeallbhord Chontae Chiarraí agus cuntas ar bhearta cosanta don Bhráthair, an Scolabard agus Roic i gceantar Bhá Thrá Lí. Tá comhairliúchán poiblí ar siúl ar iascaigh an ghliomaigh fionnuisce ón 5 Lúnasa, chun dearcthaí a bhailiú ar bhearta atá dírithe ar dheireadh a chur le speicis i mbaol a sheachghabháil agus iarracht á déanamh i gcomhthráth le todhchaí inmharthana agus inbhuanaithe don iascach a bhaint amach. Cuireadh an comhairliúchán i gcrích inné, an 16 Meán Fómhair.
Thaistil an tAire go Daingean Uí Chúis um thráthnóna, áit ar thug sé cuairt ar Ionad Iascaigh Cuain Dhaingean Uí Chúis agus ar chas sé leis an Máistir Cuain. Infheistíodh €17.4 milliún ó 2010 in Ionad Iascaigh Cuain Dhaingean Uí Chúis a fhorbairt agus a chothabháil faoi Chlár Caipitil Bhonneagar Cósta Clár Caipitil na Roinne.
Chas an tAire i nDaingean Uí Chúis le hiascairí agus ionadaithe áitiúla na hearnála bia mara agus na hearnála muirí níos fairsinge freisin, Mol Nuálaíochta Dhaingean Uí Chúis agus Uisceadán Dhaingean Uí Chúis san áireamh. Chas an tAire sa Chromán le agus d’éist sé le dearcthaí an phobail áitiúil maidir le háis cuir i dtír.
Ag labhairt dó faoi na cuairteanna, dúirt an tAire McConalogue:
“Chuir mé cruinnithe tairbhiúla ar siúl le hiascairí, feirmeoirí dobharshaothraithe agus páirtithe leasmhara eile i rith mo chuairte go Ciarraí inniu, agus gabhaim buíochas le gach duine as casadh liom chun plé a dhéanamh ar cheisteanna lena mbaineann tábhacht dá bpobail. Is deis iontach é dom éisteacht go díreach le páirtithe leasmhara muirí a bhfuil baint lárnach acu i mbeocht fhadtéarmach á bpobal chósta."
CRÍOCH