Tugann McConalogue rabhadh faoi dhúshláin atá amach romhainn i ndiaidh gur cuireadh cainteanna faoin gComhbheartas Talmhaíochta ar fionraí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I ndiaidh cainteanna sa Bhruiséil faoin CBT a mhair trí lá, dúirt an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil plé dúshlánach amach romhainn san iarracht leanúnach atá á déanamh comhaontú a bhaint amach idir na hinstitiúidí Eorpacha maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta amach anseo.
Ag trácht dó tar éis gur cuireadh an idirbheartaíocht thrípháirteach sa Bhruiséil ar maidin ar fionraí, dúirt an tAire, "Is mór an díomá atá orm nár baineadh comhaontú amach an tseachtain seo ar an CBT mar gheall gur oibrigh mé féin, agus mo chomhghleacaithe i gComhairle na nAirí, go dian dícheallach le hamhlaidh a dhéanamh. Bhí an tréimhse cúpla lá anuas an-dúshlánach. Léirigh an Chomhairle a toilteanas idirbheartaíocht a dhéanamh agus comhréiteach a lorg a cheadóidh creat nua an CBT a thabhairt chun críche. Teastaíonn seo ónár bhfeirmeoirí, agus táimid ar an ngannchuid ó thaobh ama de go mbeidh sé i bhfeidhm faoi Eanáir 2023 – agus caithfidh sé a bheith i bhfeidhm faoin tráth sin, níl an dara rogha ann. Ní mór dúinn a chinntiú, áfach, go gcuirimid CBT ar fáil a mbeidh an tsolúbthacht is mó aige go mbeimid in ann ár gcinntí féin a dhéanamh.”
Ag trácht dó ar chonclúid na gcainteanna, dúirt an tAire, “Níor fhéidir comhaontú a bhaint amach, ar an drochuair, le Parlaimint na hEorpa an tseachtain seo. Is soiléir nach bhfuil an dá thaobh ar aon intinn faoi réimse saincheisteanna, riachtanais choinníollachta, an díriú ar thacaíocht (coinbhéirseacht inmheánach agus athdháileadh éigeantach íocaíochtaí díreacha san áireamh), imfhálú agus caiteachas cistiú scéimeanna éiceolaíochta, agus an toise shóisialta ina measc. Is casta agus is deacair na saincheisteanna seo a réiteach agus beidh comhréiteach le baint amach ina dtaobh. Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid amhlaidh, chun an tsoiléireacht a sholáthar a theastaíonn ó fheirmeoirí agus Ballstáit faoi na socruithe a bheidh i gceist ó Eanáir 2023."
Leag an tAire an bhéim air go leanfaidh sé a bheith tiomanta don phróiseas, agus ar an ngá atá le honóir a léiriú ar phrionsabal choimhdeacht na mBallstát i mbuntograí an Choimisiúin.
Luaigh sé, “Leanfaidh mé ag oibriú le mo chomhghleacaithe sa Chomhairle chun an tsolúbthacht uasta a lorg do Bhallstáit chun an CBT nua a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí agus is cuí dá gcúinsí náisiúnta. Seo an bealach a bhainfimid amach an dá aidhm lena mbaineann tacú le forbairt na hearnála agus a bhainfimid an leibhéal uaillmhéine amach i dtaobh na haeráide agus an timpeallachta a theastaíonn."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire, "Táim ag tnúth le hatosú na gcainteanna a luaithe agus is féidir, agus go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa le cur chuige cuiditheach agus pragmatach a chabhróidh le comhaontú a bhaint amach. Is iomaí cor atá sa bhóthar amach romhainn ach ní mór dúinn go léir an ceann scríbe a bhaint amach."