Tugann an tAire Heydon rannpháirt i gCruinniú Mullaigh MNTA chun deiridh
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a bhfuil freagracht speisialta air as taighde agus nuálaíocht, Martin Heydon T.D. béim ar iarrachtaí na hÉireann a bheith ceannródaíoch i dtaobh Córais Bhia Inbhuanaithe ag an Misean Nuálaíochta Talmhaíochta don Aeráid (MNTA) a reáchtáladh in Washington D.C.
Ag breathnú siar ar an ócáid, cloch mhíle thábhachtach roimh Chomhdháil na bPáirtithe (CP) 28 a reáchtálfar in Dubai Mí na Samhna seo chugainn, dúirt an tAire Heydon:
“Tá níos mó ná 500 comhpháirtí i ndiaidh teacht le chéile faoi thionscnamh MNTA chun tuilleadh infheistíochta agus tacaíochta a ghealladh do thaighde ar thalmhaíocht agus ar chórais bhia a bhaineann le haeráid in am nuair atá slándáil an tsoláthair bhia ag dul in olcas ar fud an domhain. Is léiriú é ar an tiomantas domhanda chun nuálaíocht a ghéarú agus chun réitigh infheidhmithe a fhorbairt.”
Bhí sraith de chruinnithe déthaobhacha ag an Aire Heydon i gcaitheamh an chruinnithe mullaigh, lena n-áirítear:
Chuir an tAire Heydon leis an méid seo ag rá:
“Deis thábhachtach ab ea na teagmhálacha seo chun béim a leagan ar an obair shuntasach atá á déanamh in Éirinn nuálaíocht a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus ar sheasmhacht an tsoláthair bhia. Leis an taithí seo a roinnt, tá súil againn ról tábhachtach a imirt i dtaca le claochlú domhanda na gcóras bia, rud a rachaidh chun sochair gach duine.”
Le linn an Chruinnithe Mullaigh, tugadh cuireadh d'Éirinn a bheith rannpháirteach sa seisiún fuascailte faoi threorú an AE ar shláinte ithreach chun dul i ngleic le hathrú aeráide. Thagair an Dr. Karen Daly ó Theagasc do na dúshláin phraiticiúla a bhaineann le monatóireacht agus deimhniú a dhéanamh ar leithlisiú carbóin in ithir, agus dhírigh an tAire ar thábhacht na sláinte ithreach i leithlisiú carbóin, i mbia dlúthchothaitheach a tháirgeadh, i dtacaíocht don bhithéagsúlacht agus i seasmhacht a dheimhniú i gcoinne an athraithe aeráide.
D'óstáil an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara seisiún ag an gCruinniú Mullaigh darbh ainm
“Léiriú Domhain ar Chlaochlú na hEarnála Agraibhia in Éirinn” a bhí faoi cheannas an Aire.
I dtús a chuid cainte, dúirt an tAire Heydon “tá comhfhreagracht ann chun éilimh iomaíocha úsáide talún a fhreagairt agus a dheimhniú go bhfuil ár gcórais táirgthe bia ag táirgeadh bia ach le níos lú astuithe chun cuspóirí Inbhuanaitheachta an NA a chomhlíonadh i dtaca le haghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus ocras a dhíothú.”
"Is é freagra na ceiste ná an nuálaíocht, ach ní mór na nuálaíochtaí seo a chur i bhfeidhm. Chun cabhrú le conair bhrostaithe a chur chun feidhme, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i ndiaidh dul i gcomhpháirtíocht le Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide (Climate KIC) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) chun tacú le gníomhú náisiúnta ar son na haeráide san earnáil talmhaíochta.”
Ina ráiteas deiridh faoin gcruinniú mullaigh, dúirt an tAire Heydon
"Táim muiníneach go gcomhlíonfaidh an pobal talmhaíochta a gcuid gealltanas agus an domhan uile ag tógáil bóthar na neodrachta carbóin orainn féin: deimhneoidh nuálaíocht eolaíochta go bhforbróimid ár gcórais táirgthe bia chun leanúint orthu ag táirgeadh bia ar bhealach atá níos inbhuanaithe. Cuireann comhpháirtíochtaí ar nós MNTA ardán ar fáil dúinn chun ár n-iarrachtaí a thabhairt le chéile ar bhonn idirnáisiúnta, chun ár réitigh a roinnt leis an domhan trí chéile chun teacht ar chonair aistrithe atá inchreidte, inmharthana d'fheirmeoirí ar bhonn eacnamaíoch agus a thabharfaidh gach duine linn."
o Le chéile, leag Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023 de chuid Éireann agus Straitéis na Físe don Bhia 2030 pleananna uaillmhianacha amach don earnáil agraibhia. Is í an sprioc ná astaíochtaí a laghdú 25% faoi 2030, agus neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050. Beidh cuir chuige nua agus nuálacha ag teastáil ó gach duine sa tionscal agus sa tír trí chéile chun an méid seo a bhaint amach. Caithfidh Éire smaointeoireacht agus cuir chuige nua a dhaingniú san earnáil chun spriocanna a chomhlíonadh agus earnáil rathúil a bheith aici ag an am céanna.
o Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in Éirinn i ndiaidh dul i gcomhpháirtíocht le Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht – an chomhpháirtíocht nuálaíochta aeráide is mó san Eoraip - chun obair leis na páirtithe leasmhara príobháideacha agus poiblí san earnáil agraibhia in Éirinn agus chun cabhrú le conair bhrostaithe gníomhaithe aeráide a chur i bhfeidhm.
o Tá Pobal Eolais agus Nuálaíochta Aeráide ag cur a saineolais idirnáisiúnta ar nuálaíocht aeráide agus athrú córais le chéile le heolas áitiúil agus eagraíochtaí áitiúla chun tacú leis an earnáil agraibhia teacht faoi bhláth agus cuspóirí aeráide dúshlánacha de chuid na hearnála a chomhlíonadh ag an am céanna.