Tuilleadh beart pleanála don gheimhreadh fógartha ag an Aire Donnelly
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Inniu (Dé Máirt) d’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go mbeifear ag cur síneadh le híocaíochtaí speisialta na ndochtúirí teaghlaigh lena chinntiú go mbeifear in ann leanúint le comhairliúcháin COVID-19 a chur ar fáil saor in aisce do gach duine. Chomh maith leis sin, dheimhnigh an tAire go mbeidh clár leathnaithe vacsaínithe don fhliú á rolladh amach san fhómhar.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
"Tá ról lárnach ag dochtúirí teaghlaigh inár gcur chuige maidir le déileáil le COVID-19. Is léir go bhfuil siad tiomanta oibriú le FSS agus leis an tseirbhís sláinte trí chéile ar mhaithe lena gcuid othar, agus is léir go bhfuil siad toilteanach éifeacht COVID-19 ar a gcuid clinicí a bhainistiú ar bhealach solúbtha.
"Tá a fhios againn go bhfuil ról lárnach ag aimsiú luath cásanna COVID-19 sa ghalar a bhrú faoi chois sa phobal, agus go bhfuil ról níos lárnaí fós aige ó tharla an geimhreadh a bheith ag teannadh linn, agus tá áthas orm go gcuirfidh an tacaíocht seo ar chumas dochtúirí teaghlaigh leanúint le comhairliúcháin COVID-19 a chur ar fáil saor in aisce dá gcuid othar.
"Is den tábhacht é nach gcuireann costas bac ar dhuine ar bith tástáil a fháil, agus is mian liom a chur in iúl do dhaoine nach mbeidh táille le híoc as comhairliúchán teileafóin le do dhochtúir teaghlaigh má chinneann tú tástáil a dhéanamh. Beidh an tástáil COVID-19 agus aon chóir leighis a theastóidh uait san ospidéal ar fáil saor in aisce chomh maith.
"Má tá aon siomptóim de COVID-19 ort, féin-aonraigh agus glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh láithreach chun tástáil a eagrú. Áirítear i measc na siomptóm fiabhras, aon chineál casachta, gearranáil nó deacrachtaí anála, cumas bolaidh nó blais a chailleadh nó athrú ar bith ar do chumas bolaidh nó blais nó aon siomptóim a bhaineann leis an bhfliú."
Mar chuid de phleananna na hÉireann maireachtáil le COVID-19, agus sa bhreis ar chomhairliúcháin saor in aisce le dochtúirí teaghlaigh agus tástáil, tá clár leathnaithe vacsaínithe don fhliú bunaithe. Is é atá mar aidhm leis seo ár sochaí agus ár seirbhís sláinte a chosaint ó aon bhorradh i líon na gcásanna de COVID-19 a bheith ag tarlú ag an am céanna le borradh i líon na n-ionfhabhtuithe den fhliú.
Is é atá mar aidhm leis an gclár leathnaithe scaipeadh an fhliú sa phobal a laghdú agus líon na n-othar atá ag triall ar an ospidéal mar gheall ar an bhfliú a laghdú trí bhreis vacsaínithe i measc grúpaí leochaileacha.
Beidh rochtain ag na grúpaí sin ar fad atá i mbaol, lena n-áirítear oibrithe cúraim sláinte, ar an vacsaín agus ní bheidh táille le híoc acu. Chomh maith leis sin, beidh rochtain ag gach leanbh idir 2 agus 12 bhliain d’aois, na blianta sin san áireamh, ar vacsaín agus ní bheidh táillí le n-íoc. Tabharfar an vacsaín do leanaí trí bhraonta sróine seachas instealladh.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
"Beidh ar an tseirbhís sláinte déileáil le tréimhse dhúshlánach an gheimhridh, i lár paindéim dhomhanda. Is den tábhacht é go ndéanaimid ar fad iarracht an tionchar ar an tseirbhís sláinte a laghdú sna míonna amach romhainn.
"Má laghdaítear an tionchar sin agus má chosnaítear na daoine is leochailí sa tsochaí beidh deis ag gach duine a dteastaíonn an vacsaín uathu an vacsaín fliú a fháil, agus tá tús á chur leis na hiarrachtaí seo tríd an vacsaín a chur ar fáil saor in aisce do gach duine sna grúpaí atá i mbaol. Tá obair mhór déanta ag dochtúirí teaghlaigh, cógaiseoirí agus a gcomhaltaí foirne chun tacú le agus aire a thabhairt dá gcuid othar i rith na paindéime seo. Gné lárnach eile den obair sin é an vacsaín fliú a riar.
"Beidh an vacsaín ar fáil ó do dhochtúir teaghlaigh nó ó do chógaiseoir, agus mholfainn do gach duine an vacsaín a fháil an geimhreadh seo."
Seachas sin, tá moill bheag ar sheachadadh vacsaín fliú amháin ón déantúsóir. Is dócha gur moill coicíse a bheidh i gceist, agus tá tionchar ag an moill seo ar gach custaiméir ar fud an domhain, ní hamháin in Éirinn. Moill riaracháin is cúis leis, agus níl aon fhadhb le déantús nó caighdeán na vacsaíne.
Beidh na dáileoga d’Éirinn sa chéad bhaisc den vacsaín a chuirfear ar fáil.
Pointe tábhachtach is ea nach bhfuil aon éifeacht aige seo ar sheachadadh na vacsaíne do leanaí, atá á chur ar fáil ag déantúsóir difriúil.
CRÍOCH