Tugann an tAire McConalogue an Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia chun cinn go dtí an dara céim den phróiseas reachtaíochta
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bainfidh an Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia garsprioc eile amach inniu, nuair a thugann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D., díospóireacht an Dara Céim ar an mBille isteach i nDáil Éireann.
Foráiltear sa Bhille do chomhlacht reachtúil nua neamhspleách a bhunú, an Rialálaí Agraibhia, nó an Agri Food Regulator, a chuirfidh cothroime agus trédhearcacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia chun cinn.
Beidh cumhachtaí ag an Rialálaí Agraibhia fíneálacha a mhéid le €10m a ghearradh ar cheannaitheoirí, miondíoltóirí, táirgeoirí agus próiseálaithe bia ina measc, a thugann faoi chleachtais trádála éagóracha le feirmeoirí agus soláthraithe eile. Beidh cumhachtaí ag an oifig sáruithe cosúil le híocaíochtaí déanacha le soláthraithe, rúin cheirde a mhí-úsáid, díoltas tráchtála agus athruithe aontaobhacha ar chonradh a imscrúdú.
Dúirt an tAire McConalogue,
“Tá gliondar croí orm gur bhain an Bille um Shlabhra an tSoláthair Talmhaíochta agus Bia an dara céim seo den phróiseas reachtaíochta amach. Cinnteoidh an Bille go bhfuil cosaint ann d’fheirmeoirí, iascairí, saothraithe agus gnólachtaí beaga a oibríonn san earnáil agraibhia in aghaidh cleachtais éagóracha trádála, agus cuirfidh sé trédhearcacht níos fearr ar fáil sa slabhra soláthair trí thabhairt faoi anailís agus tuairisciú ar phraghas agus ar an margadh.
“Tá súil agam gur féidir achtú an Bhille seo a chur chun cinn gan moill mhíchuí agus gur féidir an Rialálaí Agraibhia seo, a bhfuil géarghá leis, a bhunú. Teastaíonn uaim go dtacóidh an oifig seo go láidir lenár dtáirgeoirí tosaigh - feirmeoirí, iascairí agus táirgeoirí bia na hÉireann. Cuirfidh an oifig trédhearcacht bhreise ar fáil do gach céim den slabhra soláthair.
“Tá mo Roinn ag oibriú, i gcomhthráth leis an reachtaíocht seo, chun an próiseas a chur i gcrích chun ceapacháin le ról POF don Oifig nua, tar éis gur cuireadh próiseas iomaíoch oscailte ar bun le déanaí, agus déanfar fógra ina leith seo in am agus i dtráth. Déanfaidh mo Roinn idirchaidreamh freisin lenár mBoird Stáit (cuid den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí) chun tús a chur leis an bpróiseas chun Bord na hOifige nua a roghnú.”
Beartaíonn an Bille go dtabharfaidh an Rialálaí faoi anailís ar phraghas agus ar an margadh agus faoi fheidhm thuairiscithe chun cabhrú le trédhearcacht níos fearr a sholáthar don slabhra soláthair talmhaíochta agus bia agus go gcuirfidh an Rialálaí dlí trádála éagóraí agraibhia i bhfeidhm, bheith ainmnithe san áireamh mar an tÚdarás Forfheidhmiúcháin náisiúnta do Threoir 2019/633 maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála.
Tá sonraí breise, agus téacs an Bhille, mar ar cuireadh tús leis, ar fáil anseo.