Tugann an tAire McConalogue aitheantas do dhul chun cinn Fhóram na bPáirtithe Leasmhara Eitinne
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Thionóil Fóram na bPáirtithe Leasmhara Eitinne Bólachta a 15ú cruinniú Dé Máirt an 18 Deireadh Fómhair 2022 ag Campas Bhacastúin agus tugadh breac-chuntas ar an dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le rátaí minicíochta a laghdú.
Agus machnamh á dhéanamh ar chomhoibriú rathúil Fhóram na bPáirtithe Leasmhara Eitinne Bólachta, dúirt an tAire McConalogue:
“Tuigim go maith an brú airgeadais agus mothúchánach a bhaineann le cliseadh eitinne. Táim tiomanta do rátaí eitinne a ísliú tuilleadh. Tá dul chun cinn dáiríre agus iarmhartach á dhéanamh ag samhail chomhoibríoch an Fhóraim; tá laghdú ag teacht ar mhinicíocht tréada i mbliana, agus tá ról ríthábhachtach le himirt ag feirmeoirí, tréidlianna, eolaithe, mo Roinnse agus na páirtithe leasmhara eile go léir i gcónaí. Tá an turas amach romhainn dúshlánach, ach mar gheall ar chomhoibriú mar seo is féidir an turas seo a thaisteal le chéile go rathúil”.
Ag labhairt dó ar chur i bhfeidhm na straitéise a sheol sé i mí Eanáir 2021, dúirt an tAire:
“Bhí moltaí an Fhóraim ríthábhachtach maidir le beartais a fhorbairt a d'fhéadfadh cabhrú le heitinn a laghdú agus deireadh a chur léi ar deireadh thiar thall. Tá cuid de mholtaí an Fhóraim á gcur i bhfeidhm cheana féin, amhail an t-athrú ar bheartas maidir le hainmhithe neamhchinnte, tacaíocht bhreise do rialú fiadhúlra agus vacsaíniú broic. Tá siad sin ag cabhrú le leibhéil mhinicíochta tréada a laghdú. Ag deireadh 2021 b'ionann minicíocht tréada agus 4.33%, agus ag deireadh R3 2022 tá laghdú tagtha ar mhinicíocht tréada go dtí 4.12%. Mholfainn don Fhóram leanúint lena fheachtas uaillmhianach i dtreo dhíothú na heitinne sna blianta amach romhainn”.
“Tá áthas orm freisin a fhógairt gur bunaíodh Grúpa Straitéise Bainistíochta Fianna nua, i gcomhar le Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, a mbeidh Teddy Cashman ina chathaoirleach air”.
Ag cur béime ar a thábhachtaí atá sé tógáil ar an dul chun cinn go dtí seo, d'áitigh an tAire ar pháirtithe leasmhara leanúint le bearta a fhorbairt a d'fhéadfadh cabhrú le deireadh a chur le heitinn.